![](/wp-content/themes/yootheme/cache/5b/Res-scheme-p1-v1-1-2-5bc5c805.png)
Scoláireachtaí i dTeach na Gaeilge 2024-2025
Scoláireachtaí i dTeach na Gaeilge 2024-2025
CompetitionTá comórtas Theach na Gaeilge oscailte ar shuíomh Ghaeltacht UCD. Beidh tuilleadh eolais ar fáil ansin - beidh ort foirm a líonadh amach. Faoi iamh, tá bróisiúr na scéime 24-25, agus gach eolas ar fáil ansin. Is féidir breathnú ar shuíomh Ghaeltacht UCD, nó Instagram @teachnagaeilgeucd / @ucdgaeltacht chun tuiscint níos fearr a fháil ar an scéim.
Sonraí:
Tairscíonn Gaeltacht UCD 24 scoláireacht (12 scoláireacht do lucht na céad bliana) do mhic léinn atá líofa sa Ghaeilge agus a dteastaíonn uathu í a chur chun cinn. Tá an comórtas oscailte do mhic léinn atá ag tabhairt faoi aon chúrsa in UCD. Tá foirm iarratais ar fáil ar shuíomh Ghaeltacht UCD: https://www.ucd.ie/irish/ga/ansceimchonaithe/scolaireachtai/
Bíonn thart ar 5 seachtaine agat chun an fhoirm a líonadh isteach ar líne. Déantar gearrliostú ar na foirmeacha agus tugtar cuireadh don mhac léinn teacht chun agallaimh. Roghnaítear an t-iarrthóir rathúil ar bhonn a fhoirm iarratais agus a agallaimh. Cuirtear in iúl daofa torthaí an agallaimh roimh an samhradh. Mairfidh sé/sí i dTeach na Gaeilge, Árais Chónaithe Merville, ar champas, agus íoctar scoláireacht míosúil leis an mac léinn (luach scoláireacht na bliana seo caite: €1,500). Beidh an scoláireacht luaite ar tras-scríbhinn gach scoláire. Maireann an scoláireacht bliain acadúil amháin ach tá cead ag mic léinn cur isteach ar an scoláireacht arís ina dhiaidh sin.
I rith an chéad agus an dara téarma, beidh ar gach dalta imeacht a eagrú chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar champas. Is féidir leo é a dhéanamh mar pháirt de ghrúpa nó leo féin. Chomh maith le sin, beidh orthu freastal ar cruinnithe gach mhí, agus freastal ar imeachtaí a comhghleacaithe.
Ná bíodh leisce ort teagmháil a dhéanamh linn, má bhíonn aon cheisteanna agat failte@ucd.ie