Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ni-chuidionn-cluain-an-iarthair-le-cas-na-hucraine

Ní chuidíonn cluain an Iarthair le cás na hÚcráine

| Dáithí Anraí |

Ciarán Ó Pronntaigh

Níor athraigh mórán sa troid san Úcráin le bliain anuas. Faraor géar, níor tháinig an ‘toradh’ seo gan costas an-ard daonna ar an dá thaobh. Tugtar cogadh tnáite ar an chineál trodaireachta seo agus, amhail na trinsí sa Chogadh Mhór, is cogadh cruálach é. Ar ndóigh, ní hé seo an sórt seó a mheas Putin a bheadh aige nuair a thug sé faoin ionradh suarach seo dhá bhliain ó shin. Thriail sé blitzkrieg sna chéad chúpla seachtain ach b’éigean dó cúlú nuair a sheas Cív an fód.

Bíonn corrbhua ag an Rúis anseo agus ansiúd agus beidh siad ag maíomh as an bhua is déanaí a bhí acu in Avdiivka, baile beag straitéiseach in Donetsk, ach íoctar go daor as na buanna seo. Mar a tharla sa chath uafásach in Mariupol, rinneadh treascairt iomlán ar an áit. Léirigh bás Alexei Navalny ar na mallaibh nach nglacfar le fíorfhreasúra sa toghchán uachtaránachta i mí Mhárta ach b’úsáideach ag Putin bua éigin a thaispeáint mar dhul chun cinn sa chogadh leis na vótálaithe a ghríosú.

Agus beidh cúrsaí toghchánaíochta ag imirt tionchar ar chumas na hÚcráine leanúint go héifeachtach leis an troid, go háirithe na toghcháin a bheas ar siúl sna Stáit Aontaithe faoi mhí na Samhna. Na Stáit an deontóir is mó don tír ach tá baol ann nach n-amharcfaidh Trump go fabhrach ar an Úcráin má bhíonn seisean ar ais, ag cur san áireamh nach raibh an tUachtarán Zelensky sásta géilleadh dá chuid bagairtí nuair a bhí Trump ina uachtarán an chéad uair. Cheana féin, tá na Poblachtaigh de mheon Trump ag cur bac ar iarrachtaí airgead agus airm a chur ar fáil don Úcráin.

Ní hionann sin agus go bhfuil Zelensky agus an ceannaire nua airm s’aige ar an dé deiridh. Níl an Úcráin ar chúl an tí maidir lena cuid ionsaithe sa Rúis féin agus ar cheantair a shíl na Rúisigh a bheith faoina smacht, an Chrimé agus an Mhuir Dhubh go háirithe. Thuig na hÚcránaigh gur cás an leoin agus na luchóige a bheadh sa troid i gcoinne na sárchumhachta Rúisí agus b’éigean dóibh a bheith cliste lena gcuid iarrachtaí. Is éifeachtach amach an úsáid a bhaineann siad as na dróin, mar shampla, chun dochar a dhéanamh do línte soláthair na Rúiseach gan trácht ar an dochar a rinneadh do longa agus eitleáin.

Ach níor éirigh le frithionsaí Arm na hÚcráine anuraidh agus, de réir a chéile, tá spéis an domhain ag dul i laghad. Fiú na smachtbhannaí a cuireadh ar an Rúis ag tús an chogaidh, is cosúil nach buille marfach do gheilleagar na Rúise a bhí iontu. Níl daoine amuigh ar shráideanna Mhoscó go fóill ag léirsiú mar gheall ar easpa aráin, mar shampla, agus is féidir le hArm na Rúise go leor arm a fháil ó thíortha atá naimhdeach don Iarthar. Agus is sa chomhthéacs idirnáisiúnta sin is gá dúinn amharc ar an chogadh.

Ag tús an ionraidh, bhí aird na meán san Iarthar ag díriú go fabhrach ar an Úcráin – tír bheag ag troid ar son na saoirse in éadan ollnamhad. Bhí tuairiscí ann gach oíche as na línte tosaigh ach ar an drochuair do mhuintir na hÚcráine, níl sin ag tarlú níos mó. Dá uafásaí iad na rudaí atá ag tarlú san Úcráin, tá aird an domhain níos dírithe ar an chinedhíothú agus ar an ollslad atá ar siúl ag arm Iosrael in Gaza le ceithre mhí anuas. Ar bhealach, tá sé cineál as alt a bheith ag trácht ar thír bheag ag seasamh an fhóid i gcoinne ionraitheoirí nuair is iad na tíortha céanna, na Stáit Aontaithe, an Ríocht Aontaithe agus roinnt tíortha eile san Iarthar, is cúis le slad eile nó is iadsan atá ag soláthar airgid agus arm do Iosrael. Gan an tacaíocht dhaingean sin, ní bheadh sé de chroí ag Iosrael an dlí idirnáisiúnta a bhriseadh gan aon náire.

Agus mar bharr ar an donas don Úcráin, tá Putin i ndiaidh a thacaíocht a léiriú do mhuintir na Palaistíne. Soiniciúil, b’fhéidir, ach tá deis aige a rá anois gurb iad tíortha an Iarthair a chaith an dlí idirnáisiúnta i dtraipisí lena dtacaíocht don sléacht atá ar siúl in Gaza. Sin an praghas a bheas le híoc as fimíneacht an Iarthair ar cheist na Palaistíne.

Níos mó