Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
cuntas-o-cheanada:-cultur-an-chaife-agus-go-leor-eile-i-gcathair-victoria

Cuntas ó Cheanada: Cultúr an chaife agus go leor eile i gcathair Victoria

| aodhan o baoill | ,

Tá muid ar ais sa tsibhialtacht! Nó, ar a laghad, tá muid i gcathair. I ndiaidh sé seachtaine galánta a chaitheamh ar oirthuaisceart an oileáin dhraíochtúil seo, tá muid fillte ar phríomhchathair an chúige, Victoria. 

Ní deireadh ár dtaistil é seo go fóill, áfach, nó beidh muid ag bogadh go baile beag uair a chloig ón chathair i gceann cúpla seachtaine. Beidh tuilleadh air sin agam daoibh nuair a tharlaíonn sé! 

I dtús báire, cúpla focal ar an chathair iontach seo. Lonnaithe in oirdheisceart an oileáin, déarfainn go bhfuil sé ar an áit is fearr linn sa tír go dtí seo mar tá an oiread sin rudaí éagsúla le déanamh ann.

Grianghraf: Solas luí na gréine ar Victoria, Ceanada. (Creidmheas: Armon Arani)

Tá muid ag stopadh le lánúin (agus a madadh) i dteach álainn atá deich mbomaite ar shiúl ó lár na cathrach ar an bhus. Tá teach úr á thógáil acu agus tá muidne ag cuidiú leo, chomh maith le haire a thabhairt do na sicíní beaga atá i ndiaidh teacht ar an tsaol. Siúlann muid deich mbomaite soir agus tá muid ar thrá bhán fhoirfe, in ann amharc bealach na Stát Aontaithe agus sléibhte an Leithinis Oilimpeach a fheiceáil. Siúlann muid tríocha bomaite (nó cúig bhomaite go dtí an bus) siar agus tá muid i lár na cathrach arís. 

Ní hionann Victoria agus na bailte eile i gCeanada, nó na bailte a chonaic muidne ar aon nós, sa mhéid is go bhfuil “seanbhaile” aige. Tá sí ar an chathair is cóngaraí don tSeapáin agus don tSín de chuid Cheanada, agus tá sin le mothú. Airíonn muid an meascán cultúrtha atá le fáil sa chathair go láidir.

Tháinig na muintir “Coast Salish” – sin iad na bundúchasaigh sa chuid seo tíre – anseo na céadta bliain ó shin, i bhfad sula ndearnadh coilíniú ar an áit. Is leis an náisiún Lekwungen agus an náisiún W̱sáneć an talamh. Tchítear a gcuaillí tótaim thart fán áit agus mar a luaigh mé in alt cheana féin, tá iarracht de chineál éigin déanta ag na húdaráis áitiúla leis na drochrudaí a rinneadh ar na bundúchasaigh a aithint. 

Rud éigin a sheasann amach dúinne chomh maith, mar dhaoine a bhaineann sult as cupán caife agus bonnóg a fháil (barraíocht suilt d’fhéadfá a rá!), ná go bhfuil cultúr caife láidir sa chathair. Taobh amuigh de na bialanna, tá caiféanna i lár gach comharsanachta. Thig suí taobh amuigh agus taitneamh a bhaint as a bheith ag breathnú ar réimse leathan daoine a shiúlann thart ar an chaifé. 

Nó, murab ionann is na bailte eile ina raibh muid, tá lánaí rothar ar fud na cathrach. Thig dul ó thaobh amháin go dtí an taobh eile go measartha éasca ar rothar. 

Grianghraf: Teach na Parlaiminte in Victoria, Ceanada. (Creidmheas: Parsa Mivehchi)

Thiocfadh leat bliain a chaitheamh anseo agus fós ní bheifeá in ann triail a bhaint as achan bhialann. Blaisigí an t-iasc úr a thagann isteach ar na báid, téigh chuig an Cheantar Shíneach agus bain triail as na bialanna rúnda a bhíonn i bhfolach i gcoirnéil nó in áiteacha nach mbeifeá ag dúil leofa, preab isteach is amach as na siopaí neamhspleácha (sa chás s’againne, ag ligint orainn go bhfuil airgead sa bhreis le caitheamh againn). Siúil ar an chladach a fhad le Cé an Iascaire. Suigh ansin, bíodh beoir nó gloine fíona agat agus amharc ar an ghrian ag dul faoi na sléibhte. 

Anois agus muid ag teacht chun deireadh ár dtréimhse sa tír seo, is orainne atá an t-ádh go dtig linn ár scíth a ligint agus sult a bhaint as. D’oibrigh muid agus shábháil muid go crua i gCuas an Teileagraif, agus anois thig linn cúpla uair a chloig oibre a dhéanamh gach lá mar chúiteamh ar lóistín agus ar bhéiltí. Is iad seo na laethanta saoire níos mó ná aon rud eile. 

Is fada a bheidh muid ag obair, cad chuige nár chóir dúinn sult a bhaint as an am seo nuair is féidir linn?

The post Cuntas ó Cheanada: Cultúr an chaife agus go leor eile i gcathair Victoria appeared first on NÓS.

Níos mó