Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
dha-scor-iarrthoir-ag-seasamh-i-dtoghlimisteir-ghaeltachta-dhun-na-ngall

Dhá scór iarrthóir ag seasamh i dtoghlimistéir Ghaeltachta Dhún na nGall

| tuairisc | , ,

Dún na nGall: 6 shuíochán, 15 iarrthóir.
Na Gleannta: 6 shuíochán, 16 iarrthóir
Baile na nGallóglach: 3 shuíochán, 9 iarrthóir

Tá dhá scór iarrthóir ag seasamh i dtoghlimistéir Ghaeltachta Dhún na nGall agus a shúil ag an uile dhuine acu ar na 15 suíochán atá ar fáil i ‘Dún na nGall’, ‘Na Gleannta’ agus ‘Baile na nGallóglach’.

Níl triúr comhairleoirí a toghadh in 2019 ag iarraidh a suíocháin a choinneáil an babhta seo – sin iad Micheál Naughton (FF) i nDún na nGall; Máire Therese Gallagher (SF) agus Ian McGarvey (NS) i mBaile na nGallóglach. Bhásaigh an Comhairleoir Noreen McGarvey (FF), a toghadh sna Gleannta, ag deireadh na bliana seo caite.


Dún na nGall – na hiarrthóirí

  1. Linda Boyle (SF)
  2. Manus Boyle (FG)
  3. Jimmy Brogan (NS)
  4. Patrick Brogan (Aon)
  5. Diarmuid Doherty (NS)
  6. Martin Hegarty (FF)
  7. * Noel Jordan (SF)
  8. Claudia Kennedy (FF)
  9. * Niamh Kennedy (NS)
  10. Pauric Kennedy (NS)
  11. * Michael McMahon (SF)
  12. John Molloy (IP)
  13. Micheál Naughton (FF)
  14. * Barry Sweeney (NS)
  15. Derek Vial (NS)

Is iad Sinn Féin agus Fianna Fáil atá ag cur an líon is mó iarrthóirí chun cinn i dtoghlimistéir Ghaeltachta an chontae agus seachtar ar an mballóid ag an dá pháirtí. Tá triúr á gcur chun cinn ag Fine Gael agus Aontú araon – duine sna trí thoghlimistéar.

Beirt atá curtha chun tosaigh ag an bpáirtí nua 100% Redress a d’eascair as géarchéim na mbrícíní lochtacha míoca agus an bheirt sin ag seasamh i mBaile na nGallóglach. Tá duine amháin ag an bpáirtí nua The Irish People agus duine amháin ag Páirtí an Lucht Oibre. Cúig dhuine dhéag atá ag seasamh mar iarrthóirí neamhspleácha agus iad sin ar fud an speictrim pholaitíochta.

Is iad an 11 comhairleoir a bheidh ag iarraidh téarma eile a ghnóthú i mbliana – Noel Jordan (SF), Niamh Kennedy (NS), Michael McMahon (SF), Barry Sweeney (NS) Mícheál Choilm Mac Giolla Easbuig (NS), Michael McLafferty (NS), Anthony Molloy (FF), John Shéamuis Ó Fearraigh (SF), Liam Blaney (FF), Brian Carr (SF), agus John O’Donnell (NS).

Ar na ceisteanna is mó atáthar a chloisteáil ar leac an dorais tá géarchéim na mbrícíní míoca (cé gur mó spéis atá muintir Inis Eoghain ag cur sa cheist sin, ceantar atá thíos go mór leis an bhfadhb ach atá taobh amuigh de na toghlimistéir Ghaeltachta); an ghéarchéim tithíochta, idir cheannach agus chíos; agus na tréimhsí fada feithimh in Otharlann Leitir Ceanainn.

I measc na n-iarrthóirí arb as an nGaeltacht féin iad, tá Ann Marie Nic Ruairí (Toraigh), Mícheál Choilm Mac Giolla Easbuig (Anagaire), John Shéamuis Ó Fearraigh (Gaoth Dobhair), Michael McClafferty (An Fál Carrach), Anthony Matthew (An Fál Carrach) agus Anthony Molloy (Ard an Rátha).

Sa chontae ar fad, ag Fianna Fáil a bhí an líon is mó vótaí (21,000) in 2019 agus Sinn Féin sa dara háit le 14,000 vóta. Sna sála ar Shinn Féin bhí Fine Gael le 13,000 vóta agus fuair na hiarrthóirí neamhspleácha 19,000 vóta.

Meastar go bhfuil titim i ndán d’Fhianna Fáil sa chontae trí chéile ach go bhfaighidh siad tuairim is deich suíochán nó aon suíochán déag ar an lá is fearr. Bhí sé shuíochán ag Fine Gael tar éis na dtoghchán cúig bliana ó shin ach d’éirigh beirt dá gcomhairleoirí, Frank McBrearty agus Michael McClafferty (Na Gleannta) as an bpáirtí ó shin. Ceaptar go bhfuil seans maith ag Manus Boyle, mac leis an iarchomhairleoir John Boyle, i dtoghlimistéar Dhún na nGall (a bhfuil Gaeltacht Iardheisceart Dhún na nGall mar chuid de) suíochán breise a ghnóthú d’Fhine Gael i mbliana.


Na Gleannta – na hiarrthóirí

  1. * Brian Carr (SF)
  2. Anthony Matthew Doohan (NS)
  3. Jimmy Duffy (LO)
  4. Michael Harkin (Aon)
  5. *Mícheál Choilm Mac Giolla Easbuig (NS)*
  6. * Micheal McClafferty (NS)
  7. Denis McGee (100R)
  8. * Anthony Molloy (FF)
  9. Joseph Molloy (FG)
  10. Kevin O’Donnell (NS)
  11. * John Shéamais Ó Fearraigh (SF)*
  12. John Reilly (FF)
  13. Anne Marie Nic Ruairí (FF)*
  14. Kellie Rodgers (SF)
  15. Jonathon Stewart (NS)
  16. Ann Sweeney (NS)


D’éirigh go maith le Sinn Féin an babhta deireanach agus deich suíochán acu, agus táthar ag tuar go mbeidh an méid sin ar a laghad acu i mbliana agus seans maith acu ar aon cheann déag nó níos mó. Tá níos mó iarrthóirí ag Sinn Féin ar fud an chontae ná mar atá ag aon pháirtí eile.

D’éirigh an Comhairleoir Marie Therese Ní Ghallchóir (SF), as an mbaile seirbhíse Gaeltachta an Clochán Liath, as a suíochán sna Gleannta. Is é an t-iarrthóir nua Jonathon Stewart a bheidh ag iarraidh suíochán a choinneáil i mbaile an Chlocháin Léith, baile a chuir duine chuig Comhairle Contae Dhún na nGall i ngach toghchán ó bunaíodh an stát.


Baile na nGallóglach – na hiarrthóirí

  1. * Liam Blaney (FF)
  2. Vincent J Bradley (NS)
  3. Kathleen Deeney (Aon)
  4. Maria Doherty (SF)
  5. Éamonn Jackson (100R)
  6. Pauric McGarvey (NS)
  7. Declan Meehan (NS)
  8. * John O’Donnell (NS)
  9. Aaron Sweeney (FG)


*Comhairleoirí Contae

Níos mó