![](/wp-content/themes/yootheme/cache/3c/three2_1000_Screen_Shot_2019-08-02_at_11.58.49-2-3ce9af42.jpeg)
Oideas Gael: Daoine ó gach cearn den domhan ag foghlaim na Gaeilge
Tagann na céadta duine chuig Oideas Gael i nGleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall, achan bhliain chun freastal ar chúrsaí Gaeilge agus cláracha cultúrtha an choláiste.
Bunaíodh Oideas Gael sa bhliain 1984 i nGaeltacht Thír Chonaill. Tá Gleann Cholm Cille suite i gceantar Shliabh Liag i ndeisceart an chontae, atá aitheanta as a radharcanna áille agus is anseo a chaitheann daoine ó fud fad na cruinne am i bpobal Gaeltachta.
Bhuail Meon Eile le cuid acu agus iad ag tabhairt faoin Ghaeilge sa choláiste, chun labhairt leo faoi na fáthanna pearsanta ar chinn siad ar an Ghaeilge a fhoghlaim.