Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
seo-chugaibh-na-cainteoiri-gaeilge-ata-ag-seasamh-sna-toghchain-aitiula

Seo chugaibh na cainteoirí Gaeilge atá ag seasamh sna toghcháin áitiúla

Gráinne McPhillips, Aontú
Toghcheantar: Coill an Chollaigh-Muinchille, An Cabhán

‘Ba mhaith liom Ionad na Gaeilge a bhunú i gcontae an Chabháin’

  1. Cén cúlra atá agat ó thaobh na Gaeilge de agus cad é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach don Ghaeilge i do cheantar?

Ó bhíos ceithre bliana d’aois, bhí mé sáite sa teanga. Seoladh go Gaelscoil Bhréifne sa Chabhán mé sa bhliain 1998 agus ó shin, tá grá agus bród agam as an Ghaeilge. Nuair a bhí mé sa bhunscoil agus sa mheánscoil bhí mé i gcónaí ag freastal ar imeachtaí Gaeilge i mo cheantar agus ghlac mé páirt sa chomórtas comhrá Gaeilge ag an Fhleadh ar feadh na mblianta. I gcónaí bhí sí mar ghnáthchuid do mo shaol – slí bheatha in ionad caitheamh aimsire.

Nuair a chríochnaigh mé sa mheánscoil, chur mé tús le céim sa bhunoideachas i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Sa dara bliain toghadh mé mar Oifigeach na Gaeilge ar Aontas na Mac Léinn. Anuas air sin, d’eagraigh mé an-chuid imeachtaí, ceardlanna agus ranganna Gaeilge do pháistí agus do dhaoine fásta i mo cheantar. D’obair mé mar mhúinteoir i nGaelscoil freisin ar feadh cúig bliana. Anois is príomhoide mé i mbunscoil tuaithe agus chuile lá is í an Ghaeilge an teanga chumarsáide a úsáidim leis na daltaí.

Tuigim an tábhacht a bhaineann le deiseanna a bheith ag daoine an Ghaeilge a labhairt chun í a neartú in aon phobal. Ba mhaith le daoine í a labhairt agus is rud tábhachtach é go mbeadh sí mar bhealach cumarsáide in ionad mar ábhar mic léinn amháin.  Ba mhaith liom Ionad na Gaeilge a bhunú i gcontae an Chabháin ionas go mbeadh áit ag daoine le bualadh le chéile go sóisialta chun ár dteanga a fhoghlaim, a chleachtadh agus a labhairt. Ba bhreá liom tuilleadh Gaelscoileanna a fheiceáil sa Chabhán, tá easnamh meánscoil lán-Ghaeilge do scoláirí an Chabháin, sa todhchaí bheadh sé thar cionn dá mbeadh an áis sin ar fáil.

  1. Cad iad na ceisteanna is mó a bhfuil tú ag díriú orthu san fheachtas toghchánaíochta seo?

Is iontach an deis í an chanbhasáil – cloisim agus aithním mianta an phobail. Go laethúil cloisim faoin easpa cúram leanaí do theaghlaigh le leanaí óga, staid na mbóithre sna ceantair thuaithe agus ceann de na rudaí is mó ná cúrsaí sláinte sa tír. Níl daoine in ann coinne a fháil leis an dochtúir, tá na liostaí feithimh i bhfad rófhada agus tá brú as cuimse ar sheirbhísí Timpistí agus Éigeandála. Tá an-chuid daoine bréan bailithe den easpa infheistíochta sna seirbhísí bunúsacha atá ag teastáil uathu.

Ó thaobh daoine óga de, tá an costas maireachtála i bhfad ró-ard agus ní féidir leo saol a chruthú dóibh féin anseo a thuilleadh. Tá na mílte daoine óga ag fágáil na tíre agus níl mórán anseo chun iad a mhealladh abhaile. Beidh ganntanas oibrithe oilte anseo in Éirinn de bharr na heisimirce agus caithfimid aghaidh a tabhairt ar an bhfadhb seo.  Mar iarrthóir agus mar bhean óg atá ina cónaí i gceantar tuaithe feicim na fadhbanna thuasluaite go laethúil mé féin agus táim tiomanta chun iad a fheabhsú do mhuintir an Chabháin.

