Ag Léamh faoin mBinse Scoile: Scéal Chathail Uí Shándair (Taispeántas/Exhibition)
Ag Léamh faoin mBinse Scoile: Scéal Chathail Uí Shándair (Taispeántas/Exhibition)
@ Leabharlann Cathrach Chorcaí, Sráid an Chapaill Bhuí
Lecture / TalkAr feadh mhí na Bealtaine, beidh an taispeántas taistil Ag Léamh faoin mBinse Scoile: Scéal Chathail Uí Shándair le feiceáil sa Leabharlann Cathrach i lár chathair Chorcaí. Tá an taispeántas ar camchuairt timpeall na tíre faoi láthair, mar chuid de chomóradh ar 100 bliain ó rugadh Cathal Ó Sándair, an scríbhneoir Gaeilge is mó ráchairt riamh.
Ar feadh dhá scór bliain chuir Cathal Ó Sándair (1922-1996) déagóirí na hÉireann ag léamh leabhair Ghaeilge go fonnmhar – uaireanta faoin mbinse scoile, fiú. Bleachtaireacht, eachtraíocht, buachaillí bó, ficsean eolaíochta – thriail Ó Sándair gach seánra faoin spéir le léitheoirí óga a mhealladh, agus d’éirigh leis. Foilsíodh beagnach 120 leabhar dá chuid idir na 1940idí agus na 1960idí agus díoladh breis agus 120,000 cóip díobh, figiúir nár sháraigh aon údar Gaeilge riamh ná ó shin.
Bhí cáil nach beag ar Ó Sándair lena linn, ach sa lá atá inniu ann is beag cuimhne atá ag an bpobal air – is luaithe a d’aithneofaí ainm Réics Carló, bleachtaire ficseanúil Uí Shándair, ná mar a d’aithneofaí ainm an té a chum. Is é aidhm an taispeántais seo ná ainm Uí Shándair a chur ar ais i mbéal an phobail, céad bliain i ndiaidh a bhreithe.
Seolfar an taispeántas i gCorcaigh go hoifigiúil ag 6.30pm, Déardaoin, an 12 Bealtaine 2022, i Leabharlann Cathrach Chorcaí, Sráid an Chapaill Bhuí, le caint dhátheangach ar shaol agus ar shaothar an údair mór-ráchairte. Tá fáilte roimh chách ag an imeacht.
Tuilleadh eolais le fáil ó cathalosandair2022@gmail.com