Campa Locha Riach 27ú-31ú Iúil 2020
Campa Locha Riach 27ú-31ú Iúil 2020
@ Loch Riach Campa Samhraidh
Summer CampCampa ar líne
27ú Iúil- 31ú Iúil 2020
Do pháistí agus daoine óga aois 5-13!
Os rud é go bhfuil srianta Covid19 i bhfeidhm faoi láthair tá sé beartaithe ag Gaeilge Locha Riach campa samhraidh ar líne a reachtáil i mbliana. Sin ráite, tá deis speisialta agus saor in aisce ar fáil do dhaoine a bheith rannpháirteach! Mar aon le margadh le pacáiste samhraidh ar sladmhargadh!
Beidh ceardlanna curtha ar fáil do pháistí ag teagascóirí réamhthaifeadta agus beo ar ‘Zoom’ le cead a dtuismitheoirí. Beidh síntiús 9 euro le híoc chun clárú le pacáistí le trealamh don champa a fháil sa phost. Clárú roimh 17ú Iúil chun pacáiste a fháil sa phost le feadóg stáin, t-léine agus bronntanais speisialta!
Beidh sé saor in aisce clárú do na ranganna ar líne.
Beidh dhá champa á reachtáil againn an tseachtain seo (27ú-31ú Iúil), campa óg agus campa do dhaltaí níos sine. Beidh an campa óg ann ar feadh leath uair a chloig ag tosnú 10 r.n., 11r.n., 2i.n. Beidh an campa níos sine é reachtáil ag na hamanna; 10:30 r.n., 11:30r.n., 2:30 i.n. gach lá.
I measc na ceardlanna beidh; Ciorcail comhrá, Ealaín, Ceol- Feadóg Stáin, Amhránaíocht, Aclaíocht, Cócaireacht, Scéalaíocht, Tráth na gCeist/Biongó.
Tá an campa seo maoinithe ag Foras na Gaeilge.
Tuilleadh Eolais agus Clárúcháin: campalochariach@gmail.com