  1. Cén t-athrú ar mhian leat a fheiceáil in Éirinn as seo go ceann cúig bliana eile?

 Ba mhaith liom níos mó infheistíochta a fheiceáil ó thaobh cúrsaí sláinte, iompair agus bonneagair. Ba mhaith liom go mbeadh níos mó deiseanna ag daoine óga fanacht anseo in Éirinn agus saol a chruthú dóibh féin. Mar thír tá sé fíorthábhachtach ár dteanga agus ár gcultúr a chosaint agus a chaomhnú agus ba mhaith liom plean a fheiceáil ón rialtas chun é seo a chinntiú sa todhchaí.

Maoilíosa Ní Chléirigh, An Comhaontas Glas
Toghcheantar: Cathair Phort Láirge Theas

‘Timpeallacht shábháilte, ghlas agus álainn atá uainn’

  1. Cén cúlra atá agat ó thaobh na Gaeilge de agus cad é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach i do cheantar ó thaobh na Gaeilge de?

Tógadh le Gaeilge mé, i nGaillimh ar dtús agus ansin i mBaile Átha Cliath, áit ar fhreastail mé ar ghaelscoil.  Is múinteoir Gaeilge mé. Ba mhaith liom níos mó imeachtaí Gaeilge a eagrú i mo cheantar. Táim ag obair faoi láthair le feachtas Chonradh na Gaeilge, Céad Míle Fáilte, chun pobail nua na tíre a spreagadh chun Gaeilge a fhoghlaim. Is maith liom an chaoi a chruthaíonn sé nasc idir Gaeilgeoirí an cheantair agus na pobail nua. Táim ar choiste Fhéile Ealaíne Imagine freisin, agus tá siad ag cur níos mó imeachtaí Gaeilge agus dátheangacha ar bun don Fhéile. Freisin ba mhaith liom go mbeadh seirbhís dhátheangach ar fáil ón gComhairle.

2.Cad iad na ceisteanna is mó a bhfuil tú ag díriú orthu san fheachtas toghchánaíochta seo?

Tithíocht an fhadhb is mó atá sa tír seo faoi láthair. Táim i mo bhall de Choiste Tithíochta an Chomhaontais Ghlais agus bím ag argóint go láidir ar son athchóiriú tithe tréigthe. Tá cathair Phort Láirge (ar nós gach cathair agus baile sa tír) lán le tithe tréigthe agus foirgnimh fholmha agus ag an am céanna tá easpa tithíochta ann. Níl ciall dá laghad leis. Tá Comhairle Phort Láirge, chun a gceart a thabhairt dóibh, ag déanamh an-obair ag athchóiriú tithe, ach theastódh buiséad 10 n-uaire níos mó uathu chun dul i ngleic i gceart leis.  An buntáiste mór a bhaineann leis seo ná go mbeadh tithíocht ar fáil gar d’áiseanna agus do sheirbhísí, seachas eastát nua i bhfad ón mbaile agus ó áiseanna cuí.

An dá cheist eile atá mé ag díriú orthu ná an iompar poiblí – ag leanúint leis an dea-obair atá á déanamh ag na Glasaigh ag cur níos mó busanna ar fáil agus ag cur carrchlós páirceáil agus taistil ar fáil chun maolú ar thranglam tráchta.

An tríú ceist ná an ceantar timpeall orainn a fheabhsú: cosáin níos fearr agus spásanna poiblí níos deise le háiseanna do gach aoisghrúpa, idir óg agus aosta, ionas gur féidir linn go léir taitneamh a bhaint as ár dtimpeallacht.

