Ciorcail Chomhrá: Comórtas na hÍomhá
Ciorcail Chomhrá: Comórtas na hÍomhá
CompetitionAn bhfuil ciorcal comhrá á eagrú agat, agus an bhfuil sé thuas ar PEIG?
Má tá, táimid ag lorg grianghraif den ghrúpa iad féin nó póstaer don chiorcal, ar féidir linn a chur leis an eolas faoi do chiorcal ar PEIG, chomh maith leis an eolas faoi amanna agus áiteanna. Is féidir iad a sheoladh chuig caint@cnag.ie
Fiú má tá grianghraf de bhur ngrúpa suas ar PEIG cheana féin, is féidir libh íomhá nua a sheoladh chugainn chun a bheith san áireamh don chomórtas.
Tá 3 dhuais le buachan, dearbháin One4All agus leabhair Gaeilge ina measc.
Ádh mór agus táimid ag súil go mór le bhur n-íomhánna a fheiceáil!
Tá liosta de na gciorcail ar PEIG anseo.