Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ceithre-mhorcheist-roimh-olltoghchan-na-breataine

Ceithre mhórcheist roimh olltoghchán na Breataine

De ghnáth, bíonn fadhbanna agam smaoineamh faoi na dóigheanna gur féidir liom Doire a shleamhnú isteach i mo chuid alt. Ní an tseachtain seo, áfach. Thug Rishi Sunak, Príomh-Aire na Breataine atá ag seasamh siar ón ról, an deis is foirfe dom. 

Agus é taobh amuigh d’uimhir a 10, é ag cur de dhíon is de dheora, d’fhógair sé go mbeidh toghchán againn. Bhí tuin mharbh ghuth Peter Cunnah le cloisteáil sa chúlra. Fear as Doire ón bhanna D:Ream a léirigh an t-aintiún ‘Things Can Only Get Better’ é. Ar an drochuair do Rishi Sunak, tá cuma ar an scéal nach féidir le rudaí ach dul in olcas, go mór in olcas. 

Lá na Saoirse ó na Tóraithe atá cuid mhór daoine ag tabhairt ar an 4 Iúil cheana féin. San alt seo inniu, tá mé ag dul a dh’amharc ar chuid de na mórcheisteanna atá i mbéal an phobail le linn an toghcháin seo.

  1. Cé chomh holc is a bheidh an toghchán seo do Pháirtí na dTóraithe?

Más iontaofa iad na pobalbhreitheanna, ní bheidh cuma ná caoi ar thorthaí na dTóraithe sa toghchán. De réir na pobalbhreithe is déanaí, tá titim níos mó ná 20% tuartha do na Tóraithe. Ó 43.6% faoi stiúir Boris Johnson in 2019 go 21% sa phobalbhreith is déanaí ó YouGov. Ní hé an cás é go bhfuil Páirtí an Lucht Oibre ag tabhairt rogha radacach eile. 

Bhí na Tóraithe i gcumhacht ar feadh 14 bliana agus níor chuir siad cuma mhaith orthu féin in aon chor le linn na tréimhse sin. Cuimhneofar go deo ar réim na dTóraithe seo mar gheall ar an Bhreatimeacht, ciorruithe millteanacha ar sheirbhísí poiblí, an NHS atá buailte amach is amach, agus an dóigh a raibh an páirtí ina chíor thuathail. 

Ní hamháin go mbeidh na Tóraithe buartha faoi Pháirtí an Lucht Oibre, ach sa stad ina bhfuil siad faoi láthair, beidh orthu a bheith buartha faoi na Daonlathaithe Liobrálacha agus Reform UK chomh maith. Den chéad uair ó 1996, bhain na Daonlathaithe Liobrálacha níos mó suíocháin sa toghchán áitiúil i Sasana ná na Tóraithe. 

Beidh Reform UK ag baint vótaí ó na Tóraithe ón taobh dheas chomh maith. Dar ndóigh, ní bheidh na torthaí ar eolas againn go dtí go bhfuil na vótaí uilig comhairthe. Ach is cinnte nach mbeidh na Tóraithe i gcumhacht arís go ceann tamaill, agus do roinnt daoine is iontach an rud é sin. 

  1. Cad a tharlóidh do thacaíocht an DUP?

Níos aitiúla, tá ceisteanna móra ann don DUP. Tháinig an DUP ar ais mar an páirtí is mó sna sé chontae san olltoghchán 2019 agus 8 MP acu. Fógraíodh nach mbeidh an t-iarcheannaire s’acu, Jeffery Donaldson, atá os comhair na cúirte ar chúisimh chionta gnéis stairiúil, ag dul san iomaíocht i nGleann an Lagáin. Níl ach triúr iarrthóirí fógartha don toghcheantar sin go fóill: Robbie Butler ón UUP, agus Sorcha Eastwood ó Pháirtí na Comhghuaillíochta, agus Jonathan Buckley ón DUP. Tá deis iontach anseo ag Páirtí na Comhghuaillíochta suíochán a bhaint le hiarrthóir a bhfuil ardmheas ag an phobal uirthi.

Bhí Paul Givan ag labhairt sa Belfast Telegraph faoin ghrá atá aige don cheantar inar rugadh é. Tá ainm Emma Little-Pengelly luaite chomh maith. Táthar ag súil nach mbeidh Emma í féin ag iarraidh seasamh siar ón a ról mar Leas-Chéad-Aire, ach beidh an DUP ag iarraidh an toghcheantar seo a choinneáil. 

Beidh sé suimiúil súil a choinneáil air sna laethanta amach romhainn. Beidh fadhbanna acu ar aon chor beag beann ar an chomhaontú idir an TUV agus Reform UK. Cé nach bhfuil éinne ag súil go mbainfidh an TUV/Reform UK mórán suíochán, is as an tionchar a bheadh ag an chomhaontú sin ar an DUP a thiocfaidh na fadhbanna. Sin ráite, ní bheadh am ar bith maith don DUP maidir le toghchán i mbliana, ach tá cinntí deacra le déanamh acu anois faoi na hAirí agus na MLAnna atá acu. 

