![](/wp-content/themes/yootheme/cache/cb/Shelter-Collective-cbda0477.png)
Ciorcal Comhrá – ‘Foscadh’ á iniúchadh
Ciorcal Comhrá – ‘Foscadh’ á iniúchadh
Online Arts and EntertainmentIs deis é Ciorcal Comhrá páirt a ghlacadh i gcomhrá i nGaeilge faoi théamaí a bhaineann le Bailiúchán an Ghailearaí Náisiúnta nó le taispeántas sealadach. An mhí seo, beidh an t-ealaíontóir Geraldine O’Neill i mbun comhrá le Caomhán Mac Con Iomaire faoi thaispeántas sa Ghailearaí prionta darbh ainm ‘Shelter’. Tá Geraldine ar dhuine de chúigear atá mar bhall den ghrúpa ealaíontóirí ‘Shelter’. I measc na n-ealaíontóirí eile tá Diana Copperwhite, Allyson Keehan, Niamh McGuinne agus Sharon Murphy. Oibríonn na healaíontóirí go léir i ndisciplíní éagsúla ina measc tá péintéireacht, dealbhóireacht, prionta agus grianghrafadóireacht agus taispeántar a saothar le rogha gnáthrudaí ó bhailiúchán an Ghailearaí.
Tá an t-imeacht saor in aisce, ach ní mór áit a chur in áirithe. Beidh an ócáid ar siúl ar Zoom agus seolfar na sonraí logáil isteach chugat nuair a chuirfidh tú do thicéad in áirithe.
https://nationalgallery.ticketsolve.com/ticketbooth/shows/873638219