Dráma LADTA+ Gaeilge: Grindr, Saghdar agus Cher
Dráma LADTA+ Gaeilge: Grindr, Saghdar agus Cher
@ Axis, Baile Munna
Seachtain na Gaeilge with EnergiaTarraingíonn fear tuaithe anáil dhomhain agus tógann sé a chéad chéim riamh thar an tairseach isteach i mbeár aerach. Fulaingíonn leispiach imeacht ‘Build-a-Willy’ ag cóisir cearc le scata ban díreach. Tugann fear aiteach atá sa tóir ar an gcraiceann bearradh gruaige dó féin nach bhfeicfidh ach fear amháin eile…
Trí mhonalóg. Triúr carachtar LADTA+… Trí dhearcadh ar leith acu ar an saol…
“Grindr, Saghdar agus Cher is an absolute treat … stories that feel real and relevant and right now. What is most refreshing is how natural and normal it feels to have these tales told in Irish, celebrating a community that may not have been in your consciousness before.”
* * * * The Reviews Hub
"Ceardaithe focal iad triúr is léir, Ciara Ní É, Eoin Mc Evoy agus Sam Ó Fearraigh, filí, drámadóirí, scéalaithe, aisteoirí agus fir is mná paiteanta amharclainne."
Pat Butler ar Tuairisc.ie
Tá gliondar ar Axis dul i gcomhpháirt le hAerachAiteachGaelach chun an dráma greannmhar, gnéasach, machnamhach, dainséarach seo a léiriú.
Dráma Gaeilge agus fotheidil Bhéarla ar fáil - beir leat do chuid cairde nach bhfuil an Ghaeilge acu!
Ceannaigh ticéad duit féin (€15/€12) agus do chairde leat agus bígí linn: https://axisballymun.ticketsolve.com/ticketbooth/shows/1173652706