Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs

Naoi mí na cinniúna?

| Dáithí Anraí |

le Fearghal Mag Uiginn                          

Níl ann ach naoi mí ó ceapadh Jim McGuinness mar bhainisteoir peile Dhún na nGall an athuair.

Sa tréimhse ghairid sin, tá spriocanna go leor bainte amach aige agus ag a chuid imreoirí.  Baineadh cluiche ceannais Chorn Mhic Cionnaith amach ag tús na bliana ar fad. Ceann de na spriocanna ba mhó aige, measaim, ná an fhoireann a thabhairt go Roinn 1 arís.

Le fírinne, baineadh an sprioc sin amach gan stró i roinn peile a bhíonn iomaíoch go maith. Agus ní amháin sin ach gur bhain sé Corn Roinn 2 na sraithe i bPáirc an Chrócaigh nuair a bualadh Ard Mhacha.

Ag tarraingt ar dheireadh an chluiche sin, bhí toradh le sonrú ar dhianobair agus ar dhiantraenáil na n-imreoirí faoi McGuinness. D’aimsigh Dún na nGall trí de na ceithre scór deiridh lena bhaint.

Tuigtear dom go bhfuil na híobairtí atá déanta ag an phainéal seo faoi McGuinness le naoi mí anuas dochreidte. Imreoir amháin a bhí toilteanach é féin a athlonnú, bogadh amach go sealadach as a cheantar dúchais féin, sa dóigh is go dtiocfadh leis a bheith faoi réir don aclaíocht laethúil a bhí beartaithe ag an bhainisteoir. Imreoir eile a bhí sásta glacadh le comhairle a leasa ar mhaithe le dul chun cinn na foirne.

Cuireadh na síolta agus níorbh fhada go mbeadh fómhar na craoibhe le baint fosta.

An mbeadh Craobh Uladh tábhachtach aige mar McGuinness sa ré úr seo?  Nach cinnte go mbeadh!! Rinne Dún na nGall faoina stiúir ciolar ciot de Dhoire, Curaidh Reatha Roinn 1 na sraithe, sa dúnphort s’acu féin – Páirc na gCeilteach.  Ceithre chúl a d’aimsigh luas, cíocras agus cumas peile na n-imreoirí an lá sin agus arís eile bhí an lámh in uachtar ag McGuinness, an sionnach sleamhain slíoctha, ar Mickey Harte!

Léirigh Jim fadcheannach a chumas agus a inchinn peile go slachtmhar an lá sin, rinne rudaí nach ndearna foirne eile in éadan Doire go dtí sin, ina measc, cúl báire Dhoire a mharcáil nuair a tháinig seisean amach le spás a mharcáil, má thuigeann tú leat mé! Chuir sin moill ar Odhrán Ó Loingsigh, ba leor soicind nó dhó, agus chonaic bunadh Thír Chonaill is a mháthair an toradh – ceol bainte as eangach Dhoire ceithre huaire.

Creideann muintir Dhún na nGall ann mar bhainisteoir agus creideann na peileadóirí ann go smior agus is iontach an tionchar a bhíonn ag an chreideamh – ar achan dóigh. Bhí an ghaoth sna seolta arís, ó Ghaoth Dobhair go dtí na Cealla Beaga, agus ar ais go Páirc na gCeilteach, a séideadh foireann úr McGuinness le tabhairt faoi Thír Eoghain san ionad chéanna.

Léirigh na peileadóirí mianach agus spiorad an lá sin, miotal a bhí ar iarraidh an bhliain roimhe. Tionchar agus dóchas McGuinness le mothú go tréan. Bualadh Tír Eoghain i ndiaidh am breise agus bheadh am breise mar théama na craoibhe go deireadh agus a fhad le ciceanna pionóis!

Naoi mí go díreach a thóg sé ar Dhún na nGall faoi Jim le greim a fháil ar an Chorn Angla-Cheilteach an athuair.

Bhí Padaí Mac Briartaigh, captaen agus imreoir bródúil, toilteanach suí ar an bhinse in amanna ar mhaithe leis an phlean a bhí leagtha amach aige. Sa tréimhse chéanna, d’fhág ceathrar painéal Dhoire mar ní raibh siad sásta ná foighdeach go leor suí ar bhinse.

Tá an droichead idir an easpa dóchais agus an todhchaí nach bhfuil chomh briosc tógtha go dúchrachtach dílis ag an bhainisteoir.

Agus fanfaidh sé go foighdeach i mbun na measarthachta. Cuimhnigh go bhfuil conradh trí bliana aige mar thús agus go bhfuil an ceathrú bliain roghnach.

Anois agus a aird ar Chraobh na hÉireann, ba thráthúil an toradh i gCorcaigh ar bhealach, creidim, lena chur ina luí ar na himreoirí go bhfuil obair le déanamh go fóill. Agus déanfar í faoi Jim.  Níl údar imní ar bith ann, dar liom, scóráil Corcaigh dhá uair déag, d’aimsigh na hUltaigh na cuaillí sé huaire déag.

Ach ní dócha go dtógfar Sam i mbliana – cuirfear an dúshraith. Bí ag dréim le Dún na nGall teacht amach as Grúpa 3 sa dara háit ar a laghad agus sílim go bhfuil áit cheathrúcheannais i ndán do na himreoirí. Faoi Jim, tá an ghaois agus an taithí ar fáil le dul céim amháin níos faide fiú.

Naoi mí agus tá plean Jim ar an tsaol. Ní fada go mbeidh na cosa faoi mar is ceart.

Níos mó