Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
dan-as-an-bpalaistin-a-reic-i-ngaeilge-i-scannan-nua-faisneise

Dán as an bPalaistín á reic i nGaeilge i scannán nua faisnéise

Tá dán leis an fhile Palaistíneach Refaat Alareer, a maraíodh in ionsaí a rinne Iosrael anuraidh, á reic i nGaeilge ag bean Ghaeltachta i scannán faisnéise nua faoi chuairt stairiúil a thug foireann peile ban na Palaistíne ar Éirinn an mhí seo caite.

Sa scannán nua Let it bring Hope, léiriú de chuid Push Pull Media, cluintear Niamh Learmot, as Gort a Choirce, i nDún na nGall, i mbun leagan Gaeilge de dhán Refaat Alareer ‘Más é an Bás is Dán Dom’.

Leanann an scannán, atá ag tarraingt cuid mhór airde ar na meáin shóisialta, peileadóirí ban na Palaistíne ar a gcéad turas riamh go hÉirinn agus iad ag imirt in aghaidh Chumann Peile na Bohemians, i Staid Dalymount i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath.

Club Bohemians a d’eagraigh an cluiche a bhailigh €100,000 do charthanachtaí in Gaza chun dlúthpháirtíocht a léiriú le muintir na Palaistíne.

Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt Jamie Goldrick, a léirigh agus a stiúraigh Let it Bring Hope, go raibh sé “an-tábhachtach” dó féin go mbeadh an Ghaeilge le cloisteáil sa scannán.

“Gach duine a labhraíonn muid leo sa scannán, luann siad an ceangal staire idir na Gaeil agus na Palaistínigh, taithí acu araon ar an ansmacht. Agus an scannán seo á dhéanamh agus á chur in eagar againn, ba dheacair gan suntas a chur sa méid uaireanta a dúradh sin linn! Cheapas go raibh sé tábhachtach Gaeilge a bheith sa scannán mar gur slí eile é sin chun an teachtaireacht a chur in iúl ach ar leibhéal eile.

“Tarraingíonn an Ghaeilge sa scannán aird ar a bhfuil bainte dár bhformhór trí dhíshealbhú foréigneach, agus léiríonn sí an taithí atá againn beirt ar an ansmacht.”

Dúirt Goldrick, a bhfuil cláracha Gaeilge déanta aige do TG4, go raibh sé ag iarraidh go gcluinfí dán Refaat Aleerar i nGaeilge nuair a bhí bomaite ciúnais ann le linn an chluiche, ceann de na radharcanna is tábhachtaí sa chlár.

“Tá an nóiméad ciúnais sin ar cheann de na hamanta is tábhachtaí sa scannán mar go n-aontaíonn sé an dá phobal, ar bhealach a mhothaímid.

“Ba é dán álainn tragóideach Refaat an tslí ab fhearr ar fad chun sin a dhéanamh.”

Colm Ó Ceallacháin a d’aistrigh an leagan Gaeilge de dhán Refaat Alareer ‘Más é an Bás is Dán Dom’, a foilsíodh sa chnuasach dánta agus aistí Ar son na Palaistíne a chuir Leabhar Breac amach i mbliana.

“Mheasas go raibh sé iontach oiriúnach don scannán seo. Tá mé ag obair le Niamh Learmont faoi láthair ar chlár faisnéise do RTÉ agus thairg sí go n-aithriseodh sí an dán agus rinne sí sin go paiteanta,” a dúirt Goldrick.

Ag labhairt di le Tuairisc, dúirt Niamh Learmont, gur cúis mhór “bróid” di a bheith páirteach sa chlár agus an deis a bheith aici dán Refaat Alareer, atá aistrithe go teangacha éagsúla ar fud an domhain, a rá i nGaeilge.

‘Let it Bring Hope’ 🇵🇸

The full documentary made by @PushPull_Media on our hosting of the historic first ever visit of a Palestinian National team to Europe last week is OUT NOW: https://t.co/bYMRUt326n

Below is a snippet from kick-off to the end of the game itself.

Huge… pic.twitter.com/qUwItNUQAD

— Bohemian Football Club (@bfcdublin) May 22, 2024

“Tá mé iontach buíoch a bheith páirteach sa togra. Gníomhaire a bhí in Refaat, file, scríbhneoir agus léachtóir a fuair go leor bagairtí báis.

“Scríobh sé an dán mar go raibh a fhios aige go raibh an bás i ndán dó agus maraíodh é ar an séú lá den Nollag 2023 in aerionsaí. Maraíodh deirfiúr s’aige, deartháir s’aige agus ceathrar iníonacha. Sin cuid mhór daoine i dteaghlach amháin in aon lá amháin.

“Is iomaí scríbhneoir, file agus iriseoir a maraíodh ó thosaigh na hionsaithe is déanaí an Deireadh Fómhair seo caite. An oiread sin tallann agus glóracha an phobail caillte. Tá cinedhíothú á dhéanamh ar mhuintir na Palaistíne agus tá le blianta. Mura bhfuil sé soiléir anois, beidh sna leabhair staire amach anseo, mar sin, caithfidh muidne seasamh leo,” a dúirt Niamh Learmont.

Bhí Staid Dalymount lán go doras don chluiche idir an Phalaistín agus Bohemians. Ina measc siúd a bhí i láthair, bhí an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn, a chuir fáilte roimh fhoireann na Palaistíne in Áras an Uachtaráin roimh an chluiche.

Dúirt Goldrick gurb é croí scéal Let it bring hope, an grá, an dóchas agus an dlúthpháirtíocht.

“Bhí an deoir le gach súil in Dalymount, oíche thar a bheith speisialta a bhí inti, agus tá súil agam go bhfuil ábhairín beag éigin den ghrá agus den dlúthpháirtíocht a léiríodh ansin léirithe sa scannán. Tá sé an-tábhachtach go deo go raibh an fhoireann sin ábalta dul ar ais go dtí an Phalaistín agus gach ar bhraith siad anseo a chur in iúl dá muintir thall. Tá an dóchas agus an misneach fíorthábhachtach sna laethanta dorcha dorcha seo,” a dúirt sé.

Is féidir breathnú ar an scannán iomlán Let it Bring Hope anseo.

Níos mó