Féile Ealaíne an Earagail
Féile Ealaíne an Earagail
@ Earagail
FestivalAgus Féile Ealaíne an Earagail á reáchtáil den 35ú bliain, agus muid ag súil go mór le castáil libh arís aghaidh ar aghaidh i ndiaidh dhá fhéile a bhí an-difriúil, tá muid ag féachaint lenár machnamh a dhéanamh, foghlaim, forbairt agus fás.
Agus pleanáil á déanamh againn do na blianta atá romhainn, is mian linn deis a thabhairt daoibh an fhéile a mhúnlú, a bheith mar chuid den phlé ar an ealaín agus ar an chultúr, a bheith rannpháirteach san fhéile, cur léi agus a bheith cruthaitheach. Cibé cén scéal atá agat, tar inár láthair agus roinn linne agus leis an domhan mhór é.
In 2022 agus 2023, tiocfaidh tionscadail úra ar an fhód a bheidh dírithe ar dhaoine as gach cineál cúlra sa Tuaisceart agus san Iarthar; beidh siad tumthach, cuirfidh siad deiseanna rannpháirtíochta ar fáil agus tabharfaidh siad guth do phobail agus do scéalta mhuintir Dhún na nGall. Lena chois sin, déanfaidh ár dtriúr coimeádaithe óga, le cuidiú ó mheantóirí, a gcéad chlár a chur i láthair, rud a fhágfaidh go bhfíorófar na smaointe cruthaitheacha atá agus a bheidh acu.
Beidh níos mó imeachtaí sorcais agus ealaíona sráide ann, máistir-ranganna agus campaí ar cuairt sa chontae, agus beidh moil sorcais deireadh seachtaine le fáil in Inis Eoghain agus in oirthear Dhún na nGall. Beidh tionscadail VR i gceist fosta, ealaín ghraifítí, ceol, drámaíocht agus taispeántais, plé agus siúlóidí a threoróidh ealaíontóirí trí thírdhreach an chontae, agus ceiliúradh a bheas anseo ar fad ar an tsaol dúchais, an nádúr agus an cultúr sa chuid iontach seo den tír.
Tabharfaidh sibh faoi deara roinnt athruithe i dtaca leis an dóigh a gcuirfidh muid ar an eolas sibh faoin fhéile: beidh níos mó béime ar eolas faoin chlár a roinnt go digiteach agus ar áirithintí ar líne de bhrí go bhfuil muid ag iarraidh ár lorg carbóin a laghdú. Má tá riachtanais ar leith agaibh nó má tá cuidiú de dhíth oraibh le freastal ar na himeachtaí, nó más mian libh go díreach a rá linn cad iad na gnéithe den fhéile a thaitníonn agus nach dtaitníonn libh, ná bíodh leisce oraibh teagmháil a dhéanamh linn.
Thig linn é seo ar fad a chur i gcrích mar gheall ar an tacaíocht a chuireann sibhse, an lucht féachana, ar fáil, agus an tacaíocht ónár maoinitheoirí poiblí agus ónár n-urraitheoirí príobháideacha agus mar gheall ar na comhpháirtíochtaí úra agus seanbhunaithe le heagraíochtaí ealaíon agus pobail, ó Ráth Bhoth go Srath an Urláir agus Bealach Féich, ón Dún Riabhach go Málainn agus Carn Domhnach, agus ó Leitir Ceanainn go Baile na nGallóglach agus go dtí an Ghaeltacht agus oileáin iarthar Dhún na nGall.
Go raibh míle maith agaibh.
Agus fáilte romhaibh ar ais.
Tuilleadh eolais anseo