Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
an-bhfaca-tu-an-chonra-a-bhi-air?

An bhfaca tú an chónra a bhí air?

| Dáithí Anraí |

Le Michelle Nic Phaidín

Mhothaigh mé bean ag caint faoi thórramh agus ní thiocfadh liom ach aird a thabhairt ar abairt a dúirt sí: “An bhfaca tú an chónra a bhí air?”

Chothaigh an abairt seo neart suime sa chomhluadar, go háirithe nuair a dúradh gur chosain an chónra airgead as cuimse. Leis an chur síos sin, tugadh léargas orthu seo a bhí i láthair, cá háit a raibh dinneár an tórraimh agus cá mhéad sagart a bhí ar an altóir.

Bhí ceist i ndiaidh ceiste á cur acu a bhí sa chomhluadar de bharr na sonraí seo agus sheas mé ag éisteacht leis an mhéid a bhí siad a rá.

Ag tiomáint abhaile dom, chuaigh an comhrá i bhfostú i m’intinn agus leis sin tháinig na ceisteanna: Cad chuige a ndéanann sé difear cá mhéad airgead a chosain an chónra? Cad chuige a mbeadh spéis ag daoine sna cúrsaí sin? Dá mbeadh cónra shaor air, an mbeadh an chaint chéanna déanta? Cad chuige a gcothaíonn airgead suim i ndaoine?

Shíl mé nach raibh ann sa chónra ach blaosc adhmaid ag deireadh an lae agus is beag difir a dhéanamh cónra déanta d’adhmaid ar bith faoi thalún.

Is cinnte go bhfuil bainiseacha ar an dóigh chéanna – déantar cur síos ar éadach, carranna, líon na ndaoine a d’fhreastail, cá raibh sé agus cén cineál dinnéir a bhí ann – ní labhraítear ach go fíorannamh faoin lánúin féin.

Ar mhothaigh tú ariamh daoine ag plé caidé a dúirt an sagart faoin lánúin ag an Aifeann – nó caidé a dúradh ag an tseirbhís phósta?

Feictear dom go bhfuil fadhb leis an dearcadh atá againn ar an saol agus go bhfuil cuid mhaith againn gafa leis an chuma atá ar dhaoine agus ar ócáidí in ionad na hócáide nó an duine fein. Amharcann muid ar an bhlaosc seachas an duine nó an rud. Ní amháin go bhfuil muid gafa le blaoscanna ach tá siad thart orainn an t-am ar fad agus baineann muid uilig úsáid astu.

Ceann de na chéad rudaí a dhéanann muid ar maidin ná ár gcuid éadaí a chur orainn. Is é éadach an bhlaosc a chuireann muid orainn ar bhonn laethúil. Braitheann an cineál éadaigh ar cé chomh tábhachtach nó cé chomh neamhfhoirmiúil agus atá an lá romhat. Go minic, déanann daoine luach a chéile a thomhas tré luach a gcuid éadaí a mheas. Tugann an meastachán léargas do dhaoine ar cé chomh tábhachtach agus atá an té a bhfuil siad ag caint leis, dar leo.

An darna blaosc atá againn ná ar gcarranna – úsáideann muid uilig ceann má tá ceadúnas againn agus arís eile, léiríonn an bhlaosc seo do dhaoine cé chomh saibhir agus atá tú nó léirionn luach an chairr an dóigh ar mhaith leatsa go ndéanfaidh daoine thú a mheas.

Is cinnte go bhfuil ról ollmhór agat féin i gcur chun tosaigh na híomhá a ba mhaith leat go mbeadh ag daoine díot – seans gur duine saibhir tú ach b’fhearr leat go mbeadh daoine den bharúil gur bocht atá tú agus tá sin amhlaidh.

Ach, is deacair an dallamullóg a chur ar dhaoine agus a ráit go bhfuil tú saibhir nuair is bocht atá tú. Is cinnte go bhfuil tú ábalta éadaí deasa a cheannach, smideadh galánta a chur ort, carr measartha maith a thiomáint ach is beag duine ar bheagán airgid a bhfuil conaí orthu i gcaisleán.

Agus sin ceann de na cúiseanna a bhfuil an saol dubh le blaoscanna mar thig linn an iomarca a léiriú agus an iomarca a chur i bhfolach leo.

Tá an léamh sin ag lucht margaíochta agus sin an chúis a bhfuil a lámha inár bpócaí agus muid amuigh ag siopadóireacht. Tuigeann siad go bhfuil formhór na ndaoine ag iarraidh cuma luachmhar a chur orthu féin agus téann an smaoineamh sin i bhfeidhm orainn mar dhaoine. Caithfear a bheith ríchúramach nach dtéann an cleachtas seo i bhfeidhm orainn agus muid ag plé le chéile.

Ag deireadh an lae níl ionainn mar dhaoine ach blaoscanna ach is fearr i bhfad tocháilt go domhain faoin bhlaosc agus gan ár luach a léamh ar chraiceann amháin.

Níos mó