![](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2023%2F02%2FQC-2023-copy.png%22%2C%22thumbnail%22%3A%22%2C%22%7D&hash=12049ebb)
Ceardlann Úrscéalaíochta le hÁine Ní Ghlinn
Ceardlann Úrscéalaíochta le hÁine Ní Ghlinn
@ Foirgneamh Newman
Seachtain na Gaeilge with Energia Arts and EntertainmentCá bhfuil úrscéal aiteach Gaeilge na mílaoise seo? An tusa a scríobhfaidh é? Bí linn ag an gceardlann seo agus cuir tús le d'úrscéal féin!
Bí linn don cheardlann seo le Laureate na nÓg Áine Ní Ghlinn agus í ag treorú an ghrúpa le smaointe a aimsiú agus a fhorbairt d'úrscéal do dhéagóirí a phléann le teacht in inmhe an duine aitigh.
Cláraigh ag https://www.eventbrite.ie/e/ceardlann-urscealaiochta-aag-le-haine-ni-ghlinn-tickets-520558533587
Clár an lae:
12:30-13:00 Ióga treoraithe
13:00-14:00 Picnic roinnte agus comhrá
14:00-15:30 Ceardlann úrscéalaíochta le hÁine Ní Ghlinn
Cad a bheidh ag teastáil uait?
- peann agus páipéar le páirt a ghlacadh sa cheardlann úrscéalaíochta
- éadaí compordacha má ghlacann tú páirt sa ióga
- bia éigin don lón - cuirfidh AerachAiteachGaelach cúpla rud breise ar fáil agus roinnfidh muid an bia ar fad le chéile i bpicnic.
Gabhaimid buíochas le Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD agus le Seachtain na Gaeilge le energia as a gcuid tacaíochta. Is é AerachAiteachGaelach atá ag reáchtáil na ceardlainne seo.
Ionad: B210, Foirgneamh Newman, Campas Belfield, UCD.