Ceardlann Idirnáisiúnta do scríbhneoirí Gaeilge ar Zoom
Ceardlann Idirnáisiúnta do scríbhneoirí Gaeilge ar Zoom
@ Cló Iar-Chonnacht
Online Lecture / TalkDé Sathairn, 20 Márta 2021 | 14.00 – 19.00 (am na hÉireann)
Stiúrthóirí na Ceardlainne: Micheál Ó Conghaile agus Micheál Ó Ruairc
Beidh an cheardlann seo dírithe ar scríbhneoirí Gaeilge atá in gcónaí taobh amuigh d’Éirinn agus nach mbíonn seans acu de ghnáth bualadh le scríbhneoirí Gaeilge eile lena saothar a phlé. Beidh fáilte roimh scríbhneoirí a bhfuil saothair foilsithe cheana acu agus roimh scríbhneoirí atá ag tosú. Beidh áit do ochtar ar an gceardlann.
Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann gearrscéal, dánta (suas le 3 dhán) sliocht as úrscéal nó sliocht próis (5-10 lch) nó splancscéal a sheoladh chuig Stiúrthóir CIC, Micheál Ó Conghaile ag moccic22@outlook.com ROIMH an 12 Márta 2021.
Beidh áit d’ochtar ar a mhéid ar an gceardlann. Níl aon táille i gceist don cheardlann seo.