  1. An dtiocfaidh Sinn Féin amach mar an páirtí is mó in Westminster ó na sé chontae?

An cheist is mó do Sinn Féin go cinnte. Den chéad uair riamh tháinig Sinn Féin sa chéad áit i dtoghchán an Tionóil in 2022. Lá stairiúil do Náisiúnaithe amach is amach. Is í an cheist anois ná an mbeidh siad in ann tógáil air sin. Tá siad mar an páirtí is mó ag Cnoc an Anfa, táthar ag súil go mbeidh siad i gcumhacht ó dheas sa chéad toghchán eile (cibé cruth a bheas air sin), agus beidh siad ag iarraidh teideal an pháirtí is mó ó na sé chontae ag Westminster a bhaint amach chomh maith. 

Ní saill gan fiacha é. Mothaíonn daoine, a bheadh flaithiúil go leor uimhir a thabhairt do Sinn Féin i dtoghchán an Tionóil nó i dtoghcháin áitiúla, feargach faoina gcinneadh dul chuig an Teach Bán ar Lá Fhéile Padráig. Déanann Sinn Féin cosaint láidir air seo, ach ní athraíonn sé sin an meon diúltach i measc na phobail i dtaobh an chinnidh sin. 

Beidh troid fhíochmhar acu i bhFeabhal in éadan an SDLP, a tháinig slán le tromlach níos mó ná 17,000 an t-am deireanach. Beidh siad ag iarraidh díriú ar Dheisceart Bhéal Feirste chomh maith, atá anois már Dheisceart Bhéal Feirste agus Lár-Dúin. Tá Clare Hanna ansin mar MP, fuair sí níos mó ná 15,000 vóta ná Emma Little-Pengelly in 2019. 

An rud atá ann, áfach, níor sheas Sinn Féin sa toghcheantar sin in 2019, agus beidh sé suimiúil a fheiceáil cé a chuireann siad chun tosaigh ansin. 

  1. Cad atá i ndán dúinn le rialtas faoi stiúir Pháirtí an Lucht Oibre?

Seo an cheist atá go mór i mbéal an phobail. Den chéad uair le 14 bliana anuas, tá seans ann go bhfeicfidh muid rialtas le Páirtí an Lucht Oibre ar an stiúir. Tá muid i lár ghéarchéim chostas maireachtála, tá an córas NHS briste, tá sé níos deacra teach a fháil ná mar a bhí. Ní hamháin sin ach tá bochtaineacht ag iarraidh níos measa, tá daoine ag streachailt ó la go lá bia a fháil dóibh féin nó dá dteaghlach fiú. An mbeadh Páirtí an Lucht Oibre, agus an ceannaire Keir Starmer in ann iad sin a réiteach? Cá bhfios. 

Bheadh sé suimiúil cáipéis polasaithe Pháirtí an Lucht Oibre a fheiceáil, ach chomh maith leis sin tá sé deacair, áfach, seasamh Keir Starmer agus Páirtí an Lucht Oibre a mheas. Mothaím go mbíonn Keir Starmer ag athrú a intinne maidir le polasaithe i gcónaí. Agus is líonmhar na daoine atá liom i dtaobh an smaoinimh sin. Tá cáipéis darb ainm ‘Keir’s Flip Flops’ ar láithreán greasáin na dTóraithe. 

Níl Páirtí an Lucht Oibre ag rá mórán faoin pobalbhreith ar cheist na teorann anseo, ach beidh le feiceáil an athróidh siad sin agus iad i gcumhacht. Le gach rud atá luaite agam ansin tchífidh muid, dar ndóigh, an gcuirfidh siad beart de réir briathair. 

Dar ndóigh, níl anseo ach ceithre mhórcheist atá le freagairt roimh an toghchán. Tá ceisteanna ann faoin UUP, an mbeadh siad in ann aon suíochán a bhaint an iarraidh seo? Tá siad ag dul sa tseans agus Robin Swann á chur chun tosaigh acu in Aontroim Theas, agus beidh air seasamh siar óna ról mar an tAire Sláinte. 

Cé chomh mór is a bheidh tionchar an chomhaontaithe idir an TUV agus Reform UK ar an DUP? Agus an mbeadh an SDLP in ann na suíocháin a choinneáil dóibh féin agus iad ag streachailt le blianta anuas? 

An cheist is mó ná cé chomh difriúil is a bheadh rialtas faoi stiúir Pháirtí an Lucht Oibre i gcomparáid le rialtas na dTóraithe a bhí againn le 14 bliana anuas? Bíodh súil le Dia againn gur mór an difear é!

The post Ceithre mhórcheist roimh olltoghchán na Breataine appeared first on NÓS.

Níos mó