Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
leirionn-caoimhe-ni-chathail-a-hildanacht-ina-sraith-podchraoltai-ur

Léiríonn Caoimhe Ní Chathail a hildánacht ina sraith podchraoltaí úr

| conor torboid | , ,

Eisíodh an chéad chlár ó shraith nua podchraoltaí le Caoimhe Ní Chathail inniu. Pléann “30 S.O.S” le cúrsaí an tsaoil agus deireadh a tríochadú bliain ag druidim leis an láithreoir. Aithneoidh éisteoirí guth binn an Chonallaigh ó “Blas an Déardaoin” ar BBC Raidió Uladh agus “Éadaí SOS” ar TG4 agus BBC2 NI chomh maith le roinnt tograí eile sna meáin. Tá sraitheanna teilifíse amhail “Saolta ’s Gaolta” agus “Peataí” léirithe agus stiúrtha aici fosta. Agus éachtaí móra déanta aici sna fichidí, agus an breithlá mór 30 ag teannadh léi, tá Caoimhe ag tabhairt aghaidh ar an todhchaí. Tá ceiliúradh mór bríomhar le déanamh, ach tá neart le foghlaim fosta.

Cuirfidh Caoimhe aíonna éagsúla faoi agallamh i rith na sraithe, idir dhaoine atá 30 nó níos aosta agus daoine atá ar tí an aois úd a bhaint amach. Is é sprioc an phodchraolta “tacaíocht, faoiseamh, agus spreagadh” a thabhairt do dhaoine atá ag dul i treo 30. Díreofar ar an tsaol ghairmiúil, féinmhuinín, cúrsaí stíle, cleamhnas, agus comhairle airgeadais sna cláracha.

Grianghraf: Caoimhe Ní Chathail in “Éadaí SOS” le TG4 agus BBC2 NI.

“Dul Chun Cinn Gairme” is teideal don chéad eipeasóid ina dtabharfaidh Eoghan Tomás McDermott ón Communications Clinic a léamh ar chúrsaí éagsúla agus ina roinnfidh Éadaoin Fitzmaurice agus Eoin Keane a dtaithí féin ar an domhan ghairmiúil. Anuas air sin, beidh cóitsealaí cleamhnais, comhairleoir gairme, saineolaí airgeadais, agus gínéiceolaí le cluinstin seachnóin na sraithe. Roinnfidh siad na cleasanna agus na leideanna a chuideoidh le héisteoirí atá ag tabhairt faoin chéad tréimhse eile ina saol. Más é an geimhreadh deireadh an tsaoil, an iad na tríochaidí an samhradh?

Deir Caoimhe í féin faoin tsraith:

“Bhí na comhráite seo agam go minic le cairde cibé agus 30 ag teannadh liom. Theastaigh uaim spás a chruthú go dtiocfadh le haíonna agus éisteoirí plé oscailte a dhéanamh ar na dúshláin agus na buanna a bhaineann le tiontú 30. Aidhm “30 S.O.S” ná éisteoirí a spreagadh agus a chur ar a suaimhneas gur deis iontach atá in 30 le machnamh a dhéanamh ar na tosaíochtaí atá againn don ré úr seo.”

Is léiriú é “30 S.O.S” de chuid Dearcán Media a taifeadadh i Stiúideo Feirste agus atá maoinithe ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge. Tá an chéad chlár de chuid “30 S.O.S” le fáil anois ar Spotify agus Apple Podcasts.

The post Léiríonn Caoimhe Ní Chathail a hildánacht ina sraith podchraoltaí úr appeared first on NÓS.

Níos mó