Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
lucht-deanta-clar-gaeilge-ag-suil-le-deiseanna-nua-o-rte

Lucht déanta clár Gaeilge ag súil le deiseanna nua ó RTÉ

| Meabh Ni Thuathalain | ,

Tá fáilte curtha ag lucht déanta cláracha Gaeilge roimh an scéal go mbeidh i bhfad níos mó de bhuiséad RTÉ á chaitheamh san earnáil léiriúcháin neamhspleách amach anseo agus go bhfuil sé i gceist acu cur le líon na gclár Gaeilge a chraoltar.

Dúirt léiritheoirí a bhíonn ag obair ar chláracha Gaeilge le Tuairisc go raibh dóchas acu go mbeadh “tuilleadh deiseanna” ann má chomhlíontar na gealltanais sin.

De réir straitéis nua RTÉ a seoladh an tseachtain seo, tiocfaidh méadú 50% faoi 2028 ar an gcaiteachas a dhéantar ar chláracha ón earnáil neamhspleách.

Maidir leis an soláthar Gaeilge, deirtear in Treo Nua RTÉ go gcuirfear le “líon na n-uaireanta an chloig de chláracha Gaeilge” a bhíonn á gcraoladh acu agus go gcuirfear ábhar Gaeilge chun cinn “go fonnmhar” ar an uile ardán.

Mar chuid de phlean RTÉ, beidh laghdú á dhéanamh freisin ar champas RTÉ i mBaile Átha Cliath, forbrófar lárionad léiriúcháin i gCorcaigh agus déanfar níos mó cláracha a léiriú i nGaillimh agus i Luimneach.

Údar dóchais a bheadh sna hathruithe sin d’earnáil neamhspleách na teilifíse Gaeilge atá ag brath den chuid is mó ar TG4 faoi láthair, cé go bhfuil RTÉ tosaithe le tamall ar chláracha Gaeilge a choimisiúnú.

In 2017, chuir TG4 córas nua maoinithe i bhfeidhm faoina mbronntar conarthaí ‘ollsoláthar’ ceithre bliana ar dhornán comhlachtaí léiriúcháin.

Cuireadh le líon na gconarthaí sin in 2020 agus 20 conradh ollsoláthair atá bronnta ó shin ar 14 comhlachtaí san earnáil neamhspleách.

Tá léiritheoirí a labhair le Tuairisc ag súil go mbeidh deiseanna breise ar fáil dóibh toisc go mbeidh RTÉ ag brath níos mó ar choimisiúnú cláracha ón earnáil neamhspleách.

Deir Sorcha Nic Eochagáin, léiritheoir cláracha faisnéise i nGaeilge, go bhfuil deis ag RTÉ an earnáil neamhspleách teilifíse Gaeilge “a fhorbairt agus a leathnú”.

“Ó tháinig cur chuige an ollsoláthair isteach, is cinnte go bhfuil níos mó cinnteacht ann do chomhlachtaí áirithe, ach an bhfuil an doras druidte ar chomhlachtaí eile? Sin ceist is fiú a phlé.”

“Tá mé ag obair san earnáil seo ó 2009 agus anuraidh an chéad uair a raibh conradh lánaimseartha agam, sin a bhuíochas don struchtúr maoinithe ollsoláthair atá ag TG4.

“Mar sin, níl mé ag iarraidh é a cháineadh ach má leanann RTÉ leis an chur chuige ollsoláthair céanna, tá an baol ann go mbeidh cuid mhór de na cláracha a chraoltar á ndéanamh ag dornán beag comhlachtaí agus níl a fhios agam an rud maith é sin don chruthaitheacht agus don éagsúlacht in earnáil na teilifíse trí chéile,” a dúirt Sorcha Nic Eochagáin.

Dúirt Feilimí O’Connor, stiúrthóir agus léiritheoir, go bhfuil sé ag súil go mbeidh “tuilleadh deiseanna” ann cláracha Gaeilge a dhéanamh do RTÉ as seo amach.

“Ní raibh ach ciorruithe agus drochscéalta ag RTÉ ó thaobh maoinithe de le 15 bliana anuas. Ní raibh mórán folúntais san eagraíocht le linn an ama sin agus níl mórán de mo ghlúinse a fuair deiseanna obair ar chláracha teilifíse Gaeilge a craoladh ar RTÉ mar ní raibh mórán clár Gaeilge á gcraoladh acu.

“Le cúpla bliain, tá athrú ag teacht air seo, tá mé ag súil go leanfar leis seo is go mbeidh tuilleadh cláracha Gaeilge ar ardchaighdeán á gcraoladh ar RTÉ,” a dúirt sé.

Deir Sorcha Nic Eochagáin go gcaithfear infheistíocht mhór a dhéanamh i réimse na hoiliúna má tá borradh le teacht ar líon na gcláracha Gaeilge atá á gcraoladh ar RTÉ. Tá “deacrachtaí móra” san earnáil daoine le Gaeilge a fháil, a deir sí.

“Tá brú mór ar an earnáil neamhspleách Ghaeilge faoi láthair daoine oilte a bhfuil Gaeilge mhaith acu a fháil le dul ag obair ar chláracha Gaeilge.

“Tá scéimeanna traenála ann ach tá deacrachtaí móra ag baint le daoine a choinneáil san earnáil. Ón ochtar a thug faoin scéim oiliúna i mBéal Feirste, díreach triúr a d’fhan san earnáil.

“Ní leor infheistíocht a dhéanamh sna scéimeanna traenála amháin, tá cur chuig meantóireachta nó oiliúna eile ag teastáil san earnáil.”

Deir Feilimí O’Connor gur “fadhb leanúnach” atá ann criú a fháil le Gaeilge agus go bhfuil ceamaradóirí, eagarthóirí agus teicneoirí le Gaeilge “fíorghann”.

“Is cinnte go bhfuil tuilleadh scéimeanna oiliúna de dhíth a dhíríonn go sonrach ar na réimsí sin,” a dúirt sé.

Níos mó