‘10% a mbíonn Gaeilge acu tar éis 13 bliain – níl an Ghaeilge éigeantach ag obair’
Tá ‘dumbing down’ déanta ar an ábhar le blianta beaga anuas
Donncha Ó hÉallaithe
Tráchtaire agus gníomhaí pobail
Faoi láthair múintear Gaeilge do 90% de na scoláirí Ardteiste, ach thart ar 10% a bhíonn inniúil ar an nGaeilge tar éis dóibh a bheith á foghlaim le 13 bliain.
Dá réir sin, níl an Ghaeilge éigeantach ag obair. Tá frustrachas ar mhúinteoirí ag iarraidh teanga a mhúineadh do scoláirí nach bhfuil ag iarraidh í a fhoghlaim agus tá ‘dumbing down’ déanta ar an ábhar le blianta beaga anuas.
B’fhearr díriú ar líofacht a thabhairt do na daltaí atá ag iarraidh í a fhoghlaim.
Is cinnte go seachnódh go leor daltaí meánscoile an Ghaeilge a dhéanamh dá mbeadh sé ceadaithe ábhar níos éasca a roghnú ina háit. Chun teacht roimh an argóint sin níor mhór na daltaí a mhealladh le Gaeilge a thógáil don Ardteist, sa gcaoi is nach mbeidís thíos leis.
Seo é mo mholadhsa: (i) go mbeadh dúbailt pointí CAO san Ardteist le fáil don Ghaeilge, don Bhéarla agus don Mhatamaitic agus (ii) go mbeadh 50% ar a laghad de na postanna sa gcóras poiblí á líonadh le daoine atá inniúil ar an dá theanga Gaeilge chomh maith le Béarla. Bheadh toradh níos fearr ar an bpolasaí seo.
Buille tubaisteach don Ghaeilge a bheadh ann
Muireann Ní Mhóráin
Príomhfheidhmeannach COGG
Deirtear i gcáipéis chomhairliúcháin na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ar an Athbhreithniú ar an tSraith Shinsearach:
‘…nuair a fiafraíodh cé na comhpháirteanna curaclaim ba cheart a bheith éigeantach, má ba cheart aon cheann a dhéanamh éigeantach, moladh Béarla/litearthacht, matamaitic/uimhearthacht agus scileanna saoil níos mó ná aon chuid eile. Moladh freisin litearthacht dhigiteach; litearthacht airgeadais; taithí oibre; oideachas sóisialta, pearsanta agus sláinte (oideachas caidrimh agus gnéasachta ina measc); oideachas saoránachta agus polaitiúil; an Ghaeilge; oideachas inbhuanaitheachta agus athraithe aeráide; cultúr agus ilchultúrachas; agus deiseanna d’fhoghlaim ildisciplíneach, ach léiríodh dearcthaí éagsúla faoinar cheart go mbeadh na réimsí sin roghnach nó éigeantach. Léiríodh dearcthaí éagsúla faoin nGaeilge a choinneáil mar ábhar éigeantach.’
Cé go dtuigimid, ar ndóigh, nach bhfuil aon ábhar eile seachas an Ghaeilge éigeantach i láthair na huaire, is ait mar ráiteas é, ‘Léiríodh dearcthaí éagsúla faoin nGaeilge a choinneáil mar ábhar éigeantach’.
An mbeadh aon duine ag súil go mbeadh an dearcadh céanna faoin gceist achrannach seo ag gach duine agus an é nár léiríodh dearcthaí éagsúla faoi ábhair eile?
De réir mar a thuigimse, níor tháinig an oiread dearcthaí diúltacha faoin nGaeilge chun tosaigh agus a bhíothas ag súil leo ag na seisiúin chomhairliúcháin. Is cosúil gur moltaí faoin gcur chuige teagaisc agus measúnaithe agus an gá atá ann iad a leasú is mó a tháinig chun cinn, seachas moltaí go mbeadh an Ghaeilge roghnach.
Buille tubaisteach don Ghaeilge a bheadh ann, dar liom, dá mbeadh an Ghaeilge roghnach sa tSraith Shinsearach mar ní chuirfí an oiread béime uirthi sa tSraith Shóisearach agus, go deimhin, sna bunscoileanna, dá sílfí nach raibh tábhacht léi. Má bhíonn sí roghnach, beidh cinntí á ndéanamh ag déagóirí 15 bliain d’aois a mbeidh impleachtaí móra acu dá rogha gairme. Mura mbíonn scoláirí ag fágáil ár scoileanna agus Gaeilge mar ábhar acu, cad as a thiocfaidh an 20% de na hearcaigh le Gaeilge atá le bheith sa státseirbhís le freastal ar lucht na Gaeilge? Cad as a thiocfaidh na múinteoirí bunscoile le Gaeilge a theagasc do pháistí óga na tíre nó céimithe le Gaeilge len í a theagasc inár n-iarbhunscoileanna agus ganntanas múinteoirí ann cheana féin?
Cad as a thiocfaidh múinteoirí dár scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge? Cad as a thiocfaidh an chéad ghlúin eile de pháistí a mbeidh an Ghaeilge mar theanga theaghlaigh acu?
Tá sonraíochtaí nua á bhforbairt faoi láthair don Ghaeilge san Ardteist agus é i gceist iad a thabhairt isteach in 2021 nó 2022. Tá sé i gceist sonraíochtaí éagsúla a bheith ann do scoileanna T2 (Béarla mar mheán teagaisc) agus T1 (scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge). Deis atá an
seo aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le teagasc na Gaeilge agus leis an gcóras measúnaithe atá i bhfeidhm a leasú agus tá súil agam go dtabharfar seans don chur chuige nua leabú sa chóras agus go ndéanfar iniúchadh ar thionchar na n-athruithe sula rachfar i mbun comhairliúcháin faoi stádas na Gaeilge inár scoileanna.
