![](/wp-content/themes/yootheme/cache/b7/Leabharlann-SnaG-Slider-b721384f.png)
Tráth na gCeist Dátheangach
Tráth na gCeist Dátheangach
@ Cove Bar
Seachtain na Gaeilge with EnergiaEagróidh Oifig na Gaeilge, Comhairle Phort Láirge Tráth na gCeist dátheangach sa Cove Bar ar Bhóthar Dhún Mór sa Chathair ar an Máirt, 12 Márta ar a 8.00i.n. agus é ar oscailt don phobal i gcoitinne.
Is oíche spraíúil í a thugann deis do dhaoine a gcuid ‘cúpla focal’ a úsáid in atmaisféar cairdiúil suaimhneach agus beidh go leor spotdhuaiseanna, ceol agus craic ar an oíche. Is féidir clárú roimh ré ach teagmháil a dhéanamh le Séamus ag jlenane@waterfordcouncil.ie.