Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
straiteis-nua-d’abhar-i-ngaeilge-agus-staisiun-raidio-gaeilge-don-oige-luaite-i-bplean-cuig-bliana-nua-rte

Straitéis nua d’ábhar i nGaeilge agus stáisiún raidió Gaeilge don óige luaite i bplean cúig bliana nua RTÉ

| Tuairisc.ie | , ,

Deir RTÉ go ndéanfar athnuachan ar Straitéis Gaeilge RTÉ an bhliain seo chugainn mar fhreagra ar an athbhreithniú cuimsitheach ar sholáthar seirbhísí Gaeilge sna meáin atá ar bun ag Coimisiún na Meán

Straitéis nua d’ábhar i nGaeilge agus stáisiún raidió Gaeilge don óige luaite i bplean cúig bliana nua RTÉ

Pic: Mark Stedman/RollingNews.ie

Tá stáisiún raidió digiteach Gaeilge agus cainéal ar leith Gaeilge ar an RTÉ Player i measc na ngníomhartha atá beartaithe ag an gcraoltóir náisiúnta don teanga ina straitéis nua. 

D’fhoilsigh RTÉ a straitéis nua cúig bliana an tseachtain seo caite, Treo Nua: Ráiteas Straitéise 2025 – 2029, agus an eagraíocht ag iarraidh teacht ó na conspóidí a bhain di le bliain anuas. Admhaítear sa straitéis go bhfuil gá “práinneach” le “bunathrú agus le muinín a fháil ar ais” in RTÉ.  

Ar cheann de na spriocanna is mó suntais sa straitéis tá an sprioc líon na bhfostaithe in RTÉ a laghdú  400 duine trí scéim scoir dheonaigh a thabhairt isteach ach tá tagairtí déanta d’ábhar Gaeilge RTÉ sa straitéis freisin. 

Deirtear inti go ndéanfar athnuachan ar Straitéis Ghaeilge RTÉ an bhliain seo chugainn mar fhreagra ar an athbhreithniú cuimsitheach ar sholáthar seirbhísí Gaeilge sna meáin atá ar bun ag Coimisiún na Meán i láthair na huaire. Cé nach bhfoilseofar torthaí an athbhreithnithe sin go dtí an bhliain seo chugainn, deir RTÉ go gcinnteofar ina straitéis nua don Ghaeilge go mbeidh “cláir shuntasacha Ghaeilge agus dhátheangacha Béarla-Gaeilge” á gcraoladh ar RTÉ. 

Tá geallta sa straitéis cúig bliana go gcuirfear tuilleadh maoinithe ar fáil chun cláir Ghaeilge a dhéanamh.  

Deirtear inti go ndéanfar an ‘Ciste Síl’ a sheoladh an bhliain seo chugainn “chun an buiséad forbartha físeán a dhúbailt ar fud na gclár drámaíochta, na gclár Gaeilge, na gclár faisnéise agus na bhformáidí dúchasacha”. 

Tá béim bhreise curtha ar tháirgí agus seirbhísí sruthaithe agus ar choimisiúnuithe ón earnáil neamhspleách i straitéis nua RTÉ agus mar chuid de sin, deirtear go mbeifear ag lorg  earnáil neamhspleách smaointe maidir “le formáidí comhaimseartha atá éasca le sruthú ar fud ábhar Gaeilge, ealaíne agus cultúir agus sainchláir fhíorasacha i ndáil le hábhar físe”. 

Thacódh breis ábhar físe i nGaeilge le RTÉ cainéal ar leith, RTÉ as Gaeilge, a sheoladh ar an seinnteoir, RTÉ Player, rud atá luaite sa straitéis. Tá go leor d’ábhar Gaeilge RTÉ ar fáil faoi chatagóir na Gaeilge cheana féin ar an Player ach is léir go bhfuil sé i gceist forbairt a dhéanamh air sin. 

Maidir le cúrsaí fuaime, deirtear chomh maith go ndéanfar raon podchraoltaí agus seónna raidió nua a choimisiúnú do Raidió na Gaeltachta agus seirbhísí raidió eile RTÉ. 

Gealltar freisin go dtabharfaidh RTÉ faoi staidéar féidearthachta do stáisiún raidió digiteach Gaeilge nua a bheidh ag díriú ar éisteoirí idir 15-34 bliain d’aois.  

Tá ráite ag Coimisiún na Meán gur cheart iniúchadh a dhéanamh ar na féidearthachtaí stáisiún raidió Gaeilge don óige a bhunú. Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh le fada go mbunófaí a leithéid de sheirbhís ach is stáisiún náisiúnta FM atá ón gConradh seachas stáisiún digiteach. 

Níos mó