Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
seans-maith-ag-comhairleoiri-gaeltachta-na-ndeise-a-suiochain-a-choinneail

Seans maith ag comhairleoirí Gaeltachta na nDéise a suíocháin a choinneáil

Caitheann Tuairisc súil ar na toghranna sna toghcháin áitiúla ina bhfuil na ceantair Ghaeltachta. An babhta seo, tá Gaeltacht Phort Láirge againn…

Seans maith ag comhairleoirí Gaeltachta na nDéise a suíocháin a choinneáil

I dtoghroinn Dhún Garbhán atá Gaeltacht na nDéise.  Sé shuíochán atá anseo agus Fine Gael is fearr a chruthaigh in 2019 le dhá shuíochán, ceann ag Damien Geoghegan (FG), a bhí ag ceann an chomhairimh le 20%, agus Pat Nugent (FG). Ionadaí amháin atá ag Fianna Fáil anseo, Tom Cronin a toghadh ar an dara comhaireamh in 2019.

Beidh an triúr sin ó mhórpháirtithe an rialtais ag seasamh athuair agus seans maith go dtoghfar iad go léir. Beirt atá ag cur fúthu sa Ghaeltacht a toghadh in 2019, Conor D. McGuinness (Sinn Féin), leaschathaoirleach Bhord Fhoras na Gaeilge agus Séamus O’Donnell (Neamhspleách), ar toghadh iad beirt sa chomhaireamh deireanach. Ag Thomas Phelan (Páirtí an Lucht Oibre) a bhí an suíochán deireanach in 2019 agus dúshlán mór a bheidh ann dó é a choimeád.


Dún Garbhán (6 shuíochán)

Na hiarrthóirí

Tom Cronin (FF)*
Padraic Curran (NS)
Conor D. McGuinness (SF)*
Damien Geoghegan (FG)*
Caren Hallahan (NS)
Aaron Joyce (NS)
Roger Morrison (NS)
Monica Murphy (FG)
Pat Nugent (FG)*
Séamus O’Donnell (NS)*
Críostóir Ó Faoláin (CG)
Joe O’Riordan (NS)
Thomas Phelan (LO)*
Fiona Regan (SF)
Jonathan Shaw (NS)
Siobhán Whelan (SF)[/inbox]


Triúr iarrthóirí a bheidh ag Sinn Féin agus dá mbeadh lá iontach acu d’fhéadfadh go dtoghfaí an dara duine i dteannta McGuinness, cé go bhfuil an cur chuige atá ag an bpáirtí in go leor toghcheantar bunaithe ar iad a bheith níos airde sna pobalbhreitheanna ná mar atá faoi láthair.

Beidh an Neamhspleách Séamus O’Donnell ag súil le teacht i dtír ar an mborradh atá faoi neamhspleáigh go náisiúnta agus a shuíochán a choimeád. Beidh sé ag súil chomh maith nach scoiltfear an iomarca an vóta ‘neamhspleách’ agus an oiread sin iarrthóirí nach bhfuil aon pháirtí luaite leo ag seasamh, seisear i gcomparáid le triúr sa toghchán deireanach. Beidh an cainteoir Gaeilge eile sa toghcheantar, Críostóir Ó Faoláin an Chomhaontais Ghlais ag súil nach bhfuil deireadh ar fad leis ‘an Tonn Ghlas’ a bhí ann in 2019.

I measc na gceisteanna atá ag dó na geirbe ag muintir na Gaeltachta, tá cúrsaí tithíochta agus easpa seirbhísí, go háirithe sa Rinn mar ar dúnadh oifig an phoist níos túisce i mbliana.

[inbox]Dún Garbhán (6 shuíochán) Damien Geoghegan (Fine Gael) , Tom Cronin (Fianna Fáil) , Pat Nugent (Fine Gael) , Conor D. McGuinness (Sinn Féin) , Séamus O’Donnell (Neamhspleách) , Thomas Phelan (Páirtí an Lucht Oibre)[/inbox]

Níos mó