Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
comhairle-carad:-feinghra

Comhairle Carad: Féinghrá

| kathryn ni mhaolain | ,

Corruair, faighim ceist don cholún seo a stopann go tobann mé. Ceist a chuireann ag machnamh mé agus nach mbím in ann dearmad a dhéanamh uirthi ar chúiseanna éagsúla. Uaireanta bíonn macalla mo chuid fadhbanna féin le sonrú iontu nó léargas ar mhórfhadhb shochaíoch. Tuigim an tábhacht a bhaineann lena leithéid de cheist. Caithim an tseachtain ag smaoineamh faoi agus nuair a thagann sé in am dom peann a chur le paipéar, ní bhíonn a fhios agam cad le scríobh.

Tugann sibhse, a léitheoirí, bhur scéalta agus bhur bhfadhbanna dom le leochaileacht agus le muinín. Déanaim iarracht bhur gceisteanna a fhreagairt le grá. Tá súil agam go gcuideoidh an freagra seo leis an duine seo, agus b’fhéidir leatsa fosta, a léitheoir.

Gan ainm, 29
Cad é mar is féidir liom grá a thabhairt do mo chorp féin? Tá mé iontach míshásta leis an chuma atá orm mar gheall go bhfuil mé róthrom. Tá mo chuid cairde uilig níos lú ná mé. Ní bhíonn cuma mhaith ar éadaí orm. Triailim aistí bia nua an t-am ar fad agus nuair nach bhfeicim athrú ar bith, éirím as agus uaireanta bím níos troime. Ba mhaith liom a bheith ábalta titim i ngrá le duine ach sílim go bhfuil sé seo ag cur as dom (agus do dhaoine eile). Deirtear de ghnáth nach féidir glacadh le grá go dtí go bhfuil grá agat duit féin. Ach cad é mar is féidir liom é sin a dhéanamh?

Ceist mhór í seo a croí. Sílim go bhfuil dhá rud i gceist anseo: ba mhaith leat tú féin a athrú… agus ba mhaith leat a bheith in ann grá a thabhairt duit féin mar atá tú. Dhéanfainnse an argóint gur tábhachtaí i bhfad an dara ceann. Mar sin, ní bheidh mé ag díriú ar conas an chuma atá ort féin a athrú. Leis an fhéinghrá, is fearr i bhfad glacadh leat féin mar atá, seachas a bheith ag díriú ar “cheann scríbe”. 

Beidh mé sásta nuair…Beidh grá agam dom féin nuair…Is fiú grá mé nuair…

Is fiú anois thú. Cibé méid atá ar na héadaí a chaitheann tú, cibé uimhir atá ar na scálaí, is fiú thú. Nuair a chinneann tú go mbeidh tú sásta “nuair” a bhainfidh tú rud áirithe amach, tá tú ag rá go bhfuil do shástacht bunaithe ar am ar leith, ar éacht ar leith. Agus i mo thaithí féin (agus de réir taighde!), nuair a bhaineann na cineálacha daoine an sprioc sin amach, ní bhíonn siad “sásta”. Bíonn siad ag díriú ar an chéad sprioc eile.

Ní “spriocanna” iad an t-áthas nó an mhuinín. Laethanta áirithe bím níos sásta ná laethanta eile, agus cuid den am bím níos muiníní ná amanna eile. Ach tá luach liom gach lá den tsaol. Agus tá leatsa, a stór.

Tá mé ag dul a bhriseadh mo chuid comhairle ina trí chuid duit: iontógáil, cúram agus féinchaint.

Iontógáil

Níl mé ag caint ar chúrsaí bia anseo, buíochas mór le Dia. Cad iad na hábhair a dtugann tú aird orthu, a n-amharcann tú orthu, a leanann tú ar na meáin shóisialta? An bhfuil siad lán de dhaoine foirfe? Daoine ar mhaith leat a bheith cosúil leo ach nach mothaíonn inbhainte amach? A chroí, níl an t-ábhar sin maith duit. 

Lean gnáthdhaoine ar na meáin shóisialta: daoine a bhfuil an chuma chéanna orthu is atá ortsa. Níl cuntas Kendall Jenner ag déanamh maitheas do mhuinín aon duine. Molaimse go hard Louise McSharry agus Nadine Reid: daoine dearfacha atá faiseanta, stíliúil, cúláilte agus nach méid 4 atá iontu. Má líonann tú do ghuthán féin le dearfacht ar an dóigh seo, agus má fheiceann tú an grá atá ag na daoine sin dóibh féin, b’fhéidir go mbeifeá in ann a bheith níos cineálta duit féin.

Cúram

Tóg am duit féin agus déan rud éigin do do chorp. Déan suathaireacht ort féin, las coinnle agus cuir ceol deas ag dul. Tabhair cosmhaisiú duit féin agus cuir snas ar d’ingne. Glac cith te fada leis an ghlóthach chithfholctha is deise atá agat. Cuir lóis choirp ort féin sula dtéann tú a luí. Déan na rudaí seo do do chorp féin, le grá, agus aithin an dóigh a mothaíonn sé. 

Glac do chuid ama agus amharc ar do chorp. Aithin na rudaí is maith leat. B’fhéídir go bhfuil craiceann mín agat, nó gruaig fhada, nó srón ghleoite. Tabhair aitheantas do na píosaí díot féin a bhfuil dúil agat iontu.

Tabhair aitheantas do na rudaí a ligeann do chorp duit a dhéanamh fosta. An dtig leat uirlis a sheinm? Ar fheabhas! An bhfuil tú ábalta dul amach ag siúl ar lá grianmhar? Iontach! An féidir leat síneadh amach ar bhealach atá an-sásúil? Ar dóigh! Déan ceiliúradh ar na rudaí a thig leat a dhéanamh mar gheall ar an chorp atá agat. Níl ach corp amháin agat. Tá sé go maith agat a aithint cé chomh maith is atá sé duit.

Féinchaint

Oicé, thug mé “féinchaint” air seo, ach i ndáiríre, sílim go dtosaíonn féinchaint dhearfach le caint dhearfach faoi dhaoine eile. Stop tú féin má fheiceann tú duine trom agus má ritheann drochsmaoineamh leat fúthu. Aimsigh rud éigin a bhfuil dúil agat ann fúthu, agus abair sin leo más mian leat fiú! Má thugann muid dearfacht do dhaoine eile agus má bhíonn muid cineálta le daoine eile, bíonn sé i bhfad níos fusa agus níos nádúrtha a bheith chomh deas céanna linn féin.

An chéad uair eile agus tú ag an linn snámha nó ag an trá, amharc thart. Níl duine ar bith ag amharc ort. Níl duine ar bith ag gáire ort. Tá gach duine dírithe orthu féin. Is cuma fút – ar bhealach maith! Déan iarracht gan a bheith ag smaoineamh ar cad é atá ar intinn ag daoine eile. Is maith an seans go bhfuil siadsan ag smaoineamh orthu féin.

Ná lig don ghuth sin i do cheann a rá leat nach bhfuil luach leat mar gheall ar mhéid na n-éadaí a chaitheann tú. Bíodh do ghuth níos airde. Bíodh d’fhéinchaint níos dearfaí. Bíodh do mheon níos grámhaire. Ná déan dearmad: ní hionann tusa mar dhuine agus an chuma atá ort. Tá grá ag daoine duit agus tá luach leat mar dhuine. 


An bhfuil comhairle uait? Seol ceist nó fadhb, mór nó beag, chuig Kathryn san fhoirm anaithnid seo, agus freagróidh sí do cheist amach anseo. 

The post Comhairle Carad: Féinghrá appeared first on NÓS.

Níos mó