Biongó, scéalaíocht, crosfhocail agus níos mó i leabharlanna Phort Láirge
Biongó, scéalaíocht, crosfhocail agus níos mó i leabharlanna Phort Láirge
@ Leabharlanna Phort Láirge
Seachtain na Gaeilge with EnergiaBeidh roinnt imeachtaí Gaeilge agus dátheangacha á n-eagrú ag an bhfoireann os na leabharlanna éagsúla sa chathair agus sa chontae sa choicís amach romhainn agus iad ar fad saor in aisce.
Beidh Bingó as Gaeilge á n-eagrú do scoileanna áitiúla i Leabharlanna Ard Chaoin, Charraig Phiarais agus Phort Lách agus is gá clárú roimh ré le do leabharlann áitiúil chun páirt a ghlacadh. Leanfaidh an Ciorcal Comhrá seachtainiúil ar aghaidh i Leabharlann Thrá Mhór gach Déardaoin le linn na coicíse agus ar an gCéadaoin, 6 Márta, beidh ócáid scéalaíochta agus cheardaíochta trí Ghaeilge á reáchtáil ag Leabharlann Thrá Mhór chomh maith. Beidh Leabharlann Bhóthar de Brún ag tabhairt chuireadh do ranganna ó scoileanna áitiúla páirt a ghlacadh in imeachtaí éagsúla as Gaeilge agus cuirfidh siad crosfhocail agus tóraíocht focal ar fáil do pháistí a thugann cuairt ar an Leabharlann ón 1-15ú Márta. Beidh réimse puzail agus crosfhocail as Gaeilge ar fáil i Leabharlann na Leasa Móire le linn na coicíse agus sa Lárleabharlann is féidir leat foghlaim faoi raon áiseanna foghlama Gaeilge ar líne agus beidh foireann na leabharlainne ar fáil chun a thaispeáint duit conas tosú. Ina theannta sin, reáchtálfaidh an Lárleabharlann seisiún faisnéise buail isteach leis an Oifigeach Gaeilge do Wikimedia Ireland, Amy O’Riordan, a labhróidh ar Vicipéid agus a thaispeánfaidh do dhaoine conas a oibríonn sé, conas clárú leis agus conas tús a chur le heagarthóireacht/scríbhneoireacht.
Tá stoc mór de leabhair Ghaeilge ag Leabharlanna Phort Láirge agus beidh na leabhair seo ar thaispeáint sna leabharlanna éagsúla le linn Seachtain na Gaeilge agus iachall faoi leith á cur ar dhaoine, idir óg agus aosta, leabhair Ghaeilge a léamh. Is féidir an t-eolas ar fad maidir leis na himeachtaí éagsúla atá á n-eagrú a fháil ó do Leabharlann áitiúil agus roinnfear iad chomh maith ar shuíomh gréasáin www.waterfordlibraries.ie agus ar na meáin shóisialta.