Baint an Aeir – Turas Ealaíne & Aeráide
Baint an Aeir – Turas Ealaíne & Aeráide
@ Carrchlós Áras Uí Chadhain
Lecture / Talk Suitable for FamiliesBaint an Aeir - Turas Ealaíne & Aeráide ar chósta na Ceathrún Rua
Satharn 9 Iúil 6 - 10pm
Bualadh le chéile ag carrchlós Áras Uí Chadhain, an Cheathrú Rua: https://goo.gl/maps/erXxJj5734iYhXjN7
Saor in aisce. Cuir in áirithe ag https://www.eventbrite.com/e/baint-an-aeir-turas-ealaine-aeraide-tickets-373896132397
Tá an t-athrú aeráide ag cur athrú ar Chonamara. Céard atá i ndán dúinn? Agus cé a rachaidh i ngleic leis? Tar amach linn ar thuras ealaíne agus aeráide ar chósta thiar na Ceathrún Rua, áit a mbeimid ag seoladh saothair nua ealaíne le Seán Ó Flaithearta, Marcus Mac Conghail agus Paddy Bloomer, agus ag dul ar shiúlóid filíochta, foinn agus fírící aeráide leis na heolaithe Mícheál Ó Cinnéide agus Liz Coleman.
Arna choimeadú ag Ríonach Ní Néill, déanann Baint an Aeir machnamh ar an ghéarchéim aeráide, agus ar bhealaí le húsáid a bhaint as nósanna thraidisiúnta Chonamara, as an tírdhreach agus na hacmhainní nádúrtha atá ar fáil go háitiúil, chun todhchaí dícharbónaithe a bhaint amach.
AMCHLÁR
18:00: Caladh Thadhg : Seoladh an Dealbh Cumhachta Gealaigh le Paddy Bloomer, dealbh cinéiteach cumhachtaithe ag tuirbín taoide, ar chatamaran atá tógtha as sean-lannaí tuirbíní gaoithe.
18:30: Caladh Thadhg go Céibh an Dóilín : siúlóid treoirithe le Dr. Mícheál Ó Cinnéide ag déanamh plé ar thionchar an t-athrú aeráide ar thimpeallacht agus ar thírdhreach na Ceathrún Rua.
19:15: Céibh an Dóilín : Cúirt ar 'An Scailp' le Seán Ó Flaithearta & Marcus Mac Conghail, suiteán idirghníomhach ealaíne, fuaime & aeráide, inar féidir nóiméad de chaidreamh siombalach agus íogair a roinnt le daoine eile, gur féidir samhlú, freagairt agus machnamh a dheanamh ar an ngéarchéim aeráide.
20:00: Céibh an Dóilín go Trá an Dóilín : Siúlóid Spéirscéalta le Dr. Liz Coleman ag déanamh plé ar an cheangailt idir an t-aer a n-análaimid, an t-asmaféar agus an t-athrú aeráide.
21:15: Trá an Dóilín : Radharc amach ar an Dealbh Cumhachta Gealaigh ar Chuan an Fhir Mhóir, ceol nuachumtha le Caitríona Ní Chonaola agus Máirtin Breathnach, picnic cumhachtaithe ag Solar Structures. Cloisfimid faoin foscadh ginte fuinnimh atá á dhearadh ag Ríonach Ní Néill agus Aoife Casby don Pháirc Astro le nach mbeadh lucht leanta spóirt fuar ná fliuch a thuilleadh.
TABHAIR FAOI DEARA
Is imeacht amuigh faoin aeir é seo agus beidh muid ag siúl ar thalamh garbh cois cladaigh agus ar an trá. Moltar éadaí agus bróga cuí a chaitheamh. Má tá riachtanas soghluaiseacht agat, téigh i dteaghmháil le rionach@ciotog.ie
Níl spásanna páirceála ar fáil ar Chaladh Thadhg nó Céibh an Dóilín. Is féidir páirceáil ar chúl Áras Uí Chadhain agus beidh bus ar fáil chun taisteal idir na suíomhanna agus ar ais ag deireadh na hócáide. Is gá masc a chaitheamh ar an mbus.
Tá leithris poiblí ag Trá an Dóilín.
Beidh muid i mbun griangrafadóireachta & scannánaíochta ag an imeacht. Mura mian leat go mbeadh do íomhá á n-úsáid againn, déan teagmháil le ball foirne.
Baint an Aeir arna chrothú ag Ríonach Ní Néill, arna leiriú ag Ciotóg, arna mhaoiniú ag an Chiste Gníomh Cruthaíoch don Aeráid, atá á riar ag Éire Ildánach i gcomhpháirt le an Roinn Comhshaoil, Aeráide & Cumarsáide, agus arna thacú ag Údarás na Gaeltachta, Comharchumann Mhic Dara agus Pobal Rua.