Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
colman-tiger-king-agus-‘aran-couple’-shean-keating

Colman Tiger King agus ‘Aran Couple’ Sheán Keating

Íocadh €10,000 ar phictiúr dar teideal Aran Couple ag ceant a bhí ar bun i mBaile Átha Cliath le gairid. Cloigne na beirte atá sa bpictiúr a rinne an t-ealaíontóir Seán Keating le fioghual agus cailc bhán thart ar an mbliain 1971. Cé nach raibh ainm na mná tugtha sa gcatalóg don cheant, ceaptar gurb é Colman Tiger King, a raibh an phríomhpháirt aige sa scannán clúiteach ‘Man of Aran’, an fear.

Treoirluach idir €5,000- €7,000 a bhí luaite leis an bpictiúr. Duine darbh ainm Dr Bloomfield a cheannaigh Aran Couple ón ealaíontóir ar €50 i 1971 agus ba iad muintir an duine úd a chuir ar ceant é an lá faoi dheireadh.

Thug Ian Whyte, ó na ceantálaithe Whyte’s a bhí i mbun an cheant, le fios go ndearna Seán Keating roinnt pictiúr eile de Tiger King i gcaitheamh na mblianta. Tugadh €1,900 ar cheann acu ag ceant a bhí ag Whyte’s in 2013.

Agus sa mbliain 2014, frítheadh €12,000 ar mhacasamhail chré-umha de chloigeann an Árannaigh ag ceant a bhí ag Adam’s i mBaile Átha Cliath. B’in dhá oiread an treoirphraghas a bhí luaite leis.

Ba é an dealbhadóir mór le rá Jacob Epstein (1880 – 1959) a chruthaigh an píosa dealbhadóireachta úd, le linn do Colman Tiger King a bheith ar cuairt ar Londain don chéad taispeáint i Sasana de Man of Aran i 1934. Bhí Epstein i mbarr a réime mar dhealbhadóir ag an am. An bhliain roimhe sin, chruthaigh sé dealbh de chloigeann Albert Einstein. Sé cinn de mhacasamhla a rinne Epstein de Tiger King; tá ceann acu i seilbh Dhánlann Hugh Lane i mBaile Átha Cliath.

Rugadh Colman Tiger King in Árainn sa mbliain 1900. Ba ghaibhne a bhí i roinnt da mhuintir agus tuigtear gur chaith sé tamall i mbun na ceirde sin le linn a óige. Chaith sé seal san arm chomh maith, tuigtear.

Ba é a roghnaigh an scannánóir Meiriceánach Robert Flaherty (1884 – 1951) don phríomhpháirt i Man of Aran, a rinneadh sna blianta 1932 agus 1933. Orthu siúd a raibh páirteanna tábhachtacha acu sa scannán céanna, bhí na hoileánaigh Maggie Dirrane agus Michael Dillane, a bhí ina ghasúr ag an am.

Nuair a bhí an scannánaíocht críochnaithe in Árainn i mí na Nollag 1933 tugadh roinnt de na haisteoirí go Londain, áit ar chaitheadar naoi gcinn de sheachtainí ag cur fuaimrian leis na radhairc. Ba le linn an ama sin i Londain a rinne Robert Flaherty an gearrscannán Oídhche Sheanchais a áirítear ar an gcéad scannán le fuaimrian i nGaeilge.

Bhí Colman Tiger King, Maggie Dirrane agus Michael Dillane ar an scata beag a bhailigh timpeall na tine bréige i Stiúideo Gainsborough in Islington le héisteacht leis an seanchaí Seáinín Tom Ó Direáin agus é i mbun scéalaíochta.

(Bhí an scannán úd ar iarraidh ar feadh 80 bliain go dtí gur frítheadh cóip de in Ollscoil Harvard i Meiriceá in 2013. Taispeánadh é, in éindí le clár faisnéise faoi, ar TG4 in 2016.)

