Féile na bhFlaitheartach 2023
Féile na bhFlaitheartach 2023
@ Inis Mór
FestivalCeiliúradh ar oidhreacht liteartha agus ar shaol na scríbhneoirí Árannacha Liam agus Tomás Ó Flaithearta atá sa bhféile bhliantúil seo. Ar an Satharn 26ú agus Domhnach 27ú Lúnasa a reachtáilfear é.
Is é 'Scéalaíocht Liam Uí Fhlaithearta' téama na bliana seo.
Beidh léacht agus cainteanna ann i mbliana faoi aistriúcháin ar ghearrscéalta le Liam agus taispeántas grianghrafanna de Liam agus a iníon Pegeen. Tabharfar léargas ar shaol an cheardchumannaí Mícheál Ó Maoláin as Árainn agus taispeáinfear scannán faoi shaol James Brendan Connolly, gaiscíoch spóirt Óilimpeach agus scríbhneoir bisiúil de bhunadh Inis Mór. Beidh taispeántas scil ársa crochadh clocha nirt mar imeacht núálach i mbliana: léifidh daoine óga ón oileán leagan Gaeilge agus Béarla de ghearrscéal le Liam Ó Flaithearta faoi chrochadh cloch. Tar éis caint faoin gcleachtadh traidisiúnta seo, crochfaidh lúthchleasaí an chloch nirt atá in aice le baile dúchais na bhFlaitheartach, Gort na gCapall.