![](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2022%2F02%2F6629_ENE_SnaG_Logo_RGB_AW_Full-Colour_NoKeyline-4.png%22%2C%22thumbnail%22%3A%22%2C%22%7D&hash=0ea32593)
Ceolchoirm Ceoltóiri Óga Comhaltas Dhúiche Sheoigheach
Ceolchoirm Ceoltóiri Óga Comhaltas Dhúiche Sheoigheach
@ Seachtain na Gaeilge/Taibhdhearc na Gaillimhe
Event for the young Seachtain na Gaeilge with Energia Arts and EntertainmentGrúpa ceoltóirí óga (8-16bl d'aois) ó Chomhaltas Dhúiche Sheoigheach a thabhairt le chéile le ceolchoirm a chur ar stáitse i dTaibhdhearc na Gaillimhe (Amharlann Naisiúnta na Gaeilge) le linn Seachtain na Gaeilge. Tá grúpa Comhaltas Dhúiche Sheoigheach dul ó neart go neart ó athbhunaíodh é in 2017 agus cé go raibh tréimhse an dianghlásáil dúshlánach, chruthaigh an coiste bealaí éagsúla leis na ceoltóirí óga a choinneáil leis an gceol. Reáchtáiltear imeachtaí an ghrúpa uile, an ceolchoirm seo ina measc, trí ghaeilge. Tá na ceoltóir aitheanta, Ríona Ni Chonbhuí, ceaptha ag an gcoiste, chun an grúpa a stiúradh agus leis an gCeolchoirm a chur le chéile, ceolchoirm ina bhfuil meascán do dhamhas ar an seanós, amhránaíocht and ceol gaelach. Tá costas faoi leith ag titim ar an gcoiste chun an ceolchoirm seo a thabhairt le chéile, costas cíosa an Taibhdhearc san áireamh.
Meastar go mbeidh thart ar 30 gasúr páirteach sa gceolchoirm agus cuidíonn an cleachtadh agus an teacht le chéile le borradh a chur faoin gceol agus faoin gcúltúr. Tá an tionchar dearfach a bhíonn ag na ranganna ceoil agus an cleachtadh ar an nGaeilge i gceantar tearcforbartha imeallach le feiceáil agus an Ghaeilge le cloisteáil go tréan ag na ngrúpa seo.