Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
cuntas-o-cheanada:-saol-an-chuais

Cuntas ó Cheanada: Saol an Chuais

Cad é a dhéanann tú nuair a thagann tú aghaidh ar aghaidh le béar? An créatúr seo a chuirfeadh eagla ar dhuine ar bith, le fiacla móra agus ingne géara, atá chomh mór le carr agus chomh trom le tanc. Ach is í an fhírinne ná nach bhfuil na staitisticí ann le léiriú gur bagairt don duine iad. Cosúil le siorcanna san Astráíl, tá droch-chlú ar an speiceas. 

Anois, ar ndóigh, tá scéalta brónacha anseo is ansiúd faoi dhaoine ar mharaigh béir iad. I mo chuid taighdese féin cibé, bhí imthosca maolaitheacha ag baint le chóir a bheith gach ceann acu. Le fírinne, fad is a ligeann tú dóibh agus nach gcuireann tú isteach orthu, ní chuirfidh siadsan isteach ort.

Is ainmhithe uaisle iad agus is ar a gcuidsean talún a shiúlann muid. 

Anseo i gCuas an Teileagraif (beidh na logainmneacha eile á n-aistriú agam roimh i bhfad!), tarlaíonn na cruinnithe seo go minic. Tharla sé dúinne an lá faoi dheireadh.

Bhí muid amuigh ag siúl i ndiaidh na hoibre. Ní sa choill nó sna sléibhte a bhí muid ach ag siúl go dtí an siopa beag nuair a chas muid ar bhéar ar an bhóthar. Béar dubh a bhí ann. Ní thagann na hollbhéir Mheiriceánacha (sin na grizzlies) go dtí an chuid seo d’Oileán Vancouver go rómhinic. D’amharc sé orainn, d’amharc muidne air, agus lean sé ar aghaidh ag ithe a dhinnéir. 

Thig leat muintir Cheanada agus daoine nach as Ceanada iad a scagadh óna chéile bunaithe ar cé chomh tógtha is atá siad béar a fheiceáil. Bhí mé féin agus Bríd mar a bheadh páistí ann. Déarfainn go raibh muid i ngiorracht fiche méadar dó. Agus ba leor sin!

Níor chóir duit dul róchóngarach do bhéar nó d’ainmhí ar bith anseo. Ar ndóigh, tá do shábháilteacht féin thar a bheith tábhachtach ach caithfear smaointiú ar shábháilteacht na n-ainmhithe chomh maith. Má théann duine róchóngarach d’ainmhí, sílfidh siad gur bagairt thú agus mothóidh siad go bhfuil siad faoi ionsaí. Má tharlaíonn seo, is minic a chaithfear an t-ainmhí a chur chun suain ar an drochuair. 

Go bunúsach, ligfidh ainmhithe duit do rogha rud a dhéanamh fad is nach bagairt thú. Má fheiceann tú ainmhí amuigh ag siúl, fiú má thugann sé fá deara thú, bheadh mí-ádh ort dá ndéanfadh sé ionsaí ort. 

Bhí scéal ann anuraidh gur tháinig béar anuas go dtí an clárchosán i gCuas an Teileagraif agus gur tháinig ceathrar air agus go raibh an ceathrar acu ar meisce. Thug siad dúshlán dá chéile le feiceáil cé a rachfadh ní ba chóngaraí don bhéar.

Bhrúigh siad an créatúr bocht isteach i gcoirneáil agus sheas sé suas ar a chosa deiridh, comhartha go raibh sé ar tí ionsaí a dhéanamh. Chonaic na maoir anseo é agus ar an drochuair bhí orthu an cinneadh a ghlacadh an béar a chur chun suain. 

A luaithe is a sheasann béar, is bagairt é don phobal mhór, fiú munar ionsaigh sé duine ar bith ina shaol go dtí seo. Dúradh linn go raibh na maoir croíbhriste go raibh orthu an béar a scaoileadh ach nach raibh an dara rogha acu.

Tugadh bata is bóthar don cheathrar a chuir tús leis seo agus níor tugadh cuireadh daofa teacht ar ais!

Bhí muid amuigh ar bhád an lá faoi dheireadh agus chonaic muid trí mhíol mhóra. Dhá chráin dhubha agus míol mór dronnach. De réir an nádúraí a bhí linn ar an bhád, deartháireacha a bhí sna cránacha dubha. Bhí siad ar a mbealach ar ais go hAlasca. Lean muid iad (ar fad sábháilte) ar feadh tríocha bomaite go dtí go bhfaca muid eachtra an dúlra nach bhfeiceann cuid mhór daoine. Chuaigh siad sa tóir ar mhór-rón. 

Bhí sé dochreidte, an dóigh ar tharla sé. Ghéaraigh siad a luas agus chonaic muid ansin an fáth a raibh siad ar bharr an bhiashlabhra. Níor thug an mór-rón fá deara go dtí go raibh sé i bhfad rómhall agus b’in é an deireadh dó. Rotha mór an tsaoil san Aigéan Chiúin!

Is breá liom an paisean agus an grá atá ag muintir na háite don dúlra agus don cheantar. Díreach seachtain ó shin, bhí roinnt de na bundúchasaigh anseo – na muintir Saanich agus na muintir Kwakwaka’wakw – ag déanamh a gcuid traenáil tarrthála. Tagann siad achan bhliain leis an traenáil seo a dhéanamh, agus ní tharrthálann siad daoine amháin. 

D’inis fear dúinn gur shábháil siad cráin dhubh a chuaigh as bealach. Bhí an chráin dhubh ag cailleadh meacháin mar ní raibh sé ina láthair chothaithe nádúrtha. D’éirigh sé gafa i gcuan éigin. D’éirigh leis an treibh áitiúil feoil róin a thabhairt dó, lean sé a mbád amuigh ón chuan isteach san fharraige mhór arís, agus d’éirigh leis a mbealach a dhéanamh feadh an chladaigh. 

Leis an fhírinne a dhéanamh, a léitheoir, ní raibh mé cinnte cad air a scríobhfainn an tseachtain seo. Tá an oiread sin scéalta bailithe anseo againn go mbeadh sé deacair iad uilig a chur síos in aon cholún amháin. Ach is maith blaiseadh beag de shaol an chuais a thabhairt daoibh! 

The post Cuntas ó Cheanada: Saol an Chuais appeared first on NÓS.

Níos mó