![](/wp-content/themes/yootheme/cache/37/Duchas-agus-Dochas-1-379ad7e8.jpeg)
Dúchas agus Dóchas – Amhráin Ghaeilge an Chláir.
Dúchas agus Dóchas – Amhráin Ghaeilge an Chláir.
@ Glór
Arts and EntertainmentBeatha Teanga í a Labhairt, Beatha Amhrán é a Rá!
Ó Oidhreacht na bhFilí, tré thréimhsí corraitheacha polaitiúla is imirce anuas go dtí athbheochan ceolmhar an lae inniú, tugann ‘Dúchas agus Dóchas’ ar thuras ceolmhar muid tré 350 bliain d’oidhreacht chultúrtha an Chláir. Seo chugaibh Gáir an Chláir, ós ard, le misneach agus le mórtas!
Ní inniu ná inné a thosaigh muintir an Chláir ag ceol agus cáil ar an gcontae dá réir ach in ainneoin na cáile sin agus cé gur mhinic fonn ceoil a bheith orainn, is beag amhrán i nGaeilge a chloistí. Cé gur coinníodh an ceol agus cuireadh leis an stór sin, cailleadh an teanga go tubaisteach agus chailleamar ár nglór ar aon, go dtí nach raibh fágtha againn ach Beidh Aonach Amárach... Nó b’shin an chosúlacht a bhí ar an scéal!
Tá os cionn 130 amhrán aimsithe, idir shean agus nua, agus tá an figiúr sin ag dul i méid i gcónaí: Corca Baiscinn, Cill Bhriocáin, Cill Mháille, Cill Mhichíl, Cill Dá Lua, Sráid na Cathrach, Inis Díomáin, Inis, Croisín, Leac an Éadain: tá seoda ar fáil ar fud an chontae! An grá, an pholaitíocht, an briseadh croí, an greann an iomáint is an pheil: cur síos ní hamháin ar stair an chontae ach ar mhianta agus ar mhodhanna an duine agus na pobail as ar fáisceadh muid. Tá muid dóchasach go spreagfaidh na hamhráin agus sna scéalta a bhaineann leo mórtas i measc amhránaithe, pobail agus paróistí éagsúla an chontae.
Bímís ag ceol!
Nuala Kennedy, Edel Vaughan, Tim Dennehy, Emer O'Flaherty, Aindrias de Staic, Binneas (buaiteoirí Ghael-Linn, 2023), Philip Fogarty, Therese Mc Inerney, Gráinne Cotter, Enda Haran agus a chairde, Seán Browne (rinceoir), Cadhla Brock, Síofra Ní Éilí Duggan, Alph Duggan, Conn Ó Muineacháin, Féilim Ó Coileáin, Caoimhe, Aoife agus Caitlín Shannon, Gaelscoil Mhichíl Chíosóig agus eile!
Ar siúl i nglór, Inis, 24 Samhain, 2023 ag 8pm
Ticked ar fáil ó http://surl.li/mwfub