  1. Cén t-athrú is mian leat a fheiceáil in Éirinn as seo go ceann cúig bliana eile?

Ba mhaith liom go mbeadh dóthain tithíochta cuí ar fáil don phobal, go háirithe do dhaoine óga atá ag streachailt faoi láthair le cíosanna arda agus praghsanna arda ar thithe. Ba mhaith liom dá mbeadh bailte agus cathracha na hÉireann athchóirithe, gan tithe tréigthe. Ba mhaith liom córas iompair poiblí den scoth agus timpeallacht shábháilte, ghlas agus álainn.

Eoin Ó Broin, Na Daonlathaithe Sóisialta
Baile Átha Cliath Theas

‘Tá i bhfad níos mó áiseanna don óige ag teastáil’

  1. Cén cúlra atá agat ó thaobh na Gaeilge de agus cad é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach don Ghaeilge i do cheantar?

D’fhreastail mé ar bhunscoil agus meánscoil Ghaeilge. I bPáras na Fraince bhí mé mar Cathaoirleach ar ghrúpa An Ghaeltacht Sur Seine in 2017. Ó d’fhill mé ar Éirinn caithim am le Gaeilgeoirí i gCluain Dolcáin in Áras Chrónáin. Ba bhreá liom dá mbeadh níos mó imeachtaí Gaeilge ar siúl sa cheantar. Faoi láthair tá Aifreann Gaeilge, Cluiche Cártaí trí Ghaeilge agus Bingo trí Ghaeilge ach tá gá le níos mó.

  1. Cad iad na ceisteanna is mó a bhfuil tú ag díriú orthu san fheachtas toghchánaíochta seo?

Tithíocht – tá gá le méadú mór ar an líon tithe sóisialta agus inacmhainne.

Seirbhísí don óige – tá méadú mór ar an líon clubanna óige agus áiseanna don óige ag teastáil.

Seirbhísí do dhaoine le míchumas – caithfidh daoine a bheith in ann dul timpeall na háite agus dul isteach sna foirgnimh phoiblí agus sna siopaí gan stró.

An Timpeallacht – níos mó iarracht obair ar na éigeandála bithéagsúlachta agus aeráide.

  1. Cén t-athrú ar mian leat a fheiceáil in Éirinn as seo go ceann cúig bliana eile?

Feabhas mór ar an gcóras iompar poiblí sa tslí go bhfuil níos mó spásanna poiblí, níos lú astaíochtaí CO2, níos lú torainn ó ghluaisteáin agus níos mó spáis do rothair.

Mánus Ó Conaire, Neamhspleách
Conamara Thuaidh, Gaillimh

‘Ba cheart go mbeadh ceart ag cainteoir dúchais pleanáil a fháil níos éasca’

  1. Cén cúlra atá agat ó thaobh na Gaeilge de agus cad é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach don Ghaeilge i do cheantar?
  2. Rugadh agus tógadh mé le Gaeilge i nGlinn Chatha, Ros Muc. Rinne mé mo chuid oideachais ar fad trí Gaeilge agus thraenáil mé mar leictreoir i nGaeilge. Bhí tionchar mór ag mo thuismitheoirí orm leis an Ghaeilge. Bhí baint acu le cearta sibhialta na Ghaeltachta agus le tús Raidió na Gaeltachta. Bhí mé féin i mo theicneoir i 1987 ar an gcainéal teilifíse bradach, Teilifís na Gaeltachta. Ba cheart go mbeadh cead ag teaghlaigh a labhraíonn Gaeilge teach a thógáil ar a gcuid talún féin. Oibreoidh mé leis na coistí pleanála teanga sa réigiún cosúil le ‘Conamara Láir’. Ba mhaith liom cúnamh a thabhairt do mhuintir iarthuaisceart Chonamara – Leitir Fraic, Rinn Mhaoile agus an Líonán lena gcuid pleanála teanga.
  1. Cad iad na ceisteanna is mó a bhfuil tú ag díriú orthu san fheachtas toghchánaíochta seo?

