Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
baineann-75%-de-mhuinteoiri-bunscoile-an-taitneamh-as-teagasc-na-gaeilge

Baineann 75% de mhúinteoirí bunscoile an-taitneamh as teagasc na Gaeilge

| tuairisc | ,

Léiríonn taighde nua freisin go bhfuil dearcadh iomlán éagsúil i leith na Gaeilge ag daltaí bunscoile atá ag gabháil den tumoideachas

Baineann 75% de mhúinteoirí bunscoile an-taitneamh as teagasc na Gaeilge

Cé go léirítear i tuarascáil taighde nua go bhfuil dearcadh diúltach i leith fhoghlaim na Gaeilge ag formhór daltaí bunscoile, a mhalairt atá fíor i gcás a múinteoirí.

De réir na tuarascála, dúirt 75% de mhúinteoirí gur bhain siad an-taitneamh as a bheith ag múineadh na Gaeilge.

“Tuigeadh do mhúinteoirí go raibh baint idir an taitneamh a bhaineann siad as an teanga agus í a bheith i measc a rogha [ábhar], ach bhí baint ag scéal chomh maith leis an leibhéal líofachta a shíl siad a bhí acu,” a deirtear sa tuarascáil.

Léiríonn an taighde nua freisin go bhfuil dearcadh iomlán éagsúil i leith na Gaeilge ag daltaí bunscoile atá ag gabháil den tumoideachas.

De réir na tuarascála is déanaí sa tsraith náisiúnta taighde Children’s School Lives, ní bhíonn ‘suim’ sa Ghaeilge ach ag thart ar bheirt as gach cúigear daltaí (42%) agus feictear d’fhormhór daltaí nach bhfuil an Ghaeilge ‘an-úsáideach’ mar ábhar.

Ach dearcadh éagsúil ar fad a bhí ag na daltaí gaelscoile a ghlac páirt sa taighde.

“Sa chás sin, thuig na daltaí gur aithníodh gur buntáiste tábhachtach a bhí ann a bheith líofa i nGaeilge. Dúirt a bhformhór go raibh sé deacair sna blianta luath ach b’údar mórtais acu an dul chun a bhí déanta acu ó thaobh a gcuid líofachta sa teanga agus bhí siad den tuairim go mbronnfadh an Ghaeilge deiseanna orthu amach anseo,” a deirtear.

De réir an taighde, mheas cuid mhaith múinteoirí go raibh an Ghaeilge i measc na n-ábhar is mó a bhí thíos leis an dianghlasáil aimsir na paindéime. Bhain na deacrachtaí le ciantheagasc na Gaeilge le heaspa acmhainní agus le easpa líofachta tuismitheoirí nach raibh ábalta an tacaíocht chéanna a thabhairt do pháistí sa bhail is a bhí siad ábalta a thabhairt i gcás ábhar eile.

De réir an taighde bíonn an Ghaeilge ina húdar imní ag tuismitheoirí go ginearálta.

“Luaigh tuismitheoirí as Éirinn agus tuismitheoirí imirceacha, go speisialta an Ghaeilge mar ábhar a mbíonn siad ag sracadh leis iad féin agus dúirt siad go mbíonn imní orthu faoi a bheith ag iarraidh tacú le páistí sna hardranganna nó san iar-bhunscoil.

“Léirigh ár n-agallaimh chomh maith na hiarrachtaí a dhéanann tuismitheoirí na dúshláin seo a shárú ar mhaithe le hoideachas a bpáistí.”

Curriculum and Assessment in Children’s School Lives: Experiences from Primary Schools in Ireland 2019-2023 is teideal don séú tuarascáil i dtionscnamh taighde fadtéarmach CSL.

Tá an taighde bunaithe ar thaithí dhá chohórt daltaí. Rinneadh suirbhé ar an gcéad dream nuair a bhí siad sna naíonáin bheaga agus arís nuair a bhí siad i rang a dó. Rinneadh suirbhé ar an dara dream nuair a bhí siad i rang a dó agus arís nuair a bhí siad ag tosú rang a sé.

Níos mó