Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
nil-tada-bog-na-easca-ag-baint-leis-an-da-chluiche-leathcheannais-a-bheas-a-n-imirt-inniu-ag-foirne-na-heireann

Níl tada bog ná éasca ag baint leis an dá chluiche leathcheannais a bheas á n-imirt inniu ag foirne na hÉireann

Thuigfeá an chúis gurb iad na Muimhnigh rogha na coitiantachta sa bhabhta leathcheannais agus iad ar thóir a n-aonú bua déag as a chéile

Níl tada bog ná éasca ag baint leis an dá chluiche leathcheannais a bheas á n-imirt inniu ag foirne na hÉireann

Chinntigh an dá bhua chuimsitheacha a d’aimsigh Cúige Laighean agus Cúige Mumhan, curaidh reatha an chomórtais, sna babhtaí ceathrú ceannais go bhfuil siad fós i gcomórtas URC na bliana seo. Is cinnte gur ábhar áthais agus mórtais dúinn go bhfuil dhá fhoireann ón tír seo fós san áireamh agus gan ach dhá chluiche fós le himirt i gcomórtas na bliana seo.

Léiriú eile ar cé chomh folláin agus atá cluiche an rugbaí sa tír seo.

Mar a bheadh súil agat leis, níl tada bog ná éasca ag baint leis an dá chluiche leathcheannais a bheas á n-imirt inniu. Tá an t-ádh ar Chúige Mumhan go mbeidh buntáiste an bhaile acu arís agus iad ag tabhairt faoi dhúshlán Ghlaschú ar Pháirc Thuamhan. Thuigfeá an chúis gurb iad na Muimhnigh rogha na coitiantachta don choimhlint seo agus iad ar thóir a n-aonú bua déag as a chéile.

Ní hamháin go mbeidh buntáiste an bhaile, agus an tacaíocht ollmhór agus ghlórach a théann leis sin, acu ach tá stíl iontach imeartha acu freisin, stíl atá ag feabhsú ó chluiche go cluiche nó sa gcás seo, ó bhua go bua. Tá láidreacht agus cruas sa bpaca acu atá deacair a shárú, sa dara líne agus sa líne chúil tosaithe, go háirithe. Má éiríonn leo liathróid ghlan a chur ar fáil do na cúlaithe sciliúla agus sciobtha atá acu, beidh sé deacair ag Glaschú seasamh leo. Ag an am céanna, seo cluiche leathcheannais i gceann de na comórtais idirchlubanna is mó ar domhan. Ach ní bhíonn fáil ar áit ag an staid seo den chomórtas ach ag foirne atá oilte agus ábalta. Fágann sin nach bhfuil Glaschú gan seans.

Maidir le Cúige Laighean atá ag imirt sa gcluiche leathcheannais eile, bhuel tá dúshlán damanta rompu amárach, go háirithe agus iad as baile ag imirt ar thalamh ard i Pretoria i gcoinne na mBulls. Cuimhnigh go raibh orthu an t-aistear fada thar oíche go dtí an Afraic Theas a dhéanamh ag tús na seachtaine seo agus gan ach cúpla lá acu le teacht chucu féin don chluiche dúshlánach seo.

Mar sin féin, seans gur mó an brú atá ar fhoireann bainistíochta Laighean agus ar Leo Cullen ná ar na himreoirí atá ag dul chun páirce. Má theipeann ar a fhoireann sa gcluiche seo agus má bhíonn pócaí Laighean folamh arís i mbliana, seans go mbeidh níos mó ná aos na meán sóisialta ag caint faoi athrú bainistíochta!

Is de bharr an bhrú sin ar fad atá mise ag tuar bua do Chúige Laighean cé go bhfuil imní orm faoi ullmhúchán agus cur chuige na mBulls agus iad faoi stiúir Jake White. Cuimhnigh gurbh eisean a bhí mar bhainisteoir ar an Afraic Theas nuair a bhuaigh siad Craobh an Domhain in 2007. Tá fios a ghnó ag an bhfear seo.

Mar sin féin tá an brú chomh mór sin ar Chúige Laighean nach mbeidh an dara rogha acu ach iompú agus dul chun catha.

Más neodrach atá tú, bainfidh tú an-sásamh as dhá chluiche iontacha rugbaí inniu. Má tá tú ag tacú le Cúige Mumhan nó le Cúige Laighean, tá lá fada romhat.

Níos mó