Tacaíocht atá ag teastáil do mhúinteoirí maidir lena gcumas sa teanga agus maidir leis na modheolaíochtaí is fearr len í a mhúineadh agus, go dtí go ndéanfar seo go córasach, ní ceart aon athrú a dhéanamh.
Ná caithimis an leanbh amach le huisce an fholctha!
‘Níor chuala mé aon chaint dhearfach faoi aon rud ar an gcuraclam seachas an dán Ainmhí Allta’
Bláthnaid Ní Chofaigh
Craoltóir
Tá dhá rud le plé maidir leis an nGaeilge, an Ghaeilge mar ábhar acadúil agus an Ghaeilge mar theanga labhartha. Chuirfeadh sé faitíos orm agus bheadh sé ina ábhar imní dom dá gcuirfí deireadh leis an nGaeilge mar ábhar éigeantach. Is dóigh liom go meallann sé go leor daoine le dul chuig coláistí samhraidh agus tréimhsí a chaitheamh sa nGaeltacht. I ngan fhios dóibh baineann siad an-tairbhe as agus titeann siad i ngrá leis an teanga labhartha.
Ar nós a bheith ag iascach níl a fhios agat céard a thiocfas isteach sa eangach.
Seans go meallfar an cúpla duine a thiteann i ngrá leis an teanga agus is iad na daoine sin a rachaidh ar aghaidh chun a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge. In áit a bheith ag caint ar Ghaeilge éigeantach nó roghnach, caithfear curaclam nua a thabhairt isteach do dhaltaí atá ag freastal ar Ghaelcholáistí agus ar scoileanna Gaeltachta. Nuair atá dalta, ar nós mo mhac féin, ag dul isteach chuig scrúdú béil agus maolú d’aon turas á dhéanamh aige ar a chanúint ar fhaitíos go ngabhfadh sé sin ina aghaidh, caithfear breathnú ar an gcóras. Caithfidh curaclam níos fearr a bheith acu. Faoi mar atá sé, níl dóthain ann a mhúsclódh nó a mheallfadh an duine óg a bhfuil Gaeilge sa mbaile aige nó aici.
As an gceathrar gasúr atá againn tá an Ardteist déanta ag beirt agus tá sí fós le déanamh ag an mbeirt eile, ach níor chuala mé aon chaint dhearfach ó aon duine acu faoi aon rud ar an gcuraclam seachas an dán ‘Ainmhí Allta’ le Caitlín Maude. Is fadhb í sin. Tá siad ocrach ag iarraidh ábhar atá á phlé chuile lá sa mBéarla a phlé sa rang Gaeilge. Mar dhuine a rugadh i gCeanada, a tógadh sa nGaeltacht, atá pósta le Béarlóir, a chónaíonn i mBaile Átha Cliath, agus a chuir a páistí fríd an gcóras Gaeloideachais, tá mé in ann seasamh siar agus léirmheas níos fearr a dhéanamh ar na cúrsaí ná a fhéadfainn a dhéanamh nuair a bhí na páistí óg. Tá sé feicthe agam nach bhfuil ag éirí leis an gcóras.
Ní cathair mar a tuairisc an Ghaeilge roghnach
Breandán M Mac Gearailt
léachtóir agus iriseoir
Is dóigh liom go léirítear easpa tuisceana ar fheidhmiú scoileanna nuair a bhítear ag trácht ar an nGaeilge a bheith mar ábhar roghnach don tsraith shinsearach.
Ag éisteacht leis an áiteamh ar fad taibhsítear dom go bhfuil tráchtairí áirithe den tuairim go mbeadh an Ghaeilge ar fáil d’éinne a bheadh ag iarraidh tabhairt fúithi.
Ní féidir talamh slán a dhéanamh de seo. Braitheann soláthar ábhar ar bith ar choinníollacha éagsúla: éileamh ós na daltaí, soláthar múinteoirí, seomraí srl.
Dá mbeadh an Ghaeilge ina hábhar roghnach rachadh sí isteach i bpota mar a bhfuil gach rud ó Ealaín go hEacnamaíocht Bhaile agus ó Cheol go Ceimic. Cuimhnigh chomh maith go bhfuil breis ábhar á gcur sa phota i rith an ama; corpoideachas, polaitíocht agus eolaíocht ríomhaireachta, mar shampla.
Dá bhrí sin dá mbeadh an Ghaeilge ina hábhar roghnach chuirfí os comhair na ndaltaí mar rogha í ceart go leor, ach mura mbeadh an t-éileamh substaintiúil go leor ní chuirfí ar fáil í. Mar sin ní bheadh an ceart ag cách Gaeilge a dhéanamh. Ní cathair mar a tuairisc an Ghaeilge roghnach.
Fiú dá gcuirfí ar fáil í bheadh sí ar fáil mar rogha ar liosta. ’Sé sin bheadh rogha agat, mar shampla, an Ghaeilge a dhéanamh nó Stair nó Ceimic nó Ceol.
Is cinnte go bhfágfaí scoláirí a bhfuil suim agus cumas sa teanga acu ar an trá fholamh.
Dá mbeadh an Ghaeilge mar ábhar roghnach bheadh impleachtaí tromchúiseacha ag an scéal don teanga, agus do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.