Tithíocht, pleanáil. Ba cheart go mbeadh ceart ag cainteoir dúchais pleanáil a fháil níos éasca sa nGaeltacht, infreastruchtúr (sábháilteacht ar bhóithre, cosán siúil).  Ag déanamh eagarthóireacht ar phleananna forbartha na Gaillimhe. Ba mhaith liom breathnú isteach ar na toghranna bardais don réigiún Gaeltachta i gConamara. Ba cheart go mbeadh na ceantair Ghaeltachta ar fad sa déimeagrafaic chéanna.

  1. Cén t-athrú is mian leat a fheiceáil in Éirinn as seo go ceann cúig bliana eile?

Tá sé in am an cuarbhóthar a thógáil agus a chríochnú timpeall chathair na Gaillimhe agus amach chomh fada le Scríob. Teastaíonn athfhorbairt ar bhóthar an N59 ó chathair na Gaillimhe go teorainn chontae Mhaigh Eo. An cuóta d’iascairí na hÉireann a mhéadú.

Cathal Ó Murchú, Cumann na Saoirse/Irish Freedom Party
Toghcheantar: Lú agus Dún Dealgan Theas

‘Ba mhaith liom níos lú teifeach a bheith ag teacht chuig an tír seo’

  1. Cén cúlra atá agat ó thaobh na Gaeilge de agus cad é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach don Ghaeilge i do cheantar?

Tá ‘O’ Leibhéal Gaeilge agus fáinne óir agam agus tá mórán taithí agam mar iriseoir thar an aon bliain déag dheireanach agus i mo chuid oibre faoi láthair. Déanaim cuid de m’obair i nGaeilge leis an gComhairle agus cuirim Gaeilge ar na ceardlanna uilig más gá.

Tá neart taithí agam i mo chuid oibre mar mhúinteoir le mic léinn agus páistí scoile i mBéal Feirste mar shampla, agus bhí clár raidió agam le trí bliana anuas agus mar sin, tá eolas maith agam ar labhairt agus scríobh na teanga.

Ba mhaith liom níos mó comharthaí Gaeilge ar na sráideanna, agus níos mó Gaeilge ar an teilifís agus daoine áitiúla a bheith ábalta an teanga a labhairt.

  1. Cad iad na ceisteanna is mó a bhfuil tú ag díriú orthu san fheachtas toghchánaíochta seo?

An cheist is tábhachtaí sa toghchán baineann sí le cúrsaí inimirce agus cad atá á dhéanamh ag an rialtas faoin ngéarchéim, chomh maith le cúrsaí tithíochta.

  1. Cén t-athrú is mian leat a fheiceáil in Éirinn as seo go ceann cúig bliana eile?

Ba mhaith liom níos lú teifeach a bheith ag teacht chuig an tír seo agus ba mhaith liom an rialtas a fheiceáil ag dul i ngleic leis na fadhbanna sin. Ag an am céanna, ba mhaith liom an tír a fheiceáil ag filleadh ar ais ar a cultúr féin. Ba mhaith liom fosta an leibhéal coireanna a ísliú. Tá Éire ag éirí i bhfad róchontúirteach i mo bharúil féin.

Mícheál Cholm Mac Giolla Easbuig,
Na Gleannta, Dún na nGall

‘Ba dheas liom poblacht shóisialach Ghaelach a bheith ann’

  1. Cén cúlra atá agat ó thaobh na Gaeilge de agus cad é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach don Ghaeilge i do cheantar?

Tá mé i mo chónaí sa Ghaeltacht. Ba mhaith liom an teanga a fheiceáil ag dul chun tosaigh, ba mhaith liom an teanga a bheith á labhairt, ba mhaith liom an teanga a bheith lárnach in achan rud atá bainteach leis an stát ó Chomhairle Contae Dhún na nGall go dtí na ranna rialtais atá ag obair sa cheantar seo. Ba mhaith an Ghaeilge a bheith lárnach in achan rud. Tá mé i mo chathaoirleach ar Choiste Gaeilge Chomhairle Contae Dhún na nGall. Is í an Ghaeilge amháin a labhair mé sa Chomhairle Contae le deich mbliana.

