Bláthú 2024 – Tionól Riachtanais Speisialta Oideachais agus Cruinniú Ginearálta Bliantúil Gaeloideachas 2024
Bláthú 2024 – Tionól Riachtanais Speisialta Oideachais agus Cruinniú Ginearálta Bliantúil Gaeloideachas 2024
@ Óstán Athlone Springs
Lecture / TalkBeidh Bláthú 2024, Tionól ar Riachtanais Speisialta Oideachais atá á reáchtáil ag Gaeloideachas le tacaíocht ó COGG, agus Cruinniú Ginearálta Bliantúil Gaeloideachas ar siúl in Óstán Athlone Springs, Co. na hIarmhí, ar an 17 Aibreán 2024.
Tá súil againn ócáid fhiúntach spreagúil a reachtáil do mhúinteoirí naíonra, bunscoile agus iar-bhunscoile ina:
- roinnfear dea-chleachtais, smaointe agus leideanna praiticiúla le cur i bhfeidhm ina suíomhanna féin.
- beidh pléphainéal ann le ceisteanna a fhreagairt agus pléifear roinnt den taighde nua sa réimse seo.
- seolfar acmhainní nua a forbraíodh i bpáirt le hIonad Uathachais Middletown ar an lá freisin.
Tabharfaidh an ócáid seo deis dúinn plé a dhéanamh ar na bealaí gur féidir linn tacú le páistí a bhfuil riachtanais speisialta acu barr a gcumais a bhaint amach sa chóras oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.
Breis eolais agus clárúchán anseo: https://gaeloideachas.ie/blathu-2024/