![](/wp-content/themes/yootheme/cache/86/An-Chomhdhail-ar-Litriocht-agus-ar-Chultur-na-Gaeilge-86a80575.jpeg)
An Chomhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge
An Chomhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge
@ Áras na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe
Lecture / Talk Arts and EntertainmentTionólfar an Chomhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge ag Áras na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe ar an 27-28 Meán Fómhair 2024. Déanfar plé ag Comhdháil na bliana seo ar an ómós áite i litríocht agus i gcultúr na Gaeilge, idir shean agus nua, idir léannta agus ealaíonta.
I measc aoichainteoirí na Comhdhála i mbliana, beidh an Dr Ailbhe Nic Giolla Chomhaill (Ollscoil Luimnigh), an Dr Mairéad Conneely (Coláiste San Aingeal, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh), agus an Dr Caoimhín Ó Muirí (Coláiste na hOllscoile, Corcaigh).
Chun teacht ar an eolas is déanaí faoin gcomhdháil, féach: https://www.universityofgalway.ie/gaeilge/comhdhail/