![](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2022%2F06%2Feuropus-1.png%22%2C%22thumbnail%22%3A%22%2C%22%7D&hash=ec9570e6)
Ard-Dioplóma i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán 23-24
Ard-Dioplóma i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán 23-24
ClassForléargas
Cúrsa lánaimseartha 6 mhí ar an gCeathrú Rua i gConamara á reáchtáil ag Europus i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh.
Is cúrsa ardghairmiúil 6 mhí (Deireadh Fómhair-Aibreán) é an tArd-Dioplóma i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán a reáchtáiltear ar an gCeathrú Rua i gConamara. Tá an cúrsa dírithe ar dhaoine ar mian leo a bheith ina n-aistritheoirí gairmiúla anseo in Éirinn nó in Institiúidí na hEorpa nó ar dhaoine ar mian leo a bheith ag obair in earnáil na Gaeilge. Cuirtear oiliúint ar mhic léinn i ngach réimse den aistriúchán agus de chruinneas teanga. Tá modúil ar leith sa chúrsa atá dírithe ar ghnéithe eile de thionscal na teanga.
TRÉIMHSE
Deireadh Fómhair 2023 – Aibreán 2024
IONAD
Europus, An Cheathrú Rua
LÍON MAC LÉINN
10-12
DÁTA DEIRIDH A nGLACFAR LE hIARRATAIS
Oscailte
Foirm iarratais agus tuilleadh eolais le fáil anseo.