Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
feile-dorn-san-aer-in-omos-do-ronan-le-titim-amach-faoi-scath-na-hearagaile

Féile Dorn San Aer in ómós do Rónán le titim amach faoi scáth na hEaragaile

Bliain i ndiaidh chailliúint mhór an chraoltóra radacach, tá cairde, clann agus pobal Rónáin Mhic Aodha Bhuí ag tabhairt féile úr do na Gaeil: Dorn San Aer! Déanfar comóradh ar shaol agus ar shaothar Rónáin ón 27-29 Meán Fómhair 2024 le ceol, comórtais agus cainteanna i nGaoth Dobhair.

Is féile trí lá é Dorn San Aer le breis agus 20 banna agus ceoltóir fógartha go dtí seo. Ceiliúradh ar oidhreacht agus ar éiteas Rónáin a bheidh san fhéile, ag tabhairt ceoltóirí rac, hip-hop, trad-leictreach, ceol Gaelach, ska, agus reigé chun ardáin, chomh maith leis an ghníomhaí cearta sibhialta Bernadette McAliskey a sheolfaidh an fhéile ar an 27 Meán Fómhair in Amharclann Ghaoth Dobhair.

Lena chois sin, reáchtálfar plé agus díospóireacht, Coirnéal na Cainte: Caint faoi Réabhlóid an cheoil, seó do pháistí óga darb ainm Preab sa Cheol, Lá Teaghlaigh, seisiún Ceol ar an Loch ar an bhád An Gráinne Rose, agus seisiún ióga ag breacadh an lae.

Grianghraf: Rónán Mac Aodha Bhuí san Óstán Gleneagles in 2010 dá chlár ‘Rónán Beo@3’. (Creidmheas: Seán Ó Mainnín)

Mar a dhéanfadh Rónán féin, díreoidh Dorn San Aer ní ar na stíleanna traidisiúnta amháin, ach ar thodhchaí an cheoil agus nuálaíocht na n-amhránaithe in Éirinn freisin. Cluinfear ó bhanna Feirsteach a chuaigh ar An Cabaret Craiceáilte go minic, Bréag, chomh maith leis an ghrúpa thrad-leictreach Phágánach Huartan a bhuaigh Duais Rónáin Mhic Aodha Bhuí ag Gradaim NÓS i mbliana.

Ina dhiaidh sin, beidh an grúpa func-snagcheoil Grooveline a dhéanfaidh éasca ar do chois thú ar stáitse, agus glacfaidh John Spillane a scéalaíocht i bhfoirm ceoil leis chun beocht ar leith a chur san fhéile.

Beidh “plúrscoth na gceoltóirí traidisiúnta” i láthair ag Seisiún Cúl a’ Tí in Ionad Cois Locha, mar atá Emma Ní Fhíoruisce, Eve Bell, an sárphíobhaire Ciarán Mac Fheidhlimidh, agus ceoltóirí bríomhara Oileán Thoraí. Más ceol funcaí atá uait, beidh an banna Feirsteach, Boss Sound Manifesto ann lena thabhairt duit. Ná caill amach ar an seisiún amhránaíochta Súp an Domhnaigh i dteach Hiúdaí Beag ach an oiread.

Grianghraf: Scaifte daoine óga ag déanamh réidh do Dorn San Aer. (Creidmheas: Colm Hogan)

Níl ansin ach blaiseadh beag den fhéile. Thairis sin ar fad, beidh Spásas, Róisín Chambers, an comhghrúpa IMLÉ, Na Fíréin, Cigire na bPuntaí, Elephant Brothers, an Ciarraíoch Súil Amháin, Cistineach an Chéilí, Ceoltóirí ón Úcráin, Cór Dorn San Aer le Doiminic Mac Giolla Bhríde, agus ceardlann Damhsa. Fógrófar tuilleadh imeachtaí amach anseo chomh maith.

Ainmníodh an fhéile as an gháir a scairt Rónán amach agus na Gaeil á ngríosú aige i leith na n-ealaíon. Chothaigh sé amhránaithe agus bannaí úra leis An Cabaret Craiceáilte gach mí agus chun tógáil ar an obair sin, seolfar RACADAMH. Acadamh an Cheoil Nua-Aimseartha a bheidh i gceist le RACADAMH. Soláthrófar máistir-ranganna le haíonna speisialta mar chuid de scoil cheoil “a ba mhian le Rónán a bhunú,” scoil a thabharfaidh ceardlanna agus meantóireacht do cheoltóirí idir aitheanta agus nua.

Gabhann eagraithe na féile a mbuíochas le hÚdarás na Gaeltachta agus Ealaín na Gaeltachta as ucht a gcuid urraíochta don fhéile.

Grianghraf: Rónán Mac Aodha Bhuí agus a dhorn féin san aer. (Creidmheas: Seán Ó Mainnín)

Ar deireadh, beidh Cath na mBannaí mar phríomhchuid den fhéile. Bronnfar duais ar an bhanna nó ar an cheoltóir úr is fearr a chuireann taispeántas spleodrach i láthair don lucht féachana. Anuas air sin, beidh taispeántas ealaíne ann ó na Ceardlanna Ealaín Sráide do Dhaoine Óga, a bheidh ar siúl agus ag déanamh ullmhúchán don fhéile. Beidh deis díospóireachta eile ann chomh maith faoi staid agus todhchaī an cheoil sa tír.

Beidh Dorn San Aer ar siúl ón 27-29 Meán Fómhair 2024. Tá costas €30, €70, agus €100 ar thicéad lae, ticéad deireadh seachtaine, agus ticéad teaghlaigh faoi seach. Is féidir breathnú ar an chlár ar DornSanAer.ie.

The post Féile Dorn San Aer in ómós do Rónán le titim amach faoi scáth na hEaragaile appeared first on NÓS.

Níos mó