Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
comhairle-carad:-comhgheilleadh-no-connachta?

Comhairle Carad: Comhghéilleadh nó Connachta?

| kathryn ni mhaolain | ,

Bíonn go leor am machnaimh ann le linn tréimhse na Nollag i gcónaí. Machnamh ar rúin na hathbhliana, ar an bhliain atá imithe, ar ár gcaidrimh rómánsúla (nó easpa a leithéide), agus ar ár saol go ginearálta. Ghlac mé dhá cheist níos faide an tseachtain seo, a raibh freagraí fada machnamhacha de dhíth orthu.

Ag iarraidh go ndéanfainn machnamh ar do chuid fadhbanna féin? Léigh go dtí an deireadh le fáil amach cén dóigh…

S, 22
Haigh Kathryn! Mise S agus is as Baile Átha Cliath dom. Níor tógadh le Gaeilge mé agus níor fhreastail mé ar Ghaelscoil, ach chaith mé seal sa Ghaeltacht nuair a bhí mé óg. Thit mé i ngrá leis an gcultúr agus an teanga agus bhí se i gcónaí ar intinn agam go mbogfainn siar go Conamara nó áit cosúil leis chun na deiseanna sin a thabhairt do mo pháistí (sa todhchaí i bhfad uainn!). Bhuail mé le fear a bhfuil Gaeilge bhreá aige, agus táim dúnta i ngrá leis, ach tá seisean ag iarraidh a bheith ina chónaí i mBaile Átha Cliath. Táimid ag sábháil don mhorgáiste ach níl a fhios againn cén áit a rachaimid. Deir sé gur féidir linn ár bpáistí a thógáil trí Ghaeilge agus iad a chur go dtí an Ghaelscoil, ach mise a rá nach mbeadh cairde ar ár sráid dóibh chun a bheith ag súgradh lena chéile, nó comharsana chun a bheith ag caint leo.

Nuair a bhí muid ag an Oireachtas, bhí dream BhÁC ann ag caint faoi lonnaíocht úrnua a bhí á cruthú acu ar feadh 100 bliain (nó níos mó) agus ba bhreá liom í sin! B’fhearr liom an Ghaeltacht ach chónóinn i lonnaíocht Ghaelach, ach n’fheadar an mbeidh sí críochnaithe nó fiú pleanáilte faoin am a mbeidh muidne réidh le bheith ag ceannach! An bhfuil moltaí ar bith agat faoinár gcás?

Haigh S! Is breá liom do scéal faoi d’aistear leis an teanga. Tá sé cosúil leis an turas teanga a bhí agam féin, agus tá grá don teanga ag léitheoirí NÓS ar fad – ach mothaím go bhfuil difríochtaí beaga idir an grá atá ag foghlaimeoirí, cosúil linne, agus cainteoirí dúchasacha. Níl aon cheann níos fearr ná ceann eile! Ach, nuair atá an oiread sin oibre curtha isteach agat leis an Ghaeilge a fhoghlaim, tuigim go bhfuil sé an-tábhachtach duit leanúint léi.

Ar lámh amháin, tá mé ag amharc ar d’aois anseo agus ag smaoineamh go bhfuil sé measartha luath fós le smaoineamh ar áit chónaithe bhuan agus ar pháistí. Ach tuigim go bhfuil gach duine difriúil, agus tá sé go hiontach go bhfuil sibh ag smaoineamh ar an todhchaí agus ar na ceisteanna móra seo, agus go bhfuil sibh in ann a bheith oscailte agus ionraic lena chéile faoi. Is léir go bhfuil bhur gcaidreamh láidir agus ag fás.

Tá go leor le tabhairt san áireamh maidir le háit chónaithe gan fiú smaoineamh ar an Ghaeilge: an bhfuil sibh ag iarraidh a bheith cóngarach do bhur dteaghlaigh? Cén cineál poist a bheas agaibh beirt? An bhfuil sibh ag iarraidh a bheith faoin tuath nó i gcathair? Ar mhaith libh a bheith cois farraige? Is cloch mhór í an Ghaeilge – ach bí cinnte nach í an t-aon chloch ar bhur bpaidrín.

Más an teanga atá uait, gheobhaidh tú sin sa Ghaeltacht go cinnte, agus tá tacaíocht de dhíth ar na ceantracha Gaeltachta leis an Ghaeilge a neartú agus a chaomhnú. Tá mé cinnte go mbeadh fáilte roimh Ghaeilgeoirí sa cheantar, go háirithe má chuireann sibh leis an phobal agus le cur chun cinn na teanga agus an chultúir.

Ach tá neart Gaeilge in áiteanna eile sa tír nach bhfuil sa Ghaeltacht! Is as ceann de na ceantracha sin dom féin (Carn Tóchair – ól gach uair a luaim Carn Tóchair in alt de mo chuid). Seo áit ina raibh Gaeilge fadó agus ina bhfuil aiséirí teanga ar bun. Tá go leor leor de na háiteanna seo ann ar fud na tíre agus tá gluaiseacht Ghaeilge Bhaile Átha Cliath ag dul ó neart go neart. Tá Na Gaeil Óga ann, club CLG a fheidhmíonn go hiomlán trí Ghaeilge a bhfuil foirne faoi 18 agus sinsear aige. Bíonn imeachtaí amhail GaelGÁIRÍ, Pop-Up Gaeltacht, ceolchoirmeacha, féilte litríochta agus tuilleadh eile ar féidir leas a bhaint astu fosta.

