![](/wp-content/themes/yootheme/cache/e6/lavery-homepage-test-srgb-e6646d5e.jpeg)
Ciorcal Comhrá: Ag taisteal in éineacht le John Lavery
Ciorcal Comhrá: Ag taisteal in éineacht le John Lavery
Conversation Group Lecture / Talk Arts and EntertainmentIs deis é Ciorcal Comhrá páirt a ghlacadh i gcomhrá i nGaeilge faoi théamaí a bhaineann le bailiúchán an Ghailearaí Náisiúnta nó le taispeántas sealadach.
Bígí linn le haghaidh comhrá ar líne i nGaeilge faoi thaispeántas Lavery. On Location. Tá an taispeántas ar siúl ón 7ú Deireadh Fómhair go dtí 14 Eanáir. Ba Phéintéir Éireannach é John Lavery a bhain clú agus cáil idirnáisiúnta amach ag tús an 20ú haois. Ba bhreá leis a bheith ag taisteal agus taispeánfaidh an taispeántas seo cuid de na háiteanna tábhachtacha a léirítear ina chuid ealaíne, ó Albain go Palm Springs. Pléifidh Caomhán Mac Con Iomaire agus Ruairí Sheannon roinnt de na saothair sula n-osclófar an t-urlár dóibh siúd ar mhaith leo a gcuid smaointe agus tuairimí a roinnt.
Ar ZOOM
Saor in aisce. Ní mór ticéid a chur in áirithe anseo.