Éigse Joe Steve – Ceardlann Scríbhneoireachta
Éigse Joe Steve – Ceardlann Scríbhneoireachta
@ Seanscoil Shailearna
Festival ClassBeidh an cheardlann seo dírithe den chuid is mó ar scríbhneoirí óga/nua nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn cumas scríbhneoireachta.
Tabharfar áit ar an gceardlann freisin, áfach, do dhornán scríbhneoirí aitheanta, rud a rachaidh chun leasa na scríbhneoirí óga agus na scríbhneoirí aitheanta araon.
Stiúrthóir na Ceardlainne: Micheál Ó Conghaile
Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann gearrscéal, dánta (suas le trí dhán) sliocht as úrscéal nó sliocht próis (5–10 lch) nó splancscéal a sheoladh chuig Micheál Ó Conghaile ag moccic22@outlook.com nó chuig Lochlainn Ó Tuairisg ag eagarthoir@cic.ie roimh 14 Samhain 2022.
Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann.
Seolfar saothar gach scríbhneora chuig gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann) roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh. Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim ó laigí agus ó bhuanna shaothar a chéile.
Beidh áit d’ochtar ar a mhéid ar an gceardlann. Níl aon táille i gceist don cheardlann seo ach beidh iarrthóirí freagrach as a gcuid costas taistil féin agus lóistín sa chás go mbeadh a leithéid i gceist.
Tuilleadh eolais anseo.