  1. Cad iad na ceisteanna is mó a bhfuil tú ag díriú orthu san fheachtas toghchánaíochta seo?

Tithe agus costas maireachtála agus an méid daoine atá ag dul ar imirce. Tá an t-uafás daoine ón chontae seo scaipthe sna ceithre coirnéal den domhan mar gheall ar an dóigh atá rudaí anseo. Tá mé díreach i ndiaidh máthair a fhágáil a bhfuil triúr páistí aici agus í gan dídean. Tá siad ag codladh ó theach go teach. Tá fadhb mhillteanach tithíochta sa chontae seo.

  1. Cén t-athrú is mian leat a fheiceáil in Éirinn as seo go ceann cúig bliana eile?

Ba dheas liom poblacht shóisialach Ghaelach a bheith ann. Ba dheas liom a fheiceáil go mbeadh tithe tógtha do dhaoine, go mbeadh srian ar chíos curtha i bhfeidhm ag cibé rialtas a bheas ann. Ba mhaith liom go dtiocfadh ísliú ar an chostas maireachtála le go mbeadh daoine ábalta cónaí mar is ceart agus chan i mbochtanas. Ba mhaith liom go mbeadh na seirbhísí sláinte uile saor in aisce, an rud céanna le hoideachas, nach mbeadh aon earnáil phríobháideach ann. Ba mhaith liom go mbeadh an Ghaeilge, chan é amháin beo sa Ghaeltacht ach fríd an tír uilig go léir. Ba mhaith liom go gcaithfí leis an Ghaeilge mar rud tábhachtach agus chan rud tokenistic agus ba mhaith liom oileán s’againn a bheith curtha chun tosaigh, go mbeadh cultúr s’againn beo láidir agus go mbeadh an timpeallacht á cosaint agus á caomhnú.

Angela Feeney, Páirtí an Lucht Oibre
Maigh Nuad 

‘Dídean ag gach duine agus córas iompar poiblí níos fearr againn…’

  1. Cén cúlra atá agat ó thaobh na Gaeilge de agus cad é an rud is mó ar mhaith leat a bhaint amach i do cheantar ó thaobh na Gaeilge de?

Bhain mé céim amach sa Ghaeilge agus bhí mé i mo mhúinteoir Gaeilge agus Fraincise uair amháin. Tá mé i mo bhall den Ghaelcholáiste anseo i Maigh Nuad agus tugaim tacaíocht don Ghaeilge i gcónaí. Ba mhaith liom go mbeadh foirgneamh buan ag an Ghaelcholáiste chun spreagadh a thabhairt do na tuismitheoirí tacaíocht a thabhairt don scoil. Ba mhian liom freisin go mbeadh níos mó Gaeilge á húsáid sa Chomhairle, ba chóir go mbeadh cruinniú trí Ghaeilge againn.

  1. Cad iad na ceisteanna is mó a bhfuil tú ag díriú orthu san fheachtas toghchánaíochta seo.

Easpa tithíochta go mór mhór, tuismitheoirí buartha ós rud é go bhfuil páistí aosta fós sa bhaile gan seans acu teach a cheannacht, fiú lóistín a fháil.

Easpa seirbhísí cosúil le cúram leanaí agus dochtúir.

Anseo i Maigh Nuad, tá an trácht ag cur as do dhaoine agus tá daoine ag éileamh go mbeadh linn snámha agus ionad pobail againn.

  1. Cén t-athrú is mian leat a fheiceáil in Éirinn as seo go ceann cúig bliana eile?

Go mbeadh dídean ag gach duine agus córas iompar poiblí níos fearr againn.

Níos mó