Thaistil Tiger King, Maggie Dirrane agus Michael Dillane go Londain arís roinnt míonna níos deireanaí nuair a taispeánadh Man of Aran sa bpictiúrlann ansin den chéad uair. Agus i bhfómhar na bliana 1934, chuadar go Meiriceá ar bhord loinge le bheith i láthair nuair a taispeánadh an scannán i Nua-Eabhrac. ‘Bleak and haunting’ a dúradh faoi Man of Aran i bhfógra a bhí sa New York Times ag an am.

Tharraing Man of Aran conspóid toisc go raibh roinnt daoine den tuairim nach fíorléiriú ar shaol na n-oileánach a bhí i gceist, cé go raibh sé curtha i láthair mar scannán faisnéise. Agus is cinnte go raibh cuid de na nósanna a chuir Robert Flaherty ar an scáileán caite i dtraipisí le blianta.

Rugadh an t-ealaíontóir Seán Keating i Luimneach in 1889. Ba i 1914 a thug sé cuairt ar Oileáin Árainn den chéad uair agus is iomaí pictiúr a rinne sé de mhuintir na n-oileán ón mbliain sin amach.

Radhairc de gnáthshaol na n-oileán atá i go leor acu: báid iascaigh ag dul chun farraige; móin á tabhairt i dtír; curachaí a ndeasú ar an trá.

Ach amhail chuile shaothar ealaíne, ní féidir a bheith ag súil leis an bhfírinne lom iontu. Cuireann chuile ealaíontóir leis an bhfírinne nó maisíonn sé nó sí an fhírinne ar bhealach éigin.

Cé gur thart ar an mbliain 1971 a rinneadh an pictiúr Aran Couple, tá an Colman Tiger King atá le feiceáil ann ina fhear óg, bíodh is go raibh sé amach go maith sna blianta faoin tráth úd.

I rith a shaoil, ba mhinic le Seán Keating filleadh ar sceitsí a rinne sé siar sna blianta le pictiúr a chruthú as an nua, a dúirt an ceantálaí Ian Whyte. Is amhlaidh a tharla, is cosúil, i gcás Aran Couple, an pictiúr a cuireadh ar ceant le gairid.

Thóg Seán Keating go leor grianghraf agus é in Árainn agus bhaineadh sé úsáid astu agus é i mbun pictiúr a dhéanamh. Chomh maith leis sin, d’úsáideadh sé cineaceamara le scannán a dhéanamh de bháid ag teacht i dtír, mar shampla.

Deir Ian Whyte go ndéanadh Keating staidéar ar na píosaí scannánaíochta sin le go bhféadadh sé gluaiseacht na mbád a chur ar an gcanbhás ar bhealach réadúil.

Agus céard faoin mbean óg atá ar dhuine den bheirt in Aran Couple? Tá cuid mhaith dá gruaig dhorcha clúdaithe le scaif, a lámh chlé ardaithe dá héadan agus í ag breathnú amach uaithi. Tá an chuma uirthi go mbaineann sí le pictiúr éagsúil is le ré dhifriúil.

Ba i Sasana a chaith Colman Tiger King cuid mhaith dá shaol tar éis do Man of Aran aird an domhain mhóir a tharraingt air féin agus ar Árainn i 1934. D’oibrigh sé le Metropolitan Water i Londain ar feadh 25 bliain.

Bhásaigh sé i 1976 agus bhásaigh Seán Keating an bhliain dár gcionn. Cúpla mí sula ndeachaigh Colman Tiger King ar shlí na fírinne chuir Árannach eile, an t-iriseoir is an t-údar Breandán Ó hEithir, é faoi agallamh teilifíse do RTÉ. Agus é ag tagairt don tréimhse a chaith sé i mbéal an phobail in Éirinn agus i bhfad i gcéin, dúirt Tiger King, ‘Ní raibh ann ach cuid eile de mo shaol.’

Níos mó