Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘gerrymandering’-in-aghaidh-na-gaeilge-ar-siul-ag-an-roinn-oideachais

‘Gerrymandering’ in aghaidh na Gaeilge ar siúl ag an Roinn Oideachais

Tá “gerrymandering” ar siúl ag an Roinn Oideachais in aghaidh na Gaeilge agus lucht ghaelscoileanna Bhaile Átha Cliath.

Ag cruinniú i dTeach Laighean tráthnóna, cuireadh i leith na Roinne Oideachais go bhfuil éagóir á déanamh acu ar pháistí gaelscoile trí diúltú tuilleadh gaelcholáistí a thógáil.

Dúirt príomhoide gaelscoile amháin a labhair ag an gcruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge go mbrisfeadh sé do chroí páistí a bhfuil oideachas gaelscoile faighte ar feadh ocht mbliana acu a fheiceáil ag dul ar aghaidh go dtí iar-bhunscoileanna Béarla toisc nach bhfuil aon rogha eile ann.

“Toisc nach bhfuil gaelcholáiste sa cheantar, cailltear go leor páistí as an gcóras gaelscolaíochta. Is scannal é seo agus taispeánann sé easpa measa an stáit agus na Roinne Oideachais ar fhorbairt na Gaeilge agus na gaelscolaíochta,”arsa Cormac Chambers, Príomhoide Ghaelscoil Lios na nÓg i Raghnallach.

“I mo scoil fhéin, Gaelscoil Lios na nÓg, feicim an pictiúr seo go bliantúil. Faoin am go dtagann na páistí go dtí rang a 6, bíonn an-chuid oibre déanta ag múinteoirí agus foireann uile na scoile leis na páistí len iad a fhréamhú sa teanga agus sa chultúr Gaelach.

“Nuair a fheiceann muid Os cionn leath de na páistí sin ag bogadh ar aghaidh go dtí scoileanna Béarla ina dhiaidh seo briseann sé ár gcroíthe toisc go bhfuil an cinneadh déanta ag na tuismitheoirí ar bhonn praiticiúil agus tuigimid go mbeadh siad fanta sa chóras gaelscolaíochta dá mbeadh an rogha acu.”

Cormac Chambers

Dúirt Cormac Chambers go bhfágann an scéala nach bhfuil aon ghaelcholáiste sa cheantar go bhfuil “cultúr” ann ina nglactar leis go mbeidh go leor páistí gaelscoile ag freastal ar scoileanna dara leibhéal Béarla éagsúla, cultúr a scriosann “an comhphobal láidir atá tógtha thar ocht mbliana”.

Dúirt Chambers gurb é an freagra a bhíonn ag an Roinn Oideachais ar lucht an fheachtais Gaelcholáiste do Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8 go bhfuil áiteanna ar fáil i ngaelcholáiste i Ráth Fearnáin ach go bhfuil Ráth Fearnáin “go hiomlán taobh amuigh” de cheantar na gcúig ghaelscoil atá páirteach san fheachtas – Gaelscoil Lios na n-Óg, Scoil Bhríde, Gaelscoil Eoin, Bunscoil Sancta Maria, Sráid Synge, Gaelscoil Inse Chór agus Scoil Mológa.

Dúirt sé go raibh cur chuige na Roinne Oideachais ag teacht salach ar pholasaí an rialtais i leith fhorbairt an ghaeloideachais agus go raibh “neamhaird” á déanamh ag an Roinn ar chearta teanga pháistí an cheantair agus ar an “ceart atá acu leanúint lena n-aistear oideachais lán-ghaelach ina gceantar fhéin”.

Eoin Mac Maoilir

Dúirt Eoin Mac Maoilir, Cathaoirleach Ghaelscoil Shliabh Rua agus ball den ghrúpa feachtais Gaelscoil4Cherrywood, go raibh méadú 48% tagtha ar líon na ndaltaí gaelscoile i gceantar Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin ó 2015. 2,062 dalta atá ag freastal ar na gaelscoileanna sa cheantar faoi láthair agus “an figiúr sin ag méadú bliain i ndiaidh bliana”.

Dúirt Eoin Mac Maoilir gurb é mórcheantar Bhaile Átha Cliath Theas an ceantar is mó sa stát inar tháinig fás ar líon na ndaltaí gaelscoile le 10 mbliana anuas agus nach raibh dóthain áiteanna do na daltaí sin i ngaelcholáistí an cheantair.

“Tá an Roinn Oideachais ag déanamh beag is fiú de spriocanna agus seasamh an stáit leis an easpa gnímh i leith na gaelscolaíochta,” a dúirt Cathaoirleach Ghaelscoil Shliabh Rua.

“Tá tuismitheoirí ar mian leo a bpáistí a chur chuig scoileanna lán-Ghaeilge fágtha as an bpróiseas mar gheall ar an modh a ritheann an stáit na comórtais phátrúnachta. Tá sé cosúil le gerrymandering. Tá an próiseas tógtha ar bhealach ina dtéann ár nguth amú. Ba chóir go mbeadh an deis ag gach páiste san stát oideachas a fháil trí Ghaeilge.”

Mhol sé go mbunófaí próiseas nua chun scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú, go mbeadh ceart de réir dlí ag duine freastal ar an oideachas lán-Ghaeilge agus go dtabharfaí isteach dualgas reachtúil líon na scoileanna lán-Ghaeilge a ardú.

Maidir leis an bhfeachtas Gaelcholáiste4Cherrywood, dúirt sé:

“Tá suíomh ann. Tá na páistí ann. Tá an deis ann. Tóg é le bhur dtoil.

Sinéad Nic Aindriú

Dúirt an Dr Sinéad Nic Aindriú, tuismitheoir a bhfuil beirt pháistí́ aici i nGaelscoil Áine, bunscoil lán-Ghaeilge idirchreidmheach i mBaile Átha Cliath 9, mar a bhfuil feachtas ar siúl freisin ar mhaithe le gaelcholáiste nua, gur cheart sprioc an Rialtais, líon na ndaltaí́ atá ag fáil oideachas trí Ghaeilge a dhúbailt, a chur i bhfeidhm.

“Laghdú atá tar éis teacht ar líon na ndaltaí atá ag fáil oideachas trí Ghaeilge den chéad uair le 50 bliain anuas,” a dúirt Nic Aindriú, léachtóir in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

“Ná glacaimis le leithscéalta an Aire Oideachais ná a Roinne a thuilleadh. Ní mór treoir chinnte a thabhairt dóibh freastal ar éileamh an phobail ar an ngaeloideachas láithreach.”

Trí bhunscoil lán-Ghaeilge – Gaelscoil Áine, Scoil Mobhí, agus Scoil an tSeachtar Laoch – atá i mBaile Átha Cliath 9 agus tá trí ghaelscoil eile gar don cheantar – Gaelscoil Bhaile Munna (BÁC 11), Gaelscoil Cholmcille (BÁC 17) agus Scoil Neasáin (BÁC 5). Áit do 1,352 dalta atá sna scoileanna sin ach dúirt Sinéad Nic Aindriú go mbíonn an “ráta aistrithe” go hiar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge íseal toisc nach mbíonn aon rogha ag a lán tuismitheoirí.

Dúirt sí go raibh ró-éileamh ar na bunscoileanna lán-Ghaeilge sa cheantar, ach ina ainneoin sin nach raibh ach iar-bhunscoil lán-Ghaeilge amháin sa cheantar agus ró-éileamh uirthi sin chomh maith. Dúirt sí nár osclaíodh aon iar-bhunscoil lán-Ghaeilge nua sa cheantar ó 1972.

“Beidh 149 dalta ag fágáil na mbunscoileanna lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath 5, 9 agus 11 in 2024 agus gan ach 96 áit i Scoil Chaitríona. Tiocfaidh fás ar an bhfigiúr sin de réir mar atá Gaelscoil Áine ag forbairt –  níl ach suas go rang 3 sa scoil faoi láthair,” a dúirt an Dr Nic Aindriú.

Dúirt sí gur chóir go mbeadh an ceart ag gach páiste freastal ar scoil lán-Ghaeilge ina dteanga náisiúnta agus go mbeadh sé de cheart ag gach páiste, daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu san áireamh, freastal ar scoil ionchuimsitheach.

“Tá iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil ranganna speisialta iontu ag teastáil chun tabhairt faoi seo sa cheantar. Faoi láthair ní bhíonn an rogha ag roinnt daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachas acu freastal ar iar-bhunscoil lán-Ghaeilge mar níl aon ranganna speisialta ar fáil dóibh i nGaelcholáiste.”

Rachel de Bhailís

Dúirt Rachel de Bhailís, tuismitheoir agus múinteoir as Sord, go raibh sí i láthair ag an gcruinniú thar ceann thuismitheoirí Thuaisceart Átha Cliath “chun an teachtaireacht a scaipeadh go bhfuil éagóir ar siúl sa tír seo, éagóir ar phobal na Gaeilge”.

“Baineann an éagóir le daoirse agus le réamhchlaonadh, mar nach bhfuil clanna sa tír seo in ann rochtain chothrom a fháil ar oideachas lán-Ghaeilge ag an dara leibhéal,” arsa Rachel de Bhailís.

Dúirt sí go raibh éileamh ar an ngaeloideachas i dtuaisceart Átha Cliath mar gur thuig daoine buntáiste an dátheangachais agus tábhacht chultúr agus theanga na tíre.

Ba thrua nach raibh an tuiscint chéanna ag an Roinn Oideachais, a dúirt sí, agus chuir sí i leith na Roinne go raibh “beag is fiú” á dhéanamh acu “de spriocanna agus seasamh an stáit” i leith na gaelscolaíochta.

“Mar gheall ar an dímheas seo ón Roinn Oideachas, tá neart clanna amuigh sa phobal gan rogha acu a bpáistí a sheoladh ar aghaidh chuig Gaelcholáiste, tar éis ocht mbliana a chaitheamh ag dul trí oideachas lán Ghaeilge ag an mbunleibhéal.”

921 dalta atá ag freastal ar na trí ghaelscoil atá sa cheantar – Gaelscoil Bhrian Boróimhe, Scoil an Duinnínigh agus Gaelscoil na Mara a bunaíodh in 2020.

Dúirt Rachel de Bhailís nach raibh sprioc na Roinne Oideachas go mbraithfeadh an uile dhuine sa chóras oideachais ‘go bhfuil siad luachmhar agus go bhfuil tacaíocht á fáil acu’ á comhlíonadh aici i gcás lucht na Gaeilge i mBaile Átha Cliath.

“Cén fáth nach bhfuil bunscoil agus meánscoil Ghaeilge i ngach ceantar nuair atá an t-éileamh ann? Gheall an rialtas reatha an méid sin sa Chlár Rialtais.Cén fáth a gcaitheann páistí mhuintir na Gaeilge taisteal fada a dhéanamh chun dul ar scoil?

“Cén fáth a gcaithfidh ár gcuid páistí fulaingt, mar gheall nach bhfuil siad in ann páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí scoile, spórt srl i ndiaidh am scoile, mar gheall go gcaitheann siad an bus scoile a fháil abhaile chuile lá?

“Cén fáth a bhfuil clanna Éireannacha in 2024 faoi bhos an chait, toisc go ndearna siad cinneadh dul i dtreo oideachas lán-Ghaeilge?”

Treasa Ní Mhurchú

Dúirt Treasa Ní Mhurchú ón Naíonra An Teanga Bheo i mBaile Formaid nach bhfaigheann an chuid is mó de na páistí a bhíonn acu áit sna scoileanna lán-Ghaeilge is cóngaraí dóibh, in Inse Chór agus Cluain Dolcáin, toisc nach bhfuil cónaí orthu sna cheantair sin. Dúirt sí go raibh an naíonra lonnaithe san aon cheantar sa chathair – Baile Átha Cliath 10, 12 – nach bhfuil aon ghaelscoil nó gaelcholáiste ann.

Níos mó