Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
gealltanas-tugtha-ag-rte-go-gcraolfar-nios-mo-clar-gaeilge-in-ainneoin-na-gciorruithe

Gealltanas tugtha ag RTÉ go gcraolfar níos mó clár Gaeilge in ainneoin na gciorruithe

| tuairisc | ,

Tá geallta ag RTÉ go gcuirfear le líon na gcláracha Gaeilge a bhíonn á gcraoladh acu.

I straitéis nua an chraoltóra a seoladh inné, déantar cur síos ar an phlean atá ag Ardstiúrthóir RTÉ Kevin Bakhurst don eagraíocht agus laghdú 20% le déanamh ar an fhoireann faoi 2028.

Ach cé go bhfuil ciorruithe móra beartaithe san eagraíocht, deirtear sa phlean nua Treo Nua RTÉ go gcuirfidh an craoltóir le “líon na n-uaireanta an chloig de chláracha Gaeilge” a bhíonn á gcraoladh acu agus go gcuirfear ábhar Gaeilge chun cinn “go fonnmhar” ar an uile ardán.

Tá iarracht ar bun ag RTÉ cur le líon na gclár Gaeilge ó chinn an coimisinéir teanga gur sháraigh an craoltóir an dlí craolacháin maidir lena dhualgas i leith na Gaeilge agus 99.3% dá sceideal teilifíse i mBéarla amháin.

Dúirt an t-iarchoimisinéir teanga Rónán Ó Domhnaill anuraidh go raibh “go leor oibre le déanamh fós” ag RTÉ chun a dhualgais reachtúla i leith na Gaeilge a chomhlíonadh, cé go ndúirt sé go raibh dul chun cinn déanta ag an chraoltóir.

Ag cruinniú speisialta leis an fhoireann faoin straitéis nua, dúirt Ardstiúrthóir RTÉ Kevin Bakhurst inné go raibh “an-tábhacht” ag baint le Raidió na Gaeltachta agus go mbeadh infheistíocht á déanamh in RnaG agus in Lyric FM, seirbhísí atá  “lárnach” do RTÉ mar chraoltóir poiblí.

Eagraíocht níos lú a bheas in RTÉ  feasta, a deirtear. Beidh laghdú 20% – 400 post – le déanamh ar fhoireann an chraoltóra sna ceithre bliana amach romhainn. Déanfar an chéad chiorrú  – 40 post – go luath. Costas €40 milliún ar fad atá á lua leis an scéim iomarcaíochta deonaí.

Dúradh ag an chruinniú inné go bhfuil 150 duine san eagraíocht ag an aois go bhféadfaidís dul ar scor.

In ainneoin na ngealltanas faoin nGaeilge, tá imní agus éiginnteacht i measc lucht craoltóireachta na Gaeilge faoi na ciorruithe atá beartaithe.

Tá sé ina imní go mbeadh tionchar i bhfad níos tromchúisí ag na ciorruithe foirne ar chláir cúrsaí reatha teilifíse amhail Nuacht TG4 agus 7Lá toisc acmhainní a bheith gann i réimse na Gaeilge cheana féin.

Tá ceist mhór chomh maith faoi fhorbairtí a bhí beartaithe ag RTÉ ó thaobh na Gaeilge, an clár cúrsaí reatha Fóram ina measc.

Cuireadh siar an dáta tosaithe don chlár nua sin roimhe seo mar gheall ar easpa foirne.

Cé nach bhfuil aon tagairt sa straitéis nua faoin chaidreamh atá ag RTÉ le TG4, deirtear sa straitéis go dtacaíonn RTÉ “go hiomlán” leis an athbhreithniú cuimsitheach atá á dhéanamh ag Coimisiún na Meán ar an soláthar don Ghaeilge sna méain.

Mhol an Coimisiún um Thodhchaí na Meán go mbeadh “ceannas neamhspleách eagarthóireachta” ag TG4 ar a sholáthar nuachta chun seirbhís níos fearr a chur ar fáil dá lucht féachana, moladh ar ghlac an rialtas leis.

Dúirt Kevin Bakhurst ag an chruinniú inné go mbeadh na dualgais atá ar RTÉ cláracha Gaeilge a sholáthar do TG4 á gcomhlíonadh acu agus go gcuirfí moltaí Choimisiún na Meán a i bhfeidhm.

Bhí roinnt foinsí ar labhair Tuairisc leo dóchasach go spárálfaí craoltóireacht na Gaeilge ón chuid is measa de na ciorruithe atá beartaithe mar go bhfuil “brú mór” ann ó thaobh acmhainní agus foirne cheana féin.

“Bheadh sé deacair ciorruithe ar bith a dhéanamh gan go leor den tseirbhís a chur i mbaol,” a dúirt oibrí amháin agus é ag trácht ar chás Raidió na Gaeltachta.

Dúirt foinse eile go ndearna go leor daoine i Nuacht TG4 iarratas ar phacáiste iomarcaíochta an t-am deireanach ar fógraíodh a leithéid ach gur diúltaíodh dá bhformhór mar gheall ar easpa foirne.

Bhí daoine eile a labhair le Tuairisc agus gan oiread sin dóchais acu go ndéanfaí eisceacht den Ghaeilge.

Nuair a cuireadh ceist i dTeach Laighean i mí Mheán Fómhair ar Ard-Stiúrthóir RTÉ Kevin Bakhurst faoi na himpleachtaí tromchúiseacha a d’fhéadfadh a bheith ag na ciorruithe do Raidió na Gaeltachta, ba bheag sólás a bhí aige do lucht na craoltóireachta Gaeilge.

Dúirt foinse shinsearach amháin gur deis a bhí sa straitéis nua agus sna ciorruithe freagra a fháil ó RTÉ “ar cheist bhunúsach”.

“Tá seans ann anois ceist a chur ar RTÉ, agus ar an Rialtas mar tá dualgas orthu sin i dtaobh na craoltóireachta seirbhíse poiblí chomh maith, ‘Céard go díreach atá ag teastáil uaibh ó thaobh chraoltóireacht na Gaeilge agus cén chaoi a bhfuil sé i gceist agaibh an dualgas atá oraibh a chomhlíonadh?”

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh le Tuairisc go gcaithfí a chinntiú nach dtiocfadh aon lagú ar sheirbhísí Gaeilge RTÉ de bharr na gciorruithe.

“Ní hamháin nár chóir go mbeadh lagú ar bith ar sheirbhísí Gaeilge ach caithfear a chinntiú go mbeidh comhionannas pá faoi dheireadh acu siúd a bhíonn ag obair trí Ghaeilge lena gcomhghleacaithe atá ag obair trí Bhéarla, go mbeidh na háiseanna cuí ag Raidió na Gaeltachta – os cionn 50 bliain ó thosaigh siad ag déanamh éachta ar son an phobail – agus go mbeidh céatadán i bhfad níos airde Gaeilge le feiceáil agus le cloisteáil ar chuile ardán de chuid RTÉ as seo amach.

“Caithfimid a bheith ag bogadh i dtreo craoltóir dátheangach a dhéanamh de RTÉ,” a dúirt an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Pháirtí an Lucht Oibre Marie Sherlock gur fhág cineál na gciorruithe a bhí á mbeartú go raibh ceist mhór ann faoi thiomantas RTÉ don Ghaeilge agus do réimsí eile.

Níos mó