Mar sin, fiú muna bhfuil Gaeilge líofa ag do chomharsana, is féidir go leor Gaeilge a chloisteáil agus a labhairt ar fud na cathrach. Maidir le páistí, tá bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge san ardchathair chomh maith – an oiread sin go dtiocfadh libh ceann áitiúil a roghnú, agus ansin bheadh seans ann go mbeadh páistí ar an tsráid chéanna ag dul ar an scoil chéanna. Tá grúpaí tacaíochta ann do dhaoine atá ag tógáil clainne le Gaeilge agus bheadh sibh in ann caidrimh a thógáil le tuismitheoirí eile sa chás chéanna sula dtosaíonn na páistí ar scoil.

Creidim go bhfuil neart oibre ar bun ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath fosta, agus an togra ‘BÁC le Gaeilge’ faoi lán seoil. Ní bheadh mórán ar eolas agam féin faoi lonnaíocht Ghaeilge sa chathair, ach má théann tú chuig ceann de na himeachtaí thuasluaite (Na Gaeil Óga go háirithe), déanfaidh tú neart cairde a thabharfaidh muinín duit as stádas na teanga sa chathair. Tá an teanga beo bríomhar i mBaile Átha Cliath gan aon dabht!

Tá sé deacair nuair a shíl tusa ar feadh na mblianta go ndéanfá rud áirithe, agus anois tá duine an-tábhachtach i do shaol a shíl ar feadh na mblianta go ndéanfadh seisean rud iomlán eile. Níl aon réiteach ar easaontas ach cumarsáid, agus beidh oraibh beirt smaoineamh ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhainfeadh leis an dá áit chónaithe. Beidh comhghéilleadh ann. Bíonn i gcónaí. Braitheann sé ar cé hiad an duine a ‘ghéilleann’. Cuimhnigh gur cinneadh comhroinnte é seo agus níor cheart go mothódh aon duine go bhfuil siad ag géilleadh, ag baint nó ag cailleadh. Tá sibh ag déanamh cinntí le chéile agus ag fás le chéile!

R, 23
Bhí mé ag cur aithne ar leaid ar feadh mí-ish agus bhí muid ag éirí an-mhór lena chéile. Mhothaigh mé féin go raibh rudaí ag éirí saghas rómánsúil eadrainn ach ní dhearna muid aon rud ar an gcaoi sin. Cibé, bhí muid beirt ag an Oireachtas agus bhí muid ag rince linn ag Club na Féile agus mhothaigh mé go raibh sé chun mé a phógadh an oíche sin. Tar éis tamaill, nuair a bhí mé ag rince le mo chuid cairde, chonaic mé é le bean eile agus dúradh liom an lá dar gcionn go ndeachaigh sé ar ais chuig seomra na mná sin ag deireadh na hoíche! Labhair mé leis ar an bhfón cúpla uair ó shin ach ní dúradh rud ar bith faoin Oireachtas. Tá mé iomlán gafa leis ach níl a fhios agam cad a ba chóir dom smaoineamh faoi anois.

Is olc na cásanna seo nuair a chluineann tú go bhfuil duine, a bhfuil dúil agat iontu, le duine eile. Ach is measa i bhfad, i mo bharúilse, é sin a fháil amach le linn deireadh seachtaine beannaithe an Oireachtais. An deireadh seachtaine is mó a mbíonn daoine ag dúil leis i rith na bliana! Scannalach.

Oicé, i ndáiríre, tabharfaidh mé comhairle duit. Tharla sé domsa roimhe gur shíl mé go raibh níos mó ná cairdeas idir mé féin agus duine eile. Uaireanta, bhí an ceart agam, agus uaireanta eile, ní raibh. An rud a deirim, áfach, agus a dúradh liom roimhe ná: má tá dúil acu ionat, ní bheidh tú in amhras. Má tá tú in amhras… níl dúil acu ionat.

Anois, cosúil le haon chomhairle, ní dubh agus bán atá sé. Seans go bhfuil dúil aige ionat. Ach cad chuige a raibh sé leis an bhean eile seo? Cad chuige nár phóg sibh? I mo thaithí féin, nuair a bhrúigh mise cairdeas go teorainn, chríochnaigh sé le póg… agus le deireadh cairdis. Ag amharc siar anois, sílim go raibh an duine sin sásta pog a thabhairt dom ach ní raibh go leor dúil acu ionam le rud níos dáiríre (a bhí uaim) a phlé. Mar sin, arbh fhiú an póg sin? Ní dóigh liom é.

Níl mé a rá ach oiread gur gá don fhear ‘an chéad iarracht’ a dhéanamh i gcónaí ach mothaím ó do cheist gur sin atá uait agus gur sin an cineál duine atá uait. Tá duine atá cinnte fút, atá dúnta i ngrá leat, agus a thaispeánann sin duit gan aon chluichí, uait agus tuillte agat.

Tá brón orm faoin ‘ghrá gharbh’ ach tá an fhírinne searbh. Fiú má tá dúil ag an duine seo ionat, tá siad i ndiaidh tú a ghortú, bíodh a fhios aige nó ná bíodh. Mholfainn duit iarracht a dhéanamh dearmad a dhéanamh air, d’aird a dhíriú ort féin agus ar do chuid cairde, agus gan a bheith buartha faoi leaids óga nach bhfuil a fhios acu féin fiú cad é mar a mhothaíonn siad!

________________________________________________________

Lig do Kathryn machnamh a dhéanamh, agus comhairle a thabhairt maidir le do cheist, d’fhadhb nó pé rud eile. Cuir ceist uirthi go hanaithnid tríd an nasc seo – tá fáilte roimh gach cineál ceiste!

Comhairle Carad: Gréasán Greamaitheach an Ghrá

Comhairle Carad: An bhfuil glasraí ‘fulangach-ionsaitheach’?

Comhairle Carad: Séasúr an Bhrú

 

The post Comhairle Carad: Comhghéilleadh nó Connachta? appeared first on NÓS.

Níos mó