Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘dualgas-moralta’-ar-dhaoine-ata-freagrach-as-cursai-teanga-an-ghaeilge-a-fhoghlaim-–-aire-stait-na-gaeltachta

‘Dualgas morálta’ ar dhaoine atá freagrach as cúrsaí teanga an Ghaeilge a fhoghlaim – Aire Stáit na Gaeltachta

| tuairisc | ,

Tá imní léirithe go mbeidh ar scoileanna Gaeltachta i nGaillimh iompú ar an mBéarla chun a gcuid gnó a dhéanamh mar go bhfuil duine gan Ghaeilge le ceapadh i bpost sinsearach ar Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin

‘Dualgas morálta’ ar dhaoine atá freagrach as cúrsaí teanga an Ghaeilge a fhoghlaim – Aire Stáit na Gaeltachta

Tá ráite ag an Teachta Dála Catherine Connolly gur ábhar imní agus buartha é go bhfuil daoine nach bhfuil Gaeilge acu á gceapadh i bpostanna sinsearacha a bhfuil cúraimí maidir le cúrsaí teanga agus Gaeltachta ag dul leo.

Dúirt Catherine Connolly go raibh roinnt ceapachán fógartha ina contae dúchais le gairid a d’fhágfadh go mbeadh duine gan Ghaeilge freagrach as freastal ar chúrsaí áirithe i nGaeltacht na Gaillimhe.

Agus í ag labhairt i dTeach Laighean, dúirt Connolly nach raibh sí ag iarraidh díriú i ar aon dhuine ar leith ach go raibh ceapacháin déanta maidir le postanna sinsearacha sna húdaráis áitiúla agus ar Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETB) a d’fhág nach mbeadh muintir na Gaeltachta in ann cumarsáid a dhéanamh ina dteanga féin.

Dúirt an Teachta Dála Neamhspleách go mbíonn an stát ag maíomh go bhfuil sé ag iarraidh an Ghaeilge a chur “i lár an aonaigh” ach go léiríonn scéalta cosúil leis seo go bhfuil sí fós fágtha ar an imeall.

Dúirt Catherine Connolly gur baineadh “stangadh ollmhór’ aisti nuair a chuala sí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta gur dúradh le príomhoidí in iarbhunscoileanna Gaeltachta i nGaillimh go bhféadfadh siad a gcuid plé le Stiúrthóir nua na Scoileanna san eagraíocht a dhéanamh i mBéarla toisc go raibh Béarla acu ar fad agus nach raibh Gaeilge ag an stiúrthóir nua.

Agus é ag labhairt os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Thomas Byrne go raibh súil aige go rachadh an plean náisiúnta earcaíochta i ngleic leis an bhfadhb, ach dúirt sé freisin go raibh sé den tuairim go raibh “dualgas morálta” ar oifigigh a bhíonn freagrach as cúrsaí Gaeilge an teanga a fhoghlaim.

“Má tá freagracht ar dhaoine i bpostanna sinsearacha maidir le cúrsaí Gaeilge agus cúrsaí Gaeltachta, measaim go bhfuil sórt dualgas morálta orthu an Ghaeilge a fhoghlaim,” a dúirt an tAire Byrne.

Dúirt sé go bhféadfaí an obair a rinne an Teachta Dála Joe McHugh chun an Ghaeilge a fhoghlaim nuair a ceapadh é ina aire stáit Gaeltachta a thógáil mar dhea-shampla den dul chun cinn a d’fhéadfaí a dhéanamh.

Maidir le cás an GRETB, tá príomhoidí na n-iarbhunscoileanna Gaeltachta a thagann faoi scáth na heagraíochta tagtha le chéile chun plean a ullmhú chun an Ghaeilge a chothú agus a neartú sna scoileanna.

Agus é ag labhairt ar an gclár Adhmhaidin ar Raidió na Gaeltachta, dúirt príomhoide Ghairmscoil Éinne in Inis Mór, Micheál Ó Cúláin, go raibh súil aige nach gcuirfí dualgas air féin ná ar aon scoil Ghaeltachta aon chuid dá gcuid oibre a dhéanamh trí Bhéarla.

“Ní fheicim in aon bhealach, má tá aon cheo nó aon bhród fanta ionainn mar Ghaeil go mbeifí ag iarraidh orainn dul agus é a dhéanamh agus go mbeadh in aon bhealach dualgas ormsa dul agus mo ghnaithí a dhéanamh trí Bhéarla istigh i lár na Gaeltachta. Ní tharlóidh sé domsa agus tá súil agam nach dtarlóidh sé in aon bhealach sa todhchaí ach an oiread,” a dúirt Ó Cúláin.

Tá na hiarbhunscoileanna in Inis Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr i measc na gcinn Ghaeltachta atá faoi scáth GRETB agus tá a míshástacht leis an scéal curtha in iúl ag Comhdháil Oileáin na hÉireann.

I litir chuig Coiste Gaeilge an Oireachais, dúradh gur impíodh ar GRETB go gceapfaí duine le Gaeilge mar Stiúrthóir na Scoileanna ach gur léir nár tugadh aon aird orthu.

“Níl Comhdháil Oileáin na hÉireann sásta glacadh leis, níl Conradh na Gaeilge sásta leis agus níl na scoileanna dara leibhéal sásta leis.

Is léir go gcaithfear brú a chur ar an Aire Oideachais Norma Foley agus ar an Roinn maidir leis an gceist seo a chur ina cheart,” a dúradh sa litir agus cruinniú á iarraidh acu leis an gcoiste.

Níos mó