Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
bileoga-toghchain-i-mbearla-a-scaipeadh-ag-sinn-fein-sa-ghaeltacht

Bileoga toghcháin i mBéarla á scaipeadh ag Sinn Féin sa Ghaeltacht

Fianna Fáil an t-aon pháirtí go dtí seo a scaip leagan Gaeilge dá ‘Litreacha um Thoghchán‘ don toghchán Eorpach an mhí seo chugainn

Bileoga toghcháin i mBéarla á scaipeadh ag Sinn Féin sa Ghaeltacht

Sinn Féin an páirtí is déanaí atá ag scaipeadh tríd an bpost bileoga toghcháin i mBéarla ar theaghlaigh sa Ghaeltacht.

Fágann sin gurb iad Fianna Fáil an t-aon pháirtí go dtí seo a scaip leagan Gaeilge dá ‘Litreacha um Thoghchán’ don toghchán Eorpach an mhí seo chugainn.

Leagan Béarla a fuair teaghlaigh i nGaeltacht Chonamara den bhileog sin agus fuair teaghlaigh eile an dá leagan.

Ar na bileoga Béarla atá á scaipeadh ag Sinn Féin ar theaghlaigh sa Ghaeltacht, tá ceann dá n-iarrthóir sa toghlach Lár Tíre-an tIarthuaisceart, Chris McManus.

Cúpla abairt bheag atá i nGaeilge sa teachtaireacht ar chúl na bileoige, ‘Tosaíonn an t-athrú anseo. Seo í an chéad chéim’ agus ‘Vótáil Sinn Féin’.

Dúirt Chris McManus le déanaí go ndéanfadh Sinn Féin iarracht deireadh a chur leis an srian atá ar sheirbhísí Gaeilge i bParlaimint na hEorpa.

Bileog Bhéarla atá á scaipeadh sa phost ag Sinn Féin  chomh maith do Paul Gavan agus Kathleen Funchion, a n-iarrthóirí i dtoghlach an Deiscirt, mar a bhfuil Gaeltacht na Mumhan go léir.

Dúirt urlabhraí ó Shinn Féin le Tuairisc gur thug An Post le fios dóibh nach scaiptear do gach páirtí ach leagan amháin dá ‘Litreacha um Thoghchán’. Ba é seo an míniú céanna a thug Fine Gael ar bhileoga i mBéarla amháin a sheoladh chuig teaghlaigh sa Ghaeltacht.

Tá leaganacha Gaeilge de bhileoga Shinn Féin ag an bpáirtí dá n-iarrthóirí sa Deisceart agus i Lár Tíre-an tIarthuaisceart agus dúirt an t-urlabhraí go mbíonn na leaganacha sin á scaipeadh de láimh ag an bpáirtí agus iad i mbun stocaireachta sa Ghaeltacht.

Maidir leis na bileoga Béarla a seoladh sa phost, dúirt an t-urlabhraí go bhfiosródh Sinn Féin athuair féachaint an bhféadfaí a chinntiú gur leagan Gaeilge de bhileoga toghcháin a sheolfaí chuig teaghlaigh Ghaeltachta amach anseo.

Bileoga Béarla chomh maith atá á scaipeadh ar theaghlaigh Ghaeltachta i dtoghlach an Deiscirt ag Páirtí an Lucht Oibre dá n-iarrthóir Niamh Hourigan.

Béarla amháin  atá ar bhileoga Derek Blighe ó Ireland First. Bileog i mBéarla atá ag na Daonlathaithe Sóisialta do Susan Doyle, cé go bhfuil leagan Gaeilge dá bileog toghcháin ar fáil ar líne agus nasc chuige ar an mbileog a scaipeadh tríd an bpost.

Níos túisce an mhí seo, dúirt Fine Gael le Tuairisc go mb’éigean dóibh bileoga toghcháin i mBéarla amháin a scaipeadh sa Ghaeltacht.

Nuair a cheistigh Tuairisc Fine Gael an mhí seo faoin scéala nach raibh focal Gaeilge ar bhileoga a n-iarrthóirí sna toghcháin Eorpacha, Maria Walsh agus Nina Carberry, dúradh nach raibh aon “rogha” eile acu.

Dúirt urlabhraí de chuid Fhine Gael go mbíonn iarrthóirí i dtoghcháin Eorpacha agus in olltoghcháin i dteideal bileog amháin a sheoladh saor in aisce go dtí gach teaghlach nó vótálaí – Litir um Thoghcháin.

Níos mó