![](/wp-content/themes/yootheme/cache/3f/DB48FE47-F34C-4B03-89C8-0DB42A1F5305-3f8fbc79.jpeg)
Bál na Gaeilge
Bál na Gaeilge
@ Kennedys
Seachtain na Gaeilge with EnergiaTá an Cumann Gaelach OCBÁC ag eagrú Bál na Gaeilge ar an 13ú Márta le haghaidh Seachtain na Gaeilge, ag bailiú aon mhaoiniú bhreise ar son na Pailistíne.
Táimid ag déanamh é i gcomhar le na coláistí eile i mBaile Átha Cliath. Le tacú ón gciste spreagtha, tá oíche den chéad scoth curtha le chéile, le DJ agus méarbhia i seomra ar bhun an tábhairne Kennedy’s ar Rae an Iarthair i lár na cathrach.
Tosnaíonn sé ag a 7 ac chlog agus beidh sé ag críochnú timpeall a 11:00. Is ócáid fhoirmeálta atá i gceist, agus beidh oraibh éadaí foirmeálta a chaitheamh don oíche.
Má tá éinne ag iarraidh freastal, téigh i dteagmháil lenár rúnaí Carla Ní Raghallaigh ar cumanngaelach@dcuclubsandsocs.ie nó carla_reilly1@icloud.com. Bígí linn!