![](/wp-content/themes/yootheme/cache/7b/clubcon-1no-c%C3%BAlra-7b25a5ff.png)
Féile Shamhraidh an Chlub
Féile Shamhraidh an Chlub
@ Club Chonradh na Gaeilge
Céiliúrfar tús an tSamhraidh i gClub Chonradh na Gaeilge, croílár phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Beidh scoth na gceoltóirí is na bhfilí beo againn ar an stáitse agus BBQ Gaelach amuigh sa ghairdín. Beidh an t-imeacht saor in aisce is fáilte roimh chách idir sheanchairde is nua.