Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-bualadh-bos-do-na-gaeil!-na-emoji-is-mo-usaid-ar-line

Bualadh bos do na Gaeil! Na Emoji is mó úsáid ar líne

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Is é an ‘bualadh bos’ (👏🏻) an emoji is ansa leis na Gaeil ar líne, dar le heolas nua atá faighte ag NÓS. 

Rinneadh ceiliúradh inné ar Lá Idirnáisiúnta na Emoji agus tá taighde déanta ag an ríomheolaí aitheanta  Kevin Scannell  faoi  na emoji is fearr le cainteoirí  Gaeilge. Rinne an tOllamh Scannell, atá ag obair ar thograí Gaeilge ar líne i  gCarna i láthair na huaire, scagadh ar úsáid na emoji i measc cainteoirí Gaeilge Twitter,  agus chuir liosta le chéile den 100 emoji  is coitianta.

Ar bharr an liosta sin i mbliana tá an ‘bualadh bos’. Is minic a úsáidtear an emoji seo le moladh a thabhairt do dhuine eile ar na meáin shóisialta, ach feictear go rímhinic freisin é nuair atáthar ag iarraidh béim a leagan ar theachtaireacht. Sa gcás sin, is iondúil go gcuirtear an emoji i ndiaidh gach focal san abairt.

Tá na giolcacha poiblí go léir a seoladh ó chuntais phoiblí Twitter bailithe ag Scannell mar chuid den togra ‘Indigenous Tweets’, agus is ón mbailiúchán sin a tháinig sé ar an 50 emoji is mó úsáid ag cainteoirí Gaeilge ar Twitter.

Ar an dara emoji is mó úsáid i measc cainteoirí Gaeilge tá an 😂. D’fhógair Oxford Dictionaries an 😂 mar fhocal na bliana in 2015 — an t-aon uair riamh ar tugadh an stádas sin do straoiseog. Ar Emojipedia, ciclipéid na emoji, cuirtear síos ar an 😂 mar “deora áthais” agus is minic a úsáidtear í le gáire croíúil a chur in iúl. Is minic, áfach, a bhaineann míthuiscint leis an emoji le “deora bróin” a chur in iúl — cúram an emoji seo: 😭.

Dream dearfach, grámhar, tacúil iad na Gaeil ar líne más aon tomhais iad na emoji ar an gcuid eile den liosta. Is measc emoji eile ar bharr an liosta, tá an ordóg 👍, an miongháire croíshúileach 😍, an aililiú 🙌,  an miongháire 😊, agus cúpla leagan den chroí, 💚  agus ❤  ina measc. 

Cé go bhfuil na emoji cáilithe do mhná agus fir (is é sin le rá emoji a athraíonn inscne emoji eile) ar an liosta den 100 emoji is coitianta, níl na emoji a athraíonn dath craicinn na gcarachtar beag chomh coitianta sin cé is moite den emoji cáilithe do chraiceann geal.

Níl an oiread céanna tóir ar ‘an fuilghrúpa O’ 🅾 anois le hais mar a bhí dhá bhliain ó shin, nuair a bhí sé ar an gcúigiú straoiseog is mó úsáid i measc na nGael. Ní cúrsaí fola ná leighis a bhíonn i gceist ag lucht labhartha na Gaeilge nuair a bhíonn an straoiseog seo in úsáid acu, ainneoin teideal oifigiúil na siombaile, ach an feachtas ‘Dearg le Fearg’. Tá an ciorcal bán ar chúlra dearg tarraingthe ag lucht an fheachtais chucu féin mar shuaitheantas idirlín.

Tá úsáid an emoji áirithe sin tite go mór in imeacht dhá bhliain, ón uair a bhí borradh mór faoin bhfeachtas, ach tá ‘an ciorcal mór dearg’ ⭕ agus ‘an ciorcal dearg’ 🔴 le feiceáil ar an liosta freisin, cé nach bhfuil ceachtar acu go mór i mbéal an phobail anois. 

Tá ‘an tÉireannachas’ le feiceáil mar théama sa liosta freisin, agus ceithre straoiseog a úsáidtear go minic le teachtaireachtaí faoi Éirinn, faoi Éireannaigh nó faoin Éireannachas sna 20 straoiseog is mó úsáid: ‘an tseamair Mhuire’ 🍀, ‘an tseamróg’ ☘, ‘an croí glas’ 💚 agus ‘brat na hÉireann’ 🇮🇪.

Níos mó