Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
cruinniu-leis-an-taoiseach-a-lorg-ag-foras-na-gaeilge-lena-thodhchai-‘thuaidh-theas’-a-phle

Cruinniú leis an Taoiseach á lorg ag Foras na Gaeilge lena thodhchaí ‘thuaidh-theas’ a phlé

| tuairisc | ,

Tá cruinniú á lorg ag Foras na Gaeilge leis an Taoiseach chun todhchaí na heagraíochta teanga mar eagraíocht thrasteorann a phlé.

De réir na miontuairiscí ó chruinnithe Bhord an Fhorais do 2023, socraíodh ag cruinniú mhí Aibreáin na bliana seo caite go gcuirfí litir chuig an Taoiseach ina n-iarrfaí cruinniú leis chun “ról Fhoras na Gaeilge mar Fhoras Thuaidh Theas sa todhchaí a phlé”.

Tá eolas nua sna miontuairiscí chomh maith faoi na deacrachtaí maoinithe a bhíonn ag an bhForas, faoin mbille mór pinsin a bhíonn le híoc acu agus faoi céard air a chaitheann siad an maoiniú atá acu.

Dheimhnigh urlabhraí ón bhForas do Tuairisc inné gur chuir cathaoirleach an Bhoird litir chuig Oifig an Taoisigh ag lorg cruinnithe leis ar an 5 Bealtaine seo caite ach nár  tharla an cruinniú sin shin.

Dúirt an t-urlabhraí gur iarr an Cathaoirleach an cruinniú mar gheall ar an imní a bhí ann faoin “srian” a bhí curtha “ar fhorbairt Fhoras na Gaeilge” ag an tsáinn pholaitiúil ó thuaidh. Bhí imní ar an gCathaoirleach nach raibh “na struchtúir thuaidh theas ag feidhmiú” ar feadh deich mbliana san iomlán ó bunaíodh an eagraíocht. 

Níl aon chur síos breise sna miontuairiscí faoin bplé a rinneadh faoin ngá le todhchaí an Fhorais trasteorann a phlé leis an Taoiseach, ach tá deacrachtaí maoinithe le fada ag an bhForas mar gheall ar an tsáinn pholaitiúil in Stormont.

Ní féidir airgead breise a bhronnadh ar an bhForas Teanga – Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise – go dtí go mbeidh buiséad iomlán na n-eagraíochtaí aontaithe leis an Roinn Pobal ó thuaidh agus ní féidir sin a dhéanamh go dtí go mbeidh Stormont ag feidhmiú arís.

Chuir an Rialtas €700,000 breise ar leataobh don Fhoras Teanga sa bhuiséad is déanaí ach fágann an tsáinn pholaitiúil nach féidir an maoiniú sin a cheadú ná a chaitheamh.

Léiríonn na miontuairiscí cuid de na dúshláin a bhaineann le deacrachtaí maoinithe Fhoras na Gaeilge, go háirithe na deacrachtaí a bhaineann le cúrsaí pinsin.

Ag cruinniú amháin anuraidh, mhínigh feidhmeannaigh an Fhorais don Bhord go mbíonn ar an eagraíocht pinsean a íoc do 30 duine a bhíodh ag obair d’Fhoras na Gaeilge, nó do Bhord na Gaeilge roimhe sin.

As an mbuiséad reatha a thagann na híocaíochtaí pinsin seo gach bliain, a dúradh. Dúradh gur “ag ardú gach bliain” atá an costas a bhaineann leis na pinsin seo agus “go mbíonn ualach mór ar acmhainní foirne dá bharr”.

Dúradh gur “costas dosheachanta” a bhí sna pinsin agus cé go raibh “treoir shoiléir” tugtha ag an dá rialtas gur chóir maoiniú breise a chur ar fáil le bille na bpinsean a íoc, ní raibh “an treoir sin á cur i bhfeidhm”.

De réir mar a mhéadódh ar an gcostas a bhaineann leis na híocaíochtaí sin, is amhlaidh gur “lú a bheadh ar fáil le haghaidh scéimeanna Fhoras na Gaeilge”.

Is léir ó na miontuairiscí gur fhág an tsáinn ó thuaidh a lorg chomh maith ar thuarastal leas-phríomhfheidhmeannach na heagraíochta.

Míníodh don bhord anuraidh gur tugadh treoir d’Fhoras na Gaeilge gan aon ardú a dhéanamh ar an ngrád pá do phost an Leas-Phríomhfheidhmeannaigh/Stiúrthóra Seirbhísí Oideachais, post atá lonnaithe ó thuaidh den teorainn.  Ba ghá, de réir na treorach, “an post a fhógairt ag an ngrád reatha, agus ag bun an scála” cé go mbeadh an pá sin níos ísle ná pá ball foirne ó dheas, a bheadh faoi stiúir an phríomhfheidhmeannaigh.

Tugadh briseadh síos don bhord chomh maith ar chaiteachas iomlán an Fhorais de réir na réimsí caiteachais éagsúla.

Beagnach leath den bhuiséad, 47.7%, a caitheadh ar ‘réimse an phobail’ agus 37.7% a caitheadh ar sheirbhísí corparáideacha. Ar ‘réimse na leabhar’ a caitheadh 8.5% agus ar ‘réimse an oideachais’ a caitheadh 6.4% den iomlán. 2.2% dá bhuiséad a chaith an Foras ar ‘réimse na cumarsáide’ agus níor caitheadh ach 1.6% ar réimse na foclóireachta agus na téarmaíochta.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn anuraidh gur ábhar buartha d’Fhoras na Gaeilge na deacrachtaí sin agus go raibh imní air faoina bhfuil i ndán don eagraíocht trasteorann.

Tá an maoiniú a fhaigheann Foras na Gaeilge mórán mar a bhí 20 bliain ó shin. €16.3 milliún a bhí ag an eagraíocht in 2022, i gcomparáid le €17.2 milliún in 2003.

Níos mó