![](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2021%2F12%2Fucd-high-qual-logo.jpg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22%2C%22%7D&hash=1a8b3f41)
Comhdháil ar an Déaglitríocht sna Mionteangacha
Comhdháil ar an Déaglitríocht sna Mionteangacha
@ B210, Foirgneamh Newman
Event for the young Lecture / TalkA chairde córa,
Thar ceann choiste na comhdhála, 'An Déaglitríocht sna Mionteangacha', ba bhreá linn cuireadh a thabhairt duit agus do lucht aitheantais freastal ar an gcomhdháil a bheas ar siúl i seomra B210, Foirgneamh Newman, UCD an 22 Márta (8:45-18:00). Bheimis an-bhuíoch dá gcuirfeá an ríomhphost seo ar aghaidh chuig do lucht aitheantais nó daoine eile a mbeadh spéis acu san imeacht seo.
Ní bheidh aon táille i gceist don chomhdháil féin. Má bhíonn spéis agat a bheith linn, ní gá ach clárú tríd an nasc seo roimh an 14 Márta ionas go mbeidh uimhreacha againn don lónadóireacht.
Ceanglaím leis seo clár na comhdhála féin chomh maith.
N.B. Ar mhaithe leis an ateangaireacht a bheas ar siúl i gcás roinnt de na cainteanna, ní mór cluasáin a thabhairt leat. Beidh nasc Zoom ar fáil ar an lá chun éisteacht leis an ateagaireacht ar do ríomhaire nó guthán pearsanta. Beidh daoine ar fáil ar an lá chun cabhrú leis seo.
Tá súil againn go mbfeicfidh